Glann Mór Céibh Teoranta, Glann Mór Cuan Teoranta Agus Siobhán Denvir-Bairéad v an Taire Tithíochta, Pleanáil Agus Rialtas Áitiúil, an Bord Pleanála, Éire Agus an Tard-Aighne

JurisdictionIreland
JudgeUí Anluain
Judgment Date19 May 2021
Neutral Citation[2021] IEHC 363
Docket Number[Uimh. Thaifid: 2019/901 JR]
Year2021
CourtHigh Court
Idir
Glann Mór Céibh Teoranta, Glann Mór Cuan Teoranta Agus Siobhán Denvir-Bairéad
Iarratasóirí
and
An Taire Tithíochta, Pleanáil Agus Rialtas Áitiúil, An Bord Pleanála, Éire Agus An Tard-Aighne
Freagróirí

[2021] IEHC 363

[Uimh. Thaifid: 2019/901 JR]

AN ARD-CHÚIRT

ATHBHREITHNIÚ BHREITHIÚNACH

BREITHIÚNAS ón mBreitheamh Uí Anluain ar tugadh an 19ú lá de mhí na Bealtaine, 2021

I. Réamhrá
1

Baineann croílár an chúis seo le rochtain an phobail ar aistriúcháin nó tiontú oifigiúil sa phríomhtheanga oifigiúil ar Achtanna an Oireachtais agus Ionstraimí Reachtúla an Oireachtais chun tacú le daoine páirt a glacadh sa phróis chinnteoireachta, agus go háirithe sa phróis chinnteoireachta maidir leis an timpeallacht agus an comhshaol.

2

Is fochuideachta é an tIarratasóir céadainmnithe atá in úinéireacht an Iarratasóra dara-ainmnithe. Is í an tIarratasóir triú ainmnithe (agus a fear chéile) scairshealbhóirí na cuideachta seo (“ na hIarratasóirí” as seo amach).

3

Tá na páirtithe go léir ar aon intinn maidir le fíricí cú lra an Iarratais seo. Tá na hIarratasóirí ag iarraidh agóid a dhéanamh i gcoinne Uisce Éireann Teoranta gan Órdú Cheannaigh Éigeantaigh a dhéanamh i leith tailte áirithe atá lonnaithe ag Céibh an tSrutháin, an Ceathrú Rua, Contae na Gaillimhe, i gceantar Ghaeltacht Chonamara.

4

De réir an dlí is infheidhme, déantar aon agóid i gcoinne ordú dá leithéid sin a thaisceadh leis an mBord Pleanála. Féadfar don Bhord Pleanála éisteacht ó bhéal a sheoladh ar an ábhar. Ina theannta sin, de réir alt 135(8)(b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (“ an Phríomh-Acht” nó “an Acht ó 2000” as seo amach), nuair atá an fhorbairt laistigh den Ghaeltacht, seolfar an éisteacht trí mhéan na Gaeilge.

5

Tá ceart na nIarratasóirí chun a gcuid gnó a dhéanamh trí mhéan na Gaeilge ag croílár an chúis seo. Tá teidlíocht reachtúil ag na hIarratasóirí le héisteacht éisteacht trí mhéan na Gaeilge bronnta orthu de bhun alt 135(8)(b) den Acht ó 2000. Anuas air sin, áiríonn na hIarratasóirí go mbeidh deachrachtaí suntasach ann ag an éisteacht bhéil gan fáil ar leagan údarásach i nGaeilge de na hIonstraimí Reachtúla ábhartha.

6

De réir an Ráiteas is Gá mar Fhoras le hAghaigh Athbhreithniú Breithiúnach, is iad na faoisimh atá á lorg ag na hIarratasóirí ná:-

  • a) Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na bhFreagróirí céad, triú agus ceathrú-ainmnithe tiontú oifigiúil sa Phríomhtheanga oifigiúil ar an Planning and Developement (Amendment) Act, 2018 agus ar na hionstraimí reachtúla atá sonraithe sa sceideal a ghabhann leis an Ráiteas a cur amach agus a chur ar fáil do na hiarratasóirí.

  • b) Toirmeasc ar na bhFreagróirí dara-ainmnithe an éisteacht bhéil a oscailt nó aon chéim eile a tógáil i dtaobh an tOrdú Ceannaigh Éigeantaigh Uisce Éireann (Scéim Shéarachais na Ceathrún Rua), 2019 (uimhir tag. ABP-305519-19) go dtí go n-éistear agus go dtugtar an breithiúnas deiridh sa chúis seo.

  • c) Bac ar na bhFreagróir dara-ainmnithe an éisteacht béil a oscailt nó an chéim eile a thógáil i dtaobh an tOrdú Ceannaigh Éigeantaigh Uisce Éireann (Scéim Shéarachais na Ceathrún Rua), 2019 (uimhir tag. ABP-305519-19) go dtí go n-éistear agus go dtugtar an breithiúnas deiridh sa chúis seo.

  • d) Aon ordú cuí eile.

  • e) Costais.

II. Croineolaíocht Eachtraí

8ú Samhain 2018

Cheannaigh na hIarratasóirí céad agus dara-ainmnithe na tailte a airítear i bhFóilió 48981F Contae na Gaillimhe.

22ú & 27ú Samhain 2018

Rinne Uisce Éireann an tOrdú Ceannaigh Éigeantaigh Uisce Éireann (Scéim Shéarachais na Ceathrún Rua), 2018 (dá ngairfear “ an tOrdú 2018” anseo feasta).

27ú Samhain 2018

Scríobh oifigeach thar cheann Uisce Éireann, chuig an Iarratasóra céad-ainmnithe. Faoi iamh leis an litir sin bhí fógra i dtaobh an tOrdú 2018.

3ú & 4ú Eanáir 2019

Scríobh an tIarratasóir triú ainmnithe chuid Uisce Éireann thar cheann na nIarratasóirí ag lorg tiontú i nGaeilge den fhógra i dtaobh an tOrdú 2018 agus fógra a sheirbheáil ar Chuan chomh luath agus is féidir.

9ú Eanáir

Litir ó oifigeach thar cheann Uisce Éireann ag mínigh nach raibh dualgas ar Uisce Éireann fógraí a foilsiú i nGaeilge.

10ú Eanáir 2019

Sheirbheáil aturnaetha na nIarratasóirí Pointí Agóide ar an mBord Pleanála. D'iarraidh siad ar an mBord éisteacht béil a bhronnadh orthu.

21ú Eanáir 2019

Scríobh oifigeach thar cheann an Bord Pleanála chuig aturnaetha na nIarratasóirí agus duaradh leo de réir cosúlachta go raibh sé i gceist ag an mBord Pleanála éisteacht bhéil a eagrú i dtaca leis an tOrdú 2018 agus rinne sé tagairt d'alt 135(8)(b) d'Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.

15ú Feabhra 2019

Scríobh aturnaetha na nIarratasóirí chuig Uisce Éireann agus d'iarr siad tiontú údarásach den fhógra Ordú 2018 i nGaeilge.

15ú, 18ú, & 28ú Feabhra 2019

Scríobh na hIarratasóirí chuig Oifig Foilseacháin an Rialtais agus d'fhiafraigh siad an raibh leagan oifigiúil de na hionstraimí reachtúla a shonraíodh sna litreacha ar fáil i nGaeilge.

21ú Feabhra 2019

Scríobh an Bord Pleanála chuig aturnaetha na nIarratasóirí agus dúirt siad go mbeadh an éisteach bhéil á thionól ar 26ú Márta, 2019.

5ú Márta 2019

Scríobh aturnaetha na nIarratasóirí chuig na Freagróir céad agus ceathrú-ainmnithe agus d'fhiafraigh siad an raibh leagan oifigiúil nó tiontú oifigiúil i nGaeilge ar fáil de na hionstraimí reachtúla sonraithe sa litir.

8ú Márta 2019

Scríobh Oifig Foilseachán an Rialtais chuig aturnaetha na nIarratasóirí le r-phost agus dúirt siad nach raibh aon cheann de na hIonstraimí Reachtúla i gcóip chrua i nGaeilge ar fáil tríd an Oifig sin agus ba chóir aon cheist eile a bhí acu a bhain le cóip a fháil as Gaeilge a chur chuig na Ranna ábhartha a d'fhoilsigh na hIonstraimí Reachtúla.

11ú Márta 2019

Rinneadh iarratas ex parte thar cheann na nIarratasóirí i dtaobh cead le haghaidh athbhreithniú breithiúnach os comhair Ní Raifeartaigh Brtmh. (uimh. thaifid: 2019/145 JR) (na “ Céad Imeachtaí” amach anseo).

13ú Márta 2019

Eisíodh an fógra foriarratais sna Chéad Imeachtaí.

13ú Márta 2019

Scríobh oifigeach thar cheann Uisce Éireann chuid an Bord Pleanála ag tarraingt siar an tOrdú 2018.

16ú Aibreán 2019

Chuir an Bord Pleanála an tOrdú 2018 ar neamhní.

5ú Meán Fómhair 2019

Rinne Uisce Éireann an tOrdú Ceannaigh Éigeantaigh Uisce Éireann (Scéim Shéarachais na Ceathrún Rua), 2019 (dá ngairfear “ an tOrdú 2019” anseo feasta).

17ú Meán Fómhair 2019

Scríobh oifigeach thar cheann Uisce Éireann, chuig na hIarratasóirí céad agus dara-ainmnithe. Faoi iamh leis na litreacha sin bhí fógra i dtaobh an tOrdú 2019. Bhí na litreacha agus an fógra i nGaeilge agus i mBéarla.

31ú Deireadh Fómhair 2019

Chuir na hIarratasóirí Pointe Agóide faoi bhráid an Fhreagróra dara-ainmnithe ag cur i gcoinne Daingniú an Ordaithe 2019.

4ú Samhain 2019

Scríobh an Freagróir dara-ainmnithe chuid aturnaetha na nIarratasóirí agus chuir sé in iúl go raibh sé i gceist éisteach bhéil a eagrú maidir leis an tOrdú 2019. Chuir an Freagróir dara-ainmnithe in iúl go raibh sé i gceist an éisteacht bhéil a thionól trí mhéan na Gaeilge.

27ú Samhain 2019

Tháinig na Chéad Imeachtaí os comhair Ní Raifeartaigh Brthmh. agus cuireadh in iúl don Chúirt go raibh sé i gceist ag na hIarratasóirí iarratas a dhéanamh ar chead na himeachtaí sin a leasú i dtaobh an iarratais sin. D'ordaigh an Chúirt go ndéanfaí iarratas ex parte thar cheann na nIarratasóirí in imeachtaí nua i dtaobh cead le haghaidh athbhreithniú breithiúnach agus go rachadh na himeachtaí nua (na himeachtaí seo), le chéile leis na Céad Imeachtaí ina dhiaidh sin, dá ndéanfaí cead a dheonú.

11ú Nollaig 2019

Rinneadh iarratas ex parte thar cheann na nIarratasóirí i dtaobh cead le haghaidh athbhreithniú breithiúnach os comhair Ní Raifeartaigh Brmh. Dheonaigh an Chúirt cead i dtaobh na faoisimh sa Ráiteas is Gá le hAghaidh Athbhreithniú Breithiúnach.

20ú Nollaig 2019

Eisíodh an fógra foriarratais sna hImeachtaí seo.

18ú Feabhra 2020

Rinneadh iarratas ex parte thar cheann na nIarratasóirí le haghaidh cead an fógra foriarratais a leasú.

21ú Feabhra 2020

Eisíodh an fógra foriarratais leasaithe

26ú Márta 2020

Cuireadh siar na himeachtaí go ginearálta

16ú Samhain 2020

Fógra Freasúra comhdaithe

24ú Samhain 2020

Iarratas ar dháta don éisteacht seo

III. Aighneachtaí Thar Cheann na nIarratasóirí
7

De réir an abhcóide thar cheann na nIarratasóirí, tá teidlíocht reachtúil ag na hIarratasóirí ar an éisteacht bhéil atá bronnta orthu a bheith seolta trí mheán na Gaeilge faoi alt 135 (8) den Acht ó 2000. Ag eascairt ón méid sin, tá tiontú oifigiúil sa phríomhtheanga oifigiúil ar an tAcht ó 2000 (arna leasú) agus ar na hIonstraimí Reachtúla atá sonraithe sa sceideal don Ráiteas de dhíth orthu chun glacadh pháirt san éisteacht bhéil sin os comhair an Bord Pleanála.

8

Tá an téarmaíocht a bhainenn leis na hIonstraimí Reachtúla casta agus neamhghnách, agus tá slite difriúla chun aistriúchán a dhéanamh ar roinnt de na téarmaí iontu. Tá roinnt de na téarmaí cosúil lena chéile. Caithfear a bheith cinnte de go bhfuil ag gach aon duine ag baint úsáid as na téarmaí ceannann céanna. Anuas air sin caithfeadh na téarmaí céanna atá á n-úsáid sna rialacháin a úsáid toisc go bhfuil nasc idir na rialacháin agus na dualgais/oibleagáidí ata sna treoracha de chuid an Aontais Eorpaigh atá curtha i bhfeidhm leo.

9

Beidh deacrachtaí suntasacha ann ag an éisteacht bhéil gan leagan údarásach de na hIonstraimí Reachtúla ábhartha a bheith ar fáil i nGaeilge. Tá siad ag teastáil ó na hIarratasóirí ionas go mbeidh siad in ann agóid éifeachtach ar an Órdú Cheannaigh Éigeantaigh a ullmhú, a réiteach, a riar agus a stiúradh i gcomhairle lena bhfoireann gan chonstaic gan mhíbhuntáiste agus ar bhonn céanna leis an té a bhíonn sásta a leithéid a dhéanamh i mBéarla.

10

De réir an abhcóide thar cheann na nIarratasóirí, déanann an tAcht ó 2018 leasú ar Phríomh-Acht 2000, agus...

To continue reading

Request your trial

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT