Ó Conaire v Breitheamh Dúiche Mac Gruairc and Others

JurisdictionIreland
JudgeO'Neill B. tughta
Judgment Date01 January 2010
Neutral Citation[2009] IEHC 430
CourtHigh Court
Date01 January 2010
Docket Number[2007 No. 1718,[2007 No. 1718 J.R.]

[2009] IEHC 430

AN ARD CH ÚIRT

[No. 1718 J.R./2007]
Ó Conaire v Breitheamh Dúiche Mac Gruairc & Ors
Stiofán Ó Conaire
Iarratasóir
agus
An Breitheamh Dúiche Uinsin Mac Gruairc, An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, Éire
agus
An tArd Aighne
Freagróirí

ROAD TRAFFIC ACT 1961 S49

ROAD TRAFFIC ACT 1994 S10

CONSTITUTION ART 8

MAC FHEARRAIGH, STATE v MAC GAMHNIA 1980-1998 IR (SR) 29 1980-1998 IR (SR) 99

O BEOLAIN v FAHY & ORS 2001 2 IR 279

DELAP v MIN FOR JUSTICE & AG 1980-1998 IR (SR) 46 1980-1998 IR (SR) 116 1990/6/1613

NI CHEALLAIGH v MIN FOR ENVIRONMENT & ORS 1980-1998 IR (SR) 52 1980-1998 IR (SR) 122

AG v COYNE & WALLACE 1967 101 ILTR 17

R v BEAULAC 1999 1 SCR 768

CONSTITUTION ART 25.4.4

O GRIOFAIN v EIRE & ORS UNREP CHARLETON 23.4.2009 2009 IEHC 188

O GRIBIN v CHOMHAIRLE MHUINTEOIREACHTA & ORS 2008 3 IR 266 2008 3 IR 281 2007/49/10401 2007 IEHC 454

O FOGHLUDHA & ORS v MCCLEAN 1934 IR 469

CONSTITUTION SAORSTAT EIREANN 1922 ART 4

O MURCHU v REGISTRAR OF COMPANIES & MIN FOR INDUSTRY 1980-1998 IR (SR) 42 1980-1998 IR (SR) 112

ROAD TRAFFIC ACT 1961 S55(2)(B)

ROAD TRAFFIC ACT 1961 S55(2)(A)

ROAD VEHICLES (INDEX MARKS) (AMDT) (NO 2) REGS 1986 SI 445/1986

CONSTITUTION ART 34.3.1

CONSTITUTION ART 40.3.1

CRIMINAL CODE OF CANADA S530(1)

CRIMINAL CODE OF CANADA S530(4)

CONSTITUTION

National language

Witness statements - Prosecution - Accused choosing Irish as language of prosecution - Witness statements in English only - Translation refused - Choice of language - Documents created by parties - Documents used by either party - Distinction between docuements required by both parties and documents created by one party - AG v Coyne and Wallace ( 1963) 101 ILTR 17 followed - Delap v Minister for Justice (1980-1998) IR (SR) 46 and Ó Beoláin v Fahy [2001 2 IR 279 distinguished - Constitution of Ireland 1937, Article 8 - Relief refused (2007/1718JR - Ó Neill J - 6./10/2009) [2009] IEHC 430

Ó Conaire v Breitheamh Mac Gruairc

1. Na faoisimh atáá lorg
2

1.1 Dheonaigh an Chúirt seo cead ar an 17ú Nollaig, 2007, chun dul i mbun imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh ag lorg na bhfaoiseamh seo a leanas:-

1

Dearbhú go bhfuil an cúisí ar mian leis a chosaint ar ionchúiseamh a riaradh as Gaeilge i dteideal na ráitis finné atá ag dul dó a fháil as Gaeilge go nullmhaí sé agus go riara sé a chosaint go huile agus go hiomlán as Gaeilge gan bhac, gan míbhuntáiste agus ar an mbonn céanna leis an té a bhíonn sásta an Béarla a úsáid.

2

Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar an dara freagróir ainmnithe agus/nó ar an tríú freagróir ainmnithe agus ar an gceathrú freagróir ainmnithe anseo tiontú oifigiúil Gaeilge ar na ráitis finné a ndearnadh nochtú orthu sa chás de bhun bileog cúisimh 460336 a chur ar fáil don iarratasóir go n-ullmhaí sé agus go riara sé a chosaint go huile agus go hiomlán as Gaeilge, a theanga dhúchais, an teanga náisiúnta agus príomhtheanga oifigiúil an Stáit gan bhac gan míbhuntáiste agus ar an mbonn céanna leis an té a bhíonn sásta an Béarla a úsáid i gcónaí.

3

Ordú certiorari ag cealú cinneadh an chéad fhreagróra nach bhfuil an tiarratasóir i dteideal tiontú oifigiúil Gaeilge ar na ráitis finné a ndearnadh nochtú orthu sa chás de bhun bileog chúisimh 460336.

4

Ordú mandamus ag tabhairt ar an dara freagróir nó ar an dtríú freagróir ainmnithe agus ar an gceathrú freagróir ainmnithe tiontú oifigiúil Gaeilge ar na ráitis finné a ndearnadh nochtú orthu sa chás de bhun bileog chúisimh 460336 a chur ar fáil don iarratasóir.

5

Ordú toirmisc ag cosc ar na freagróirí, a gcuid seirbhísigh agus gníomhairí, ó dhul ar aghaidh leis an ionchúiseamh de bhun bileog chúisimh 460336 go dtí go mbeidh tiontú oifigiúil Gaeilge ar na ráitis finné a ndearnadh nochtú orthu sa chás de bhun bileog chúisimh 460336 ar fáil don iarratasóir.

6

Ordú toirmisc ag cosc ar na freagróirí, a gcuid seirbhísigh agus gníomhairíÓ dhul ar aghaidh leis an ionchúiseamh de bhun bileog chúisimh 460336.

2. Na Fíricí
2

2.1 Is cainteoir dúchais Gaeilge ó Rosmuc, Contae na Gaillimhe, an t-iarratasóir sa chás seo, a bhfuil cónaí air anois i mBaile Átha Cliath. Ar an 23ú Eanair, 2006, cúisíodh é le cion in aghaidh alt 49 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961, mar atá leasaithe ag alt 10 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994. Tugadh os comhair an Chúirt Dúiche i mBaile Átha Cliath é maidir leis an gcion seo agus chuir sé in iúl don Chúirt gur mhian leis an cás a chosaint i nGaeilge.

3

2.2 Ar an 13ú Feabhra, 2006, dheonaigh an Chúirt seo cead don iarratasóir imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thionscain chun iad seo a leanas a fháil i nGaeilge: Rialacha na Cúirte Dúiche 1997; Achtanna agus ionstraimí reachtúla éagsúla; na bileoga chúisimh agus an teastas ón meaisín anáileadáin intoxilyser. Socraíodh an cás sin tar éis don Stáit aistriúcháin Ghaeilge ar na gcáipéisí thuasluaite a chur ar fáil dó.

4

2.3 Cuireadh an cás ar ais go dtí an Chúirt Dúiche. Ar an 15ú Deireadh Fómhair, 2007, do lorg an iarratasóir dáta trialach os comhair Breitheamh le Gaeilge agus ordú "Gary Doyle", a dheonaigh an freagróir chéad ainmnithe. Mar thoradh ar an ordú Gary Doyle sheol an dara freagróir ainmnithe dhá ráitis finné agus cóip den taifead coimeádta chuig an iarratasóir. Bhí an dá ráitis finné i mBéarla agus an cóip den taifead coimeádta i nGaeilge. Scríobh aturnaetha an t-iarratasóra litreacha ar an 22ú Samhain, 2007, agus ar an 5ú Nollaig, 2007, chuig an nGarda Ionchúisimh ag lorg aistriúcháin Gaeilge de na ráitis finné. Níor tugaadh aon fhreagra ar na litreacha seo.

5

2.4 Ar an 10ú Nollaig, 2007, nuair a tháinig an cás le héisteacht sa Chúirt Dúiche, rinne an t-iarratasóir iarratas don fhreagróir chéad ainmnithe go gcuirfí ar fáil aistriúcháin Gaeilge de na ráitis finné dó, ionas go mbeadh sé in ann a chosaint a ullmhú agus a stiúradh as Gaeilge. Dhiúltaigh an freagróir chéad ainmnithe don iarratas seo toisc go raibh sé den tuairim gur leor soláthar na háiseanna teangaireachta ó bhéal ar lá na trialach go slánófaí ceart an iarratasóra a chosaint a stiúradh as Gaeilge. D'eascair ceist ansin maidir le cruinneas an leagan Gaeilge den teastas ón meaisín anáileadáin intoxilyser agus cuireadh an cás ar atráth go dtí an 14ú Eanair, 2008, ionas go bhféadfadh an Stát aistriúchán cruinn den teastas ón meaisín anáileadáin intoxilyser a chur ar fáil.

6

2.5 Thionscain na himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh seo ar an 17ú Nollaig, 2007. I bhfógra forriarratas den dáta an 16ú Aibreáin, 2008, rinne an freagróir dara ainmnithe iarratas na himeachtaí seo a chur ar leataobh ar an mbonn gur míúsáid próisis a bhí iontu. Diúltaíodh don t-iarratas seo ar an 11ú Samhain, 2008.

3. Aighneachtaí na nAbhcóidí
2

3.1 D'aighnigh An tUasal Ó Tuathail A.S., thar ceann an iarratasóra, go raibh ceart bunreachtúil faoi Alt 8 agus/nó ceart faoin dlí coitianta cás a stiúradh as Gaeilge gan míbhuntáiste, gan chonstaic nó bhac agus gur sarú ar an gceart seo diúltiú do na ráitis finné a sholáthar. D'aighnigh sé nach raibh sé ag déanamh an cás nach bhfaighfeadh an iarratasóir triail chothrom, ach go raibh sarúá dhéanamh ar chearta teanga an iarratasóra. D'aighnigh sé gur chruthaigh cás An Stát (Mac Fhearraigh) v. MacGamhnia (1980-1998) T.É.T.S. 29 go mba chóir don té a roghnaíonn a chás a stiúradh as Gaeilge a bheith ar an leibhéal chéanna leis an té a roghnaíonn a chás a stiúradh as Béarla. D'aighnigh sé gur fhormheas an Chúirt Uachtarach leis an gcur chuige seo in Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 I.R. 279. Bhraith sé freisin ar Delap v. An tAire Dlí agus Cirt (1980-1998) T.É. 46, Ní Cheallaigh v. An tAire Comhshaoil (1980-1998) T.É. 52 and Attorney General v. Coyne and Wallace (1967) 101 I.L.T.R. 17 maidir le seo. D'áitigh An tUasal Ó Tuathail go mba chóir idirdhealú a tharraingt idir an teangeolaíocht agus an aistriúcháin, sa mhéid is dá n-aistreofadh an ateangaire an cháipéis sin sa Chúirt ar lá na trialach amháin, go mbeadh an t-iarratasóir fágtha gan deis deileáil leis an gcáipéis lena aturnae roimh an éisteacht.

3

3.2 Aigníodh go raibh soláthar na ráitis finné chomh tábhachtach nó níos tábhachtaí fiú amháin ná soláthar na rialacha cúirte nó Achtanna ábhartha, toisc go raibh siad lárnach do chosaint an cás ar leith déanta i gcoinne an duine cúisithe agus go mbeadh fíor-chonstac nó mhíbhuntáiste in aghaidh an iarratasóir dá mba rud é go raibh air a chás a chosaint gan aistriúchán dóibh curtha ar fáil roimh an trial. Fiú dá mbeadh anró riaracháin ag baint lena n-aistriúcháin, a d'áitigh An tUasal Ó Tuathail, ní fhéadfaíé seo a úsáid mar leithscéal gan iad a sholáthar. Bhraith sé ar an gcás Ceanadach, R. v. Beaulac (1999) 1 S.C.R. 768 maidir le seo.

4

3.3 Luaigh An tUasal Ó Tuathail go raibh nós ann an leabhar fianaise a sholáthar i nGaeile agus rinne sé tagairt do mhionscríbhinn aturnae an iarratasóra, An tUasal Mac Aodháin, arna mionniú an 18ú Nollaig, 2007, agus mionnscríbhinn an Uasail Ó Murchú, aturnae eile a chleachtann i nGaeilge, arna mionniú ar an dáta céanna, maidir le seo. D'áitigh sé gur mhian leis an Stát anois an nós seo a bhriseadh agus Béarla a bhrú ar an iarratasóir.

5

3.4 D'aighnigh An tUasal Ó Braonáin A.S., thar ceann an bhfhreagróir dara ainmnithe, nach raibh aon dualgas cóipeanna do ráitis finné a sholáthar do dhaoine cúisithe. Níor aontaigh sé go raibh nós ann aistriúchán don leabhar fianaise a sholáthar sa ghnáthchúrsa do dhuine cúisithe nó go bhfuil dualgas ghinearálta é sin a dhéanamh. D'áitigh sé go bhféadfaidh iarratas d'aistriúchán a dhéanamh i ngach cás, ach gan níos mó ná seo.

6

3.5 D'aighnigh sé go ndéanann ráitis finné suas bunús an cháis a chaithfidh an duine cúisithe freagra a thabhairt air ach, ina aighneasa, ní raibh sé léirithe ag an iarratasóir don Chúirt go dtiocfadh constac sa bhealach air mura n-aistreofadh na ráitis finné go Gaeilge. Luaigh sé go bhféadfaí glacadh leis mar thátal gur thuig sé...

To continue reading

Request your trial
1 books & journal articles
  • Case Note: Gaeilge Bhriste? Irish Language Rights in Ó Maicín v Ireland
    • Ireland
    • Trinity College Law Review No. XVIII-2015, January 2015
    • 1 January 2015
    ...in the Republic of Ireland and Canada: Lessons to be Learnt by Northern Ireland” (2013) TCLR 115. However, in Ó Conaire v MacGruairc [2009] IEHC 430, at para. 44, O’Neill J cautioned against direct comparison between the Irish and Canadian jurisdictions, noting that the legal bases for lang......

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT