Donncha Ó Cuinn v an Taoiseach, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais and ors

JurisdictionIreland
JudgeBreitheamh Hogan
Judgment Date17 February 2017
Neutral Citation[2017] IECA 45
Docket NumberUimhir thaifid 2016/28
CourtCourt of Appeal (Ireland)
Date17 February 2017

[2017] IECA 45

AN CHÚIRT ACHOMHAIRC

Kelly U.

Hogan B.

Ní Raifeartaigh B.

Uimhir thaifid 2016/28

IDIR/
DONNCHA Ó CUINN
IARRATASÓIR/FREAGRÓIR
AGUS
AN TAOISEACH, AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT AGUS COMHIONANNAIS, AN tAIRE IOMPAIR, TURASÓIREACHTA AGUS SPÓIRT, ÉIRE

AGUS

AN tARD-AIGHNE,

AGUS

AN STIÚRTHOIRIONCHÚISEAMH POIBLÍ
FREAGRÓIRÍ/ACHOMHARCÓIRÍ
BREITHIÚNAS na CÚIRTE tugtha ag an Breitheamh Hogan ar an 17ú lá de mí Feabhra 2017
1

Is achomharc é seo atá tógtha ag an Stát i gcoinne breithiúnas na hArd-Chúirte inar chinn an chúirt go raibh an Stát ag sárú a chuid oibleagáidí bunreachtúla chun ionstraimí reachtúla áirithe a chur ar fáil don iarratasóir i gcomhthéacs ionchúiseamh atá ar feitheamh sa Chúirt Dúiche maidir le tiomáint faoi thionchar dí, agus, anuas ar sin, nár shásaigh an ráiteas asphrionta ón “Intoxilyzer” a bhí le fáil i mBéarla amháin, na riachtanais reachtúla áirithe. Tháinig na ceisteanna is cúis leis an achomharc seo ar an mbealach seo a leanas.

2

Sagart paróiste san Fhál Carrach, Contae Dún na nGall is ea an iarratasóir, an tAthair Ó Cúinn. Is cainteoir dúchasach Gaeilge é, agus bhí sé i gcónaí bunaithe i bparóistí Gaeltachta inar chomhlíon sé a chuid feidhmeanna eaglasta agus tréadacha tri mheán na Gaeilge. Cuireadh i leith an iarratasóir go raibh sé ag tiomáint faoi thionchar dí ar an 29 ú Márta 2014, i gcoinne le halt 49 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 (leasaithe). Diúltaíonn sé an líomhain sin agus tá sé ag cosaint an cúiseamh, atá ar athló sa Chúirt Dúiche Leitir Ceanainn. Tá an ionchúiseamh sin á dhéanamh tri Ghaeilge. Is é an cheist a bhun na himeachtaí seo ná an bhfuil, agus más amhlaidh, an méid go bhfuil, an ceart ag an iarratasóir an leagan Gaeilge d'ionstraimí reachtúla ar leith a fháil, toisc go bhfuil siad ábhartha agus riachtanach chun an cúiseamh sin a chosaint, dar leis.

Na himeachtaí san Ard Chúirt
3

Thosaigh na himeachtaí athbhreithniú breithiúnach seo ar an 12 ú Nollaig 2014 agus deonaíodh cead chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach ar an 17 ú Nollaig 2014 ag an Ard Chúirt (MacEochaidh B.). Anuas ar an ordú sin, rinneadh ordú a chuir bac ar an ionchúiseamh i leith tiomáint faoi thionchar di go dtí go mbeadh na himeachtaí seo cinntithe.

4

Is é aighneacht aturnae na hiarratasóra, an t-Uasal Uí Chanainn, atá leagtha amach sa mhionscríbhinn den 12 ú Nollaig 2014, ná nach raibh na haistriúcháin de na Rialacha Cúirte Dúiche (Fineálacha) 2012 (I.R. Uimh. 39 de 2012), nó de na Rialacha Cúirte Dúiche (Taifeadadh Imeachtaí) 2013 (I.R. Uimh. 99 de 2013) ar fáil tri Ghaeilge. Chomh maith le sin, mhaígh sé nach raibh an leagan Gaeilge ar fáil i leith an tOrdú Iompair (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 2011 (I.R. Uimh. 141 de 2011) nó na Rialacháin ar an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2010 (Alt 13)(An Fhoirm Forordaithe agus an Modh Forordaithe maidir le Ráitis) 2011 (I.R. Uimh. 541 de 2011)(“na Rialacháin 2011”).

5

Ina gcuid fógra freasúra dar dáta 5 ú Meitheamh 2015, dhiúltaigh na freagróirí go raibh siad ag sárú a gcuid dualgaisí reachtúla chun aistriúchán Gaeilge de cheachtar na Rialacha Cúirte Dúiche (Fineálacha) 2012 nó de na Rialacha Cúirte Dúiche (Taifeadadh Imeachtaí) 2013 a chur ar fáil. Léiríodh gur scríobh rúnaí príobháideach an Aire Dlí agus Cirt litir ar an 5 ú Meán Fomhair 2014 ( m.sh., roinnt míonna sular tús na himeachtaí) ag léiriú go raibh leaganacha Gaeilge de na hionstraimí reachtúla seo le fáil, agus, anuas ar sin, go raibh cóipeanna iniata leis an litir. Bhí sé pléadáilte ag an Stát chomh maith go raibh an dá den Ordú Iompair (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 2011, agus na Rialacháin 2011, le fáil anois, cé nach raibh siad foilsithe (go fóill) ag an dáta sin.

6

Ina theannta sin, ghlac Micheál Ó Cearúil, aistritheoir a bhí ceangailte leis an Roinn Dlí agus Cirt, mionn dar dáta 5 ú Meitheamh 2015, ina raibh cóipeanna de na haistriúcháin de na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach) 2008) 2010 (I.R. Uimh. 94 de 2010), na Rialacha Cúirte Dúiche (Imeaehta Shibhialta) 2014 (I.R. Uimh. 17 de 2014), an Ordú Iompair (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 2011 (I.R. Uimh. 141 de 2011), agus na Rialacháin ar an Acht um Thrácht ar Bhóithre 2010 (Alt 13)(An Fhoirm Forordaithe agus an Modh Forordaithe maidir le Ráitis) 2011 (I.R. Uimh. 541 de 2011) go léir taispeánta.

7

Ag an triail san Ard Chúirt, (Ni Anluain B.), rinneadh soiléir ag an iarratasóir nach raibh sé ag lorg anois ach dhá faoisimh shonracha den roinnt a bhí á lorg san fhógra iarratais. Ar an gcéad dui síos, bhí siad ag lorg dearbhú gur theip ar an Aire Dlí agus Cirt, Éireann, agus an Ard Aighne, ina gcuid dualgas bunreachtúil chun aistriúchán Gaeilge de Rialacha na Cúirte Dúiche áirithe, cé a aithníodh sa sceideal a ghabhann le fógra an iarratais, a chur ar fáil agus, ar an dara dui síos, nár ráiteas forordaithe chun eriche na Rialacháin 2011 é an ráiteas maidir le halt 13, ar a bhraith an ionchúiseamh, go háirithe toisc go raibh sé i mBéarla amháin.

8

Nil aon dabht ach gur ardaigh an chás seo saincheisteanna a d'fhéadfadh a bheith deacair, ar an gcéad dui síos, méid na hoibleagáide an Stáit chun aistriúchán Gaeilge d'ionstraim reachtúil (seachas Acht an Oireachtas) a chur ar fáil do chosantóir in imeachtaí coiriúla, agus, ar an dara dui síos, má's ráiteas forordaithe, ó thaobh na Rialacháin 2011 de, é an ráiteas asphrionta ón “Intoxilyzer”, a bhí le fáil i mBéarla amháin. Cé gur fíor é go ndearna an Chúirt Uachtarach fiosrú ar an gcéad cheist sa chás Ó Murchú v. An Taoiseach [2010] IESC 26, [2010] 4 I.R. 484, agus go mbreithníodh an dara cheist ag an Cúirt seo sa chás Director of Public Prosecutions v. Avadenei [2016] IECA 136, ni féidir a rá gur cheart na saincheisteanna sna himeachtaí seo a mheas mar cheisteanna simplí nó socraithe.

9

Go sonrach, de réir cinneadh na Cúirte Uachtaracha in Ó Múrchú, níl sé soiléir in aon chor go bhfuil an ceart ag an cosantóir in imeachtaí coiriúla chun aistriúchán Gaeilge d'ionstraim reachtúil ar leith a éileamh, gan bac le ceisteanna maidir le hábhartacht agus riachtanas. Chomh maith le sin, is léir go n-ardaiodh an dara cheist - a bhí pléite ag an Cúirt seo in Avadenei - ceist breise cibé an sásaíonn an ráiteas asphrionta ón “Intoxilyzer”, a bhí ar fáil sa leagan Béarla amháin, na ceangaltais in alt 13 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2010 agus na Rialacháin 2011, agus muna sásaíonn, an féidir an t-ionchúiseamh dui ar aghaidh mar sin féin. Ina leith sin, is fiú tabhairt faoi deara gur thóg an Ard Chúirt agus an Cúirt seo dearcthaí difriúla ar an geeist seo in Avadenei, agus anuas ar sin, gur dheonaigh an Chúirt Uachtarach cead chun achomhairc a dhéanamh i gcoinne cinneadh na Cúirte seo le déanaí.

Breithiúnas na hArd Chúirte
10

I mbreithiúnas forchoimeádta, arna sheachadadh ar an 11 ú Nollaig 2015, rinne breitheamh na trialach achoimre ar na saincheisteanna agus na hargóintí a bhí curtha chun cinn ag na pártaithe faoi seach, sular chinn sí ar son na hiarratasóra. Is é seo an méid a dúirt sí mar chonclúid, áfach:

“Tá an cás cruthaithe ag an iarratasóir i dtaobh na faoisimh a d'iarraidh ag uimh. 1 agus uimh. 7 den fhógra foriarratais. De réir mar a chuaigh an chás ar aghaidh, léirigh an t-Uasal Ó Tuathail nach raibh an iarratasóir ag iarraidh na faoisimh eile. Ní chuireann na faoisimh ag uimh. 1 agus uimh. 7 isteach ar an chás dul ar aghaidh sa Chúirt Dúiche i Leitir Ceanainn mí Eanair seo chugainn. Ni chuireann an bhreithiúnas seo isteach ar obair na Cúirte Dúiche in aon chur. Dheonóinn an dá dearbhú atá leagtha amach ag an iarratasóir ag uimh. 1 agus uimh. 7.”

Breithiúnas na hArd Chúirte agus an dualgas chun cúiseanna a leagaint amach
11

Níor thugadh aon cúiseanna leis na conclúidí seo. Deirtear ag na hiarratasóirí ina gcuid aighneachtaí go dtí an Chúirt seo gur chóir breithiúnas na hArd Chúirte a chur i leataobh ar an mbonn sin amháin. Is céim é seo nach nglacfainn ach le drogall mór, mar gheall ar an inmhianaitheacht go ndéanfadh an Cúirt seo ráiteas ar na saincheisteanna tábhachtacha a bhaineann leis an gcás seo. Bheadh tuilleadh moille agus tuilleadh costas i geeist le haon tarchur de na saincheisteanna seo, rud gur mhaith le héinne a sheachaint mura rud é go raibh sé fíor-riachtanach.

12

Go mí-ámharach, measaim gur céim é seo nach féidir a sheachaint. De réir gur dheonaíodh an chéad faoiseamh ag an Ard Chúirt, deonaíodh dearbhú a rá gur theip ar an Aire Dlí agus Cirt, Éire agus an Ard Aighne ina gcuid dualgas bunreachtúil chun aistriúchán Gaeilge de na hionstraimí reachtúla, a bhí leagtha amach i sceideal san fhógra iarratais, a chur ar fáil, eadhon, na Rialacha um an tAcht Um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach) 2008, 2010 (I.R. Uimh. 94 de 2010), na Rialacha Cúirte Dúiche (Fineálacha) 2012 (I.R. Uimh. 39 de 2012), na Rialacha Cúirte Dúiche (Taifeadadh Imeachtaí) 2013 (I.R. Uimh. 99 de 2013) agus na Rialacha Cúirte Dúiche (imeachta shibhialta) 2014 (I.R. Uimh. 17 de 2014).

13

Feictear domsa, áfach, gur cóir grinnscrúdú a dhéanamh ar na himpleachtaí a ghabhann le breithiúnas na Cúirte Uachtaracha sa chás Ó Múrchú sula bhféadfaí teacht ar aon chonclúidí den chineál seo. Ba aturnae é an iarratasóir in Ó Múrchú agus mhaígh sé, ar an gcéad dul síos, go raibh dualgas bunreachtúil ag an Stát chun gach ionstraim reachtúil a aistriú go Gaeilge, agus, ar an dara dui síos, ar aon nós, go raibh dualgas bunreachtúil chun na Rialacha Cúirte a aistriú laistigh de thréimhse réasúnach. D'easaontaigh an Chúirt Uachtarach leis an gcéad aighneacht, ach ghlac an Chúirt leis an dara pointe. Ach is léir ón sliocht seo thíos, ó...

To continue reading

Request your trial
1 cases
  • DPP v Connick
    • Ireland
    • Court of Appeal (Ireland)
    • 23 October 2017
    ...with which this case is concerned, the respondent has suggested that a recent decision of this Court is relevant. In DPP v. Riordan [2017] IECA 45 the appellant, who had twenty five previous convictions, received a sentence of five years with the final twelve months suspended in respect of ......

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT