Charities Act 2009 (Commencement) Order 2010. (Official Translation)

JurisdictionIreland
CitationIR SI 315/2010
Year2010

Foilsíodh fógra san Iris Oifigiúil an 2 Iúil, 2010 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 1(2) den Acht Carthanas 2009 (Uimh. 6 de 2009) (arna oiriúnú leis an Ordú Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2010 (I.R. Uimh. 215 de 2010), ordaímse, PADRAIG Ó CIARDHA, Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, leis seo mar a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um an Acht Carthanas 2009 (Tosach Feidhme) 2010 a ghairm den Ordú seo.

2. Is é an 26 lá de Meitheamh 2010 an lá a cheaptar mar an lá a thiocfaidh ailt 4 agus 90 den Acht Carthanas 2009 (Uimh. 6 de 2009) i ngníomh.

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

26 Meitheamh 2010.

PADRAIG Ó CIARDHA,

Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é).

Tugtar leis an Ordú seo tosach feidhme dalt 4 den Acht Carthanas 2009 ("an tAcht"). Is é an cuspóir atá leis an Ordú seo a cheadú don Aire orduithe nó rialacháin a dhéanamh faoin Acht — dhéanfadh tosach feidhme an tAire a chumasú rialacháin a dhéanamh roimh bhunú an Údaráis nua, dá measfaí gur cuí. Déanfar orduithe agus rialacháin a dhéanfar faoin Acht, ach amháin iad sin a dhéanfar faoi alt 1(2) nó alt (12), a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais. Féadfar Ordú nó rialachán faoin Acht seo a neamhniú má dhéanann ceachtar Teach laistigh de 21 lá rún a rith ag neamhniú ordaithe nó rialacháin den sórt sin.

Tugtar leis an Ordú seo freisin tosach feidhme dalt 90 den Acht Carthanas 2009 (“an tAcht”). Is é an cuspóir atá leis an Ordú seo...

To continue reading

Request your trial

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT