Ó Conaire v Breitheamh Dúiche Mac Gruairc & DPP

JurisdictionIreland
JudgeÓ'Néill tugtha
Judgment Date11 November 2008
Neutral Citation[2008] IEHC 353
Date11 November 2008
CourtHigh Court
Docket Number[Uimh. 1718 J.R./2007]
Ó Conaire v Breitheamh Dúiche Mac Gruairc & DPP
Stiofán Ó'Conaire
Iarratasóir
Agus
An Breitheamh Dúiche Uinsin Mac Gruairc, An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, Éire
Agus
An tArd-Aighne
Freagróirí

[2008] IEHC 353

[Uimh. 1718 J.R./2007]

An Ard-Chúirt

JUDICIAL REVIEW

Misuse of process

Set aside leave - Test - Threshold - Previous proceedings - Relief not sought - Whether relief should have been sought in earlier proceedings - Whether applicant knew relief would be needed - Criminal trial - Application during course of trial - Exceptional circumstances - Adam v Minister for Justice [2001] 3 IR 53, Gordon v DPP [2002] 2 IR 369, Henderson v Henderson (1843) Hare 100, AA v Medical Council [2003] 4 IR 302 and DPP v Special Criminal Court [1999] 1 IR 60 applied - Respondent's application refused (2007/1718JR - O'Neill J - 11/11/2008) [2008] IEHC 353

Ó Conaire v Breitheamh Dúiche Mac Gruairc

ADAM v AIRE DLÍ & CIRT 2001 3 IR 53

GORDON v DPP & MCGUINNESS 2002 2 IR 369

HENDERSON v HENDERSON 3 HARE 100

A (A) v COMHAIRLE NA nDOCH ÚIRÍ LEIGHIS 2003 4 IR 302

CARROLL v RYAN & ROGERS & LAW SOCIETY OF IRELAND 2003 1 IR 309

JOHNSON v GORE WOOD & CO 2002 2 AC 1

WOODHOUSE v CONSIGNIA PLC 2002 1 WLR 2558

STI ÚRTH ÓIR IONCH ÚISEAMH POIBLÍ v AN CH ÚIRT CHOIRI ÚIL SPEISIALTA & WARD 1999 1 IR 60

Breithiúnas an Bhreithimh
Ó'Néill tugtha
ar an 11u Samhain 2008
1

Dheonaigh an Chúirt seo ( Ó'Néill Brmh.) ceadex parte ar 17u Nollaig, 2007 chun dul i mbun imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh ag lorg na bhfaoiseamh seo a leanas:

2

1. Dearbhú go bhfuil an cúisí ar mian leis a chosaint ar ionchúiseamh a riaradh as Gaeilge i dteideal na ráitis finné atá ag dul dó a fháil as Gaeilge go n-ullmhaí sé agus go riara sé a chosaint go huile agus go hiomlán as Gaeilge gan bhac, gan mhíbhuntáiste agus ar an mbonn céanna leis an té a bhíonn sásta an Béarla a úsáid.

3

2. Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar an dara freagróir ainmnithe agus/nó ar an tríú freagróir ainmnithe agus ar an gceathrú freagróir ainmnithe anseo aistriúchán oifígiúil Gaeilge ar na ráitis finné a ndearnadh nochtadh orthu sa chás de bhun bhileog chúisimh 460336 a chur ar fáil don iarratasóir go n-ullmhaí sé agus go riara sé a chosaint go huile agus go hiomlán as Gaeilge, a theanga dhúchais, an teanga náisiúnta agus príomhtheanga oifígiúil an Stáit, gan bhac, gan mhíbhuntáiste agus ar an mbonn céanna leis an té a bhíonn sásta an Béarla a úsáid i gcónaí.

4

3. Ordúcertiorari ag cealú cinneadh an chéad fhreagróra ainmnithe nach bhfuil an tiarratasóir i dteideal aistriúchán oifígiúil Gaeilge ar na ráitis finné a ndearnadh nochtadh orthu sa chás de bhun bhileog chúisimh 460336.

5

4. Ordúmandamus ag tabhairt ar an dara freagróir ainmnithe nó ar an dtríú freagróir ainmnithe agus ar an gceathrú freagróir ainmnithe aistriúchán oifigiúil Gaeilge ar na ráitis finné a ndearnadh nochtadh orthu sa chás de bhun bhileog chúisimh 460336 a chur ar fail don iarratasóir.

6

5. Ordú toirmisc ag cur cose ar na freagróirí, a gcuid seirbhíseach agus gníomhairí, dul ar aghaidh leis an ionchúiseamh de bhun bhileog chúisimh 460336 go dtí go mbeidh aistriúchán oifigiúil Gaeilge ar na ráitis finné a ndearnadh nochtadh orthu sa chás de bhun bhileog chúisimh 460336 ar fáil don iarratasóir.

7

I bhFógra Foriarratais dar dáta 16ú Aibreán, 2008 lorg an dara freagróir ainmnithe ordú chun an cead deonaithe sna himeachtaí seo a chur ar leataobh ar an mbonn gur míúsáid próisis a bhí iontu. D'éist mé leis an bhForiarratas seo ar 30ú Meitheamh, 2008.

8

Is tiománaí tacsaí agus cainteoir dúchais Gaeilge ó Ros Muc, Contae na Gaillimhe, an t-iarratasóir sa chás seo. Cúisíodh é ar an 23ú Eanáir, 2006 le tiomáint ar meisce agus tugadh ós comhair na Cúirte Dúiche i mBaile Átha Cliath é. Chuir sé in iúl don chúirt ar an lá sin gur mian leis é féin a chosaint as Gaeilge agus a chás a stiúradh trí Ghaeilge. Thionscain sé imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh sa chúirt seo ar 13ú Feabhra, 2006 ag lorg cáipéisíéagsúla as Gaeilge: Rialacha na Cúirte Dúiche 1997, Achtanna agus ionstraimí reachtúla éagsúla, na bileoga cúisimh agus an teastas ón meaisín anáileadáin intoxilyser. Socraíodh an cás sin tar éis don Stáit aistriúcháin Ghaeilge a fhoilsiú ar Rialacha na Cúirte Dúiche agus na hAchtanna ábhartha agus cóipeanna de na bileoga cúisimh agus cóip den teastas anáileadáin a chur ar fáil as Gaeilge.

9

Cuireadh an cás ar ais go dtí an Chúírt Dúiche ansin, áit ar lorg an t-iarratasóir dáta trialach ós comhair breitheamh le Gaeilge agus ordú "Gary Doyle". Rinne an Chúirt an t-ordú sin agus tugadh data trialach don iarratasóir. Mar thoradh ar an ordú Gary Doyle, sheol an dara freagróir ainmnithe dhá ráiteas finné agus cóip den taifead coimeádta chuig an iarratasóir. Bhí an dhá ráiteas finné i mBéarla. Scríobh aturnaetha an t-iarratasóra dhá litir chuig an nGarda Ionchúisimh ag lorg leaganacha Gaeilge de na ráitis fínné roimh an dáta trialach. Ní bhfuair siad aon fhreagra ar na litreacha seo.

10

Sa Chúirt Dúiche, rinneadh iarratas ar son an iarratasóra go gcuirfí ar fáil leaganacha Gaeilge de na ráitis finné i gceist, ionas go mbeadh an t-iarratasóir in ann a chás a stiúradh go hiomlán as Gaeilge. Aighníodh nár choir don triail dul ar aghaidh dá n-éagmais. Dhiúltaigh an chéad fhreagróir don iarratas ar an mbonn nach raibh an t-iarratasóir i dteideal leaganacha Gaeilge de na ráitis fínné a fháil. Chuir an chéad fhreagróir ainmnithe in iúl an tuairim gur leor na háiseanna teangaireachta ó bhéal a bhí ar fáil ar lá na trialach go slánófaí ceart an iarratasóra a chás a stiúradh as Gaeilge, gan mhíbhuntáiste agus ar an mbonn céanna leis an té a bhíonn sásta an Béarla a úsáid, in ainneoin nach raibh aistriúchán oifígiúil Gaeilge ar na ráitis finné aige roimh ré.

11

Thionscain an t-iarratasóir na himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh tar éis cinneadh an chéad fhreagróra ainmnithe.

12

An phríomhcheist a éiríonn san iarratas seo ná an bhfuil an teist ghéar, pléite thíos, sásaithe ag an dara freagróir, a chuirtear i bhfeidhm in iarratas chun cead deonaithe a chur ar leataobh. Tá dhá cheist choimhdeach nó fho-cheist ann chomh maith. Ar an gcéad dul síos, an raibh sé de cheart ag an iarratasóir na haistriúcháin de na ráitis fínné a lorg sna céad imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh agus dá mba rud é go raibh, an bhfuil bac air iad a lorg anois? Ar an dara dul síos, an féidir leis an iarratasóir teacht go dtí an Chúirt seo le linn cás choiriúil reatha sa Chúirt Dúiche no an raibh sé de cheart aige fanacht go dtí deireadh a thrialach le glaoch ar dhlínse athbhreithnithe bhreithiúnaigh na Cúirte seo?

13

Chuaigh an t-abhcóide don dara freagróir, An tUasal Ó Braonáin A.S., i muinín bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí inAdam v. Aire Dlí agus Cirt [2001] 3 I.R. 53 mar thaca leis an dtairiscint go mba chóir don chás seo a bheith curtha ar leataobh ar an mbonn gur mí-úsáid próisis atá ann. Sa chás sin fuair an Chúirt Uachtarach nár choir cead chun imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thionscnamh a scriosadh ach i gcásanna eisceachtúla amháin. Léiríonn an sliocht seo ó McGuinness Brmh. ag lch. 72 (Murray Brmh. ag aontú) an pointe:-

"…this jurisdiction [to set aside leave in judicial review proceedings] should only be exercised very sparingly and in a very plain case. The danger outlined by Bingham L.J. [in R. v. Secretary of State for the Home Department ex p. Chinoy [1991] C.O.D. 381]…would be equally applicable in the jurisdiction. One could envisage the growth of a new list of applications to discharge leave to be added to the already lengthy list of applications for leave. Each application would probably require considerable argument - perhaps with farther affidavits and/or discovery. Where leave was discharged, an appeal would lie to this court. If that appeal succeeded, the matter would return to the High Court for full hearing followed, in all probability, by a further appeal to this court. Such a procedure would result in a wasteful expenditure of court time and an...

To continue reading

Request your trial

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT