Dlí na Peile: Staidéar ar Dlí Fostaíochta sa Pheil Proifisiúnta

AuthorPaul Barry
PositionBCL (Law & Irish), University College Cork. LLM (Sports Law) Candidate, Nottingham Trent University
Pages97-107
97"
"
DLÍ NA PEILE
STAIDÉAR AR DLÍ FOSTAÍOCHTA SA PHEIL PROIFISIÚNTA
Paul Barry*
A RÉAMHRÁ
Nuair a smaoinímid ar dlí na fostaíochta, smaoinímid ar na rialacha atá ann chun cosanta a
thabhairt do dhaoine soghonta. Na daoine atá chun deiridh ó thaobh na fostaíochta de.
rithfeá leat, mar sin, gur spórt í an pheil, ag a bhfuil fostaithe bainteach léi a bhraitheann ar
chosaint an dlí. Sa lá atá inniu ann, ina dtuilleann peileadóirí suas le 20 milliún in aghaidh
na bliana, cheapfaí nach gá.1 Is eisceacht é seo, áfach. Lasmuigh d’ardaicme na peile, tá na
tuarastail i bhfad níos cóngaraí do ghnáthphá na ndaoine. I Sraith na hÉireann, tá an meán-
tuarastal níos lú ná 16,000 in aghaidh na bliana.2 Is thar séasúr daichead seachtain a
thuilltear an t-airgead sin. I 2013 chuir an Seanadóir, mar a bhí ag an am, Marc MacSharry
chun suntais an fhíric go raibh ar imreoirí Ruagairí Shligigh an leasa sóisialta a tharraingt an
chéad lá i ndiaidh gur éirigh leo an Corn FAI a bhaint amach i Staid Bhóthair Lansdúin.3 Is
léir, mar sin, go gcaithfí na modhanna céanna agus na córais chéanna a chur chun cinn mar a
gcuirfí le haghaidh na ngnáthdhaoine. Mar a fheicimid, tá spórt proifisiúnta faoi smacht
bunrialacha dlí na fostaíochta.4 Pléifear an dlí ó thaobh conarthaí, comhionannais, cuideachtaí
agus a thuilleadh de.
B STAIR NA PEILE PROIFISIÚNTA
Deirtear gurb iad na Sasanaigh bunaitheoirí na peile, ach ní fíor an ráiteas sin go hiomlán. Tá
réamhtheachtaí an spóirt le feiceáil sa Chianoirthear, sa tSín agus sa tSeapáin tuairim is dhá
mhíle bliain ó shin.5 In 1863 ansin, bunaíodh Cumann Peile Shasana - the Football
Association (FA) - i Londain, le rialacha caighdeánacha a dhéanamh in ionad na leagain
éagsúla don chluiche a bhí ann ar fud na tíre.6 Bhí coimhlint ann ar dtús maidir le
proifisiúntacht sa chluiche. Bhí na clubanna i dtuaisceart Shasana ina fabhar, ag tabhairt poist
agus pá breise dá n-imreoirí tríd na monarchan inar bunaíodh iad. Bhí na cumainn ón
deisceart ina coinne theastaigh cluiche amaitéarach uathu. Tugadh cead d’imreoirí
proifisiúnta imirt go foirmiúla in 1885, nuair a bhagair clubanna an tuaiscirt a scar agus
"""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""
* BCL (Law & Irish), University College Cork. LLM (Sports Law) Candidate, Nottingham Trent University.
1 Foireann an Guardian, ‘Lionel Messi agrees new deal worth £16m [20m] a year with Barcelona’ The
Guardian (Londain, 16 Be altaine 2014) <www.theguardian.com/football/2014/may/16/lionel-messi-barcelona>
faighte 4ú Márta 2016.
2 Emmet Malone, ‘PFAI looks to help Airtricity Le ague players supplement income’ The Irish Times (Baile
Átha Cliath, 14 Aibreán 2015) <www.irishtimes.com/sport/soccer/national-league/pfai-looks-to-help-airtricity-
league-players-supplement-income-1.2174569> faighte 4ú Márta 2016.
3 Díospóireacht an tSeanaid 05 Samhain 2013, iml 227, leabhar 4, lth 185.
4 Neville Cox & Alex Schuster, Sport and the Law (First Law 2004) 307 [Cox amach anseo].
5 ‘History of Football The Origins’ (FIFA) <www.fifa.com/classicfootball/history/the-game/origins.html>
faighte 22 Eanáir 2016.
6 ‘The History of the FA’ (The F A) <www.thefa.com/about-football-association/histo ry> faighte 22 Eanáir
2016.

To continue reading

Request your trial

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT