Aguisíní le breithiúnas Hardiman Brmh in Ó Maicín v. Éire atá fágtha ar lár ón tuairisc oifigiúil

AuthorDáithí Mac Carthaigh - Seán Ó Conaill
Pages148-192
IRISH JUDICIAL STUDIES JOURNAL
148
[2020] Irish Judicial Studies Journal Vol 4(2)
148
AGUISÍNÍ LE BREITHIÚNAS HARDIMAN BRMH
IN
Ó MAICÍN V ÉIRE
[2014] 4 I.R. 477, AGUISÍNÍ
ATÁ FÁGTHA AR LÁR ÓN TUAIRISC OIFIGIÚIL
1
Achoimriú: Scrúdaíonn an t-alt seo an chuid sin de bhreithiúnas Hardiman Brmh san Chúirt Uachtarach
sa chás Ó Maicín v Éire a fágadh ar lár ón tuairisc oifigiúil agus a fhoilsítear anseo den chéad uair go poiblí
na hAguisiní sin sa dá theanga inar thug sé uaidh iad agus an gnáthchíoradh don chló déanta orthu. Bhain
an cás le teidlíocht cúisí ar díotáil ar cainteoir Gaeilge é go gcuirfí ar a thriail é os comhair giúiré dátheangach.
Scrúdaítear an teidlíocht sin sna haguisíní seo sa chomhthéacs idirnáisiúnta agus pléitear go mion na
meicníochtaí a chuirtear ag obair le breitheamh, giúiré agus ionchúisitheoir le Fraincis a chinntiú don chúisí
Fraincise in áiteanna i gCeanada ar mionlach fíorbheag iad lucht labhartha na Fraincise. Is cinnte gur
ceantar é seo a ndeanfar tuilleadh taighde agus obair pháirce ann.
Údar: Dáithí Mac Cárthaigh BL, Abhcóide le Dlí; Comhordaitheoir Dlí agus Gaeilge Óstaí an Rí; Údar
An Ghaeilge sa Dlí (Leabhar Breac, 2020), Dr Seán Ó Conaill, Stiúrthóir BCL (Dlí & Gaeilge) Scoil
An Dlí, Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Bhain an cás seo le teidlíocht chainteoir dúchais Gaeilge ar ghiúiré dátheangach a thuigfeadh
idir fhianaise agus óráidí a fhoireann dlí go díreach as Gaeilge seachas trí ateangaire le go
mbeadh sé ar chomhchéim os comhair na Cúirte leis an ionchúiseamh stáit a bhí á riaradh trí
Bhéarla. Dhiúltaigh an Chúirt Uachtarach don éileamh ar an ábhar nach bhféadfaí, faoi láthair
ar aon nós, giúiré dátheangach a bheadh sách ionadaíoch a chur le chéile do thriail an chúisí.
Is féidir breithiúnais an mhóraimh in Ó Maicín a chur le cásanna eile a cinneadh le blianta
beaga anuas ina bhfeictear éileamh ar an bpragmatachas breithiúnach maidir le cúrsa dlí agus
teanga.
2
Thug Hardiman Brmh, a bhí mar uachtarán na Cúirte, breithiúnas easaontach uaidh
i bhfabhar an iarratasóra. Bhraith sé ach go háirithe ar chleachtais Cheanada chun giúiré a
thuigeann Fraincis a chur le chéile in áiteanna ar mionlach beag iad lucht labhartha na
Fraincise. Thug sé suntas freisin do chleachtais ilteangacha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais
Eorpaigh agus do chearta teanga i nDlí an Aontais. Go dté na haguisíní seo chun leasa
fhorbairt na dlí-eolaíochta san ábhar seo.
Tionscnamh taighde amháin a thiocfadh leis na ceithre bhreithiúnas a tugadh in Ó Maicín is
ea tuilleadh taighde i ndáil le giúiré a roghnú i bpolaití le níos mó ná teanga oifigiúil amháin.
Ghlac móramh na Cúirte Uachtaraí in Ó Maicín leis, faoi mar a ghlac Cúirt Uachtarach roimhe
sin leis in Mac Cárthaigh v Éire (1998) T.É.T.S. 57, cás ar an dul céanna, go bhfágtar an cúisí
faoi mhíbhuntáiste agus é ag labhairt le giúiré trí ateangaire, ach chinn nach raibh réiteach
níos fearr ar fáil.
Lorg Mac Cárthaigh, mar athbhreithniú breithiúnach sa chéad áit agus níos déanaí mar
achomharc chun na Cúirte Uachtaraí, ordú ag treorú go mbeadh an giúiré ina chás sa Chúirt
Chuarda comhdhéanta de dhaoine a raibh ar a gcumas an Ghaeilge a thuiscint gan chúnamh
ó ateangaire. Theastaigh ón gCárthach a thaobh féin den chás a reáchtáil as Gaeilge. D’áitigh
sé trína abhcóide nach mbeadh an éifeacht chéanna leis na pointí a dhéanfaí ar a shon dá
gcaithfí iad a aistriú go Béarla ar dtús agus d’éiligh sé dá réir mura mbeadh Gaeilge ag gach
ball den ghiúiré go sárófaí a chuid cearta. Foráiltear le halt 6 d’Acht na nGiúiréithe 1976 go
bhfuil gach saoránach atá os cionn ocht mbliana déag d’aois agus a bhfuil a (h)ainm ar chlár
toghthóirí na Dála cáilithe agus faoi dhliteanas chun fónamh mar ghiúróir mura bhfuil
1
Tá an gnáth-chíoradh don chló déanta.
2
Séan Ó Conaill, ‘Judicial Pragmatism at the Expense of Language Rights: The Ó Maic ín Decision’ (2014)
Tráchtaireacht ar Thionscadal Bunreachtúil COC ar fáil ag <constitutionproject.ie/? p=309>
IRISH JUDICIAL STUDIES JOURNAL
149
[2020] Irish Judicial Studies Journal Vol 4(2)
149
neamh-inroghnaithe nó dícháilithe ar chúis eile. Níl aon cháilíocht teanga luaite sa
reachtaíocht áfach (sa Bhéarla nó sa Ghaeilge). Foráiltear le halt 11 gur cheart painéal giúróirí
a chur le chéile ar shlí randamach nó ar shlí neamh-idirdhealaitheach eile.
Foráiltear le hAirteagal 38.5 de Bhunreacht na hÉireann mar seo a leanas: Ní cead duine a
thriail in aon chúis choiriúil ach i láthair choiste tiomanta, ach amháin i gcás cionta a thriail
faoi alt 2 [cionta achomair] alt 3 [cúirteanna speisialta] nó alt 4 [binsí míleata] den Airteagal
seo. Scrúdaigh an Ard-Chúirt cad é go díreach is giúiré ann. Thagair Ó hAnluain Brmh do
réasúnaíocht Griffin Brmh,
3
sa chás de Burca v The Attorney General
4
agus ghlac leis an ráiteas
[that] the jury should be a body which is truly representative, and a fair cross-section of the
community. Le forbairt a dhéanamh maidir leis an gceist arb fhéidir giúiré a chur le chéile as
measc cainteoirí líofa Gaeilge amháin tharraing O’Hanlon Brmh as an gcás Meiriceánach
Taylor v Louisiana
5
inar dúradh Restricting jury service to only special groups or excluding
identifiable segments playing major roles in the community cannot be squared with the
constitutional concept of jury trial agus chinn sé dá ndeonódh sé an t-órdú a bhí á lorg ag
an gCárthach dó go bhfágfadh sé ar leataobh cuid an-mhór den phobal (idir bhéarlóirí gan
dóthain eolais ar an nGaeilge agus ghaeilgeoirí gan dóthain eolais ar théarmaí dlí na Gaeilge).
Tharraing sé aird freisin ar na fadhbanna praiticiúla a bhainfeadh le painéal giúróirí a chur le
chéile toisc an líon íseal cainteoirí Gaeilge i measc an mhórphobail (de réir an daonáirimh)
agus in éagmais aon liosta de na cainteoirí Gaeilge.
6
Sheas an Chúirt Uachtarach le cinneadh
Uí Anluain Brmh san Achomharc.
Cuireann Carey béim ar an tslí go dteipeann ar an gcinneadh seo míniú a thabhairt maidir le
cén fáth go bhfuil forlámhas thar Airteagal 8,
7
ina n-aithnítear an Ghaeilge go soiléir mar
phríomhtheanga oifigiúil an Stáit, ag smaointe nach bhfuil sainráite sa Bhunreacht ar nós
giúiré ionadaíoch ina bhfaightear trasghearradh ceart den phobal. D’áitigh Carey,
8
ag scríobh
dó in 2003, gur gá cothromaíocht cheart a bhaint amach idir ionadaíocht agus cearta teanga
agus mhol sé fiú dá mbeifí le seasamh leis an gcinneadh sa todhchaí go raibh sé ag siúl go
mbeadh bunús ní b’áitithí mar bhunús leis. D’áitigh Parry ‘[t]he result of this judgment is
that, despite the purported provisions of Art 8, there can be no serious argument that there
exists in Ireland the sort of institutionalised bilingualism that is to be found in Canada.
9
Sa
Bhreatain Bheag cuireadh argóintí den chineál céanna chun cinn gur cheart go mbeadh
painéil giúiróirí dátheangacha ann ionas go mbeadh an cosantóir ar mian leis an Bhreatnais a
úsáid in ann dul faoi thriail le giúiré a thuigfeadh an teanga gan aon ghá le hateangaire.
10
an chosúlacht ar an scéal áfach nár glacadh leis seo
11
ar an mbunús céanna le hÉirinn, mar
gur áitíodh go mbeadh ar a laghad ceithre chúigiú de phobal na Breataine Beaga á n-eisiamh
ar bhonn teanga.
12
3
[1998] T.É.T.S. 57 ag lch 61.
4
[1976] IR 38 ag lch 82.
5
(1975) 419 US 522 ag lch 530
6
[1998] T.É.T.S. 57 ag lch 63.
7
Gearoid Carey, ‘Criminal Trials and Language Rights: Pa rt II’ (2003) 13(2) Irish Criminal Law Journal 5, ag
lch 8.
8
ibid.
9
Gwynedd R. Parry, ‘An Important obligation of citizenship’: language, citizenship and jury service’ (2007)
27(2) Legal Studies 188 ag lch 199.
10
An Bre itheamh Onórach Roderick Evans ‘Bilingual Juries’ The Centre for Welsh Legal Affairs' Seventh
Annual Lecture, National Library of Wales, 25 Samhain 2006. 38 Cambrian Law Review 145.
11
Fógra ó Aire Dlí agus Cirt na Breataine Bige an 9 Márta 2010.
12
Lloyd Jones, Sir Da vid ‘The Machinery of Justice in a Changing Wales’, The Wales Office Annual Lecture,
lch 21.
IRISH JUDICIAL STUDIES JOURNAL
150
[2020] Irish Judicial Studies Journal Vol 4(2)
150
Ghlac an Chúirt Uachtarach d’aon ghuth in Mac Cárthaigh agus le móramh na mbreithiúna in
Ó Maicín
13
le fírinne an tsleachta seo a leanas as an alt acadúil No Hablo Ingles: Court
Interpretation as a Major Obstacle to Fairness for non-English Speaking Defendants le
Michael Shulman sa Vanderbilt Law Review:
14
When a defendant testifies in a criminal case, his testimony is critically
important to the jury's determination of his guilt or innocence. The first
noticeable difficulty in the present system of court interpretation is that non-
English speaking defendants are not judged on their own words. The words
attributed to the defendant are those of the interpreter. No matter how
accurate the interpretation is, the words are not the defendant's, nor is the
style, the syntax, or the emotion. Furthermore, some words are culturally
specific and, therefore, are incapable of being translated. Perfect
interpretations do not exist, as no interpretation will convey precisely the
same meaning as the original testimony. While juries should not attribute to
the defendant the exact wording of the interpretation and the emotion
expressed by the interpreter, they typically do just that
15
... Given that juries
often determine the defendant's guilt or innocence based on small nuances
of language or slight variations in emotion, how can it be fair for the
defendant to be judged on the words chosen and the emotion expressed by
the interpreter?
Scríobh an Chúirt Uachtarach in Mac Cárthaigh mar seo a leanas ag lch. 69 díreach tar éis
dóibh an mhéid thuas a leagan amach:
Tá sé sin fíor go leor, ach caithfear a rá, in Éirinn faoi láthair, nach bhfuil
réiteach níos fearr ann. Dá mbeadh ar gach ball den ghiúiré bheith in ann
cúrsaí dlí a thuiscint as Gaeilge gan cabhair ateangaire, chuirfí formhór de
mhuintir na hÉireann ar leataobh. Dhéanfadh sé sin sárú ar Airteagal 38.5
den Bhunreacht, mar a mhínigh an Chúirt Uachtarach é i gcás de Búrca v
Attorney General [1976] I.R. 38 agus The State (Byrne) v Frawley [1978] I.R. 326.
Tugaimid ar aird gur measa cás an chúisí a riarann a chosaint as Gaeilge trí ateangaire os
comhair giúiré ná cás an chúisí nach bhfuil ceachtar de theangacha an Stáit aige. Labhróidh
abhcóide an chúisí ón iasacht leis an ngiúiré go díreach as Béarla chun úsáid an ateangaire ag
an gcúisí a mhaolú. Labhróidh abhcóide an ghaeilgeora leo go hindíreach tríd an ateangaire
agus bainfear de an gléas is cumhachtaí dá bhfuil aige: a ghlór. Is ábhar suime é freisin gur
chuir an Chúirt in Mac Cárthaigh béim ar chúrsaí dlí a thuiscint i nGaeilge seachas ar
ghnáththuiscint ar an teanga. Níor cuireadh a leithéid de riachtanas chun cinn riamh maidir
le giúróirí le Béarla ó thaobh iad a bheith i dtaithí ar an réim teanga chasta shainiúil dhlíthiúil
sa Bhéarla os comhair cúirte.
Tagann spreagadh i gcomhair tuilleadh taighde ó bhreithiúnas Clarke Brmh (mar a bhí an
uair sin ann) in Ó Maicín ag 553:
I ndálaí reatha, agus fiú sna ceantair Ghaeltachta, ní fheictear domsa gur
cruthaíodh go mbeifí ábalta giúiré ag a mbeadh cumas dóthanach sa Ghaeilge
13
Hardiman Brmh ag 514-5, Clarke Brmh ag 546 (O’Donnell Brmh ag aontú).
14
[1993] 46, 175 ag 177.
15
Fágadh an abairt seo a leanas ar lár ón mbreithiúnas in Mac Cárthaigh: ‘In addition, American juries often are
biased against non-English speaking defendants; therefore, these defendants are disadvantaged from the outset
of the case.’

To continue reading

Request your trial

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT