Ó Gríofáin v Éire and Others

JurisdictionIreland
JudgeBhreithimh Charleton tugtha
Judgment Date23 April 2009
Neutral Citation[2009] IEHC 188
CourtHigh Court
Date23 April 2009

[2009] IEHC 188

AN ARD-CH ÚIRT

[Uimh. 45 J.R./2007]
Ó Gríofáin v Éire & Ors
ATHBHREITHNI Ú BREITHI ÚNACH
IDIR
TOMÁS Ó GRÍOFÁIN
IARRATAS ÓIR
AGUS
ÉIRE, AN tARD-AIGHNE, AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT, COMHIONANNAIS AGUS ATHCH ÓIRITHE DLÍ
AGUS
AN STI ÚRTH ÓIR IONCH ÚISEAMH POIBLÍ
FREAGR ÓIRÍ

CCR 2001

ROAD TRAFFIC ACT 1994 S17

DCR 1997

ROAD TRAFFIC ACT 1994 S12

MAC CARTHAIGH v EIRE & ORS UNREP CHARLETON 30.5.2008 2008 IEHC 158

MAC FHEARRAIGH, STAT v MAC GAMHNIA 1980-1998 IR (SR) 29

R v BEAULAC 1999 1 SCR 768

CRIMINAL CODE OF CANADA S530

DPP v GEASLEY UNREP CCA 24.3.2009 2009 IECCA 22

AG v COYNE & WALLACE 1967 101 ILTR 17

O BEOLAIN v FAHY & ORS 2001 2 IR 279 2001/18/4947

CONSTITUTION ART 25.4.4

CONSTITUTION

National language

Prosecution - Certificate of breath test - Unavailable in Irish - Risk of unfair trial - Whether accused entitled to printout in Irish - Whether risk of unfair trial - O Beoláin v Fahy [2001] 2 IR 279 followed - Relief refused (2007/453JR - Charleton J - 23/4/2009) [2009] IEHC 188

Ó Griofáin v Éire

1

1. Tá an t-iarratasóir ag iarraidh ionchúiseamh as tiomáint ar meisce a chosc trí chearta teanga a dhearbhú. Déanann sé agóid go háirithe nach ndearna an meaisín, a chuir léamh uathoibríoch ar fáil faoin leibhéal alcóil ina chorp, an fhoirm, a bhí le siniú mar admháil aige, a phriontáil i nGaeilge.

ÉILEAMH
2

2. Seo iad na horduithe atáá lorg:

2

"1. Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar an gcéad ar an dara agus ar an triú freagróir tiontú oifigiúil sa Phríomhtheanga oifigiúil ar na hIonstraimí Reachtúla atá leagtha amach sa sceideal leis seo arb iad Na Rialacha Cúirte Dúiche reatha iad a bhaineann le hábhar sa chás seo a chur amach agus a chur ar fáil don phobal trí chéile ar a n-áirítear an tIarratasóir ar théamaí nach lú a mbuntáiste ná na tearmaí faoinar cuireadh amach agus faoina gcuirtear ar fail an leagan oifigiúil Béarla.

2

Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar an gcéad ar an dara agus ar an triú freagróir tiontú oifigiúil sa Phríomhtheanga oifigiúil ar Na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 (I.R. 510/2001) maille lena leasuithe a chur amach agus a chur ar fáil don phobal trí chéile ar a n-áirítear an tIarratasóir ar théamaí nach lú a mbuntaiste ná na téarmaí faoinar cuireadh amach agus faoina gcuirtear ar fáil an leagan oifigiúil Béarla ó tharla go bhfuil ceart uathoibríoch ann acomharc a dhéanamh ón gCuirt Dúiche chuig an gCúirt Chuarda mar athéisteacht de novo i gcás coiriúil.

3

Dearbhú go bhfuil an saoránach lena n-áirítear an t-iarratasóir i dteideal leagain Ghaeilge/dátheangach (Gaeilge/Béarla) den deimhniú anailíse anála a eisíonn gaireas anála dá dtagraítear in alt 17 den Acht um Thráacht ar Bhóithre 1994 ar an ócáid agus ag an am a leagtar amach in alt 17 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994.

4

Dearbhú go bhfuil an saoránach lena n-áirítear an t-iarratasóir i dteideal leagain Gaeilge/dátheangach (Gaeilge/Béarla) den deimhniú anailíse anála a eisíonn gaireas anála dá dtagraítear in alt 17 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994 sa chás go lorgaíonn sé leagan oifigiúil Gaeilge/dátheangach (Gaeilge/Béarla) de agus go bhfuil an saoránach sin inniúil amhlaidh sa Ghaeilge.

5

Dearbhú nach féidir iallach a chur ar an saoránach leagan Béarla den deimhniú anailíse anála a eisíonn gaireas anála dá dtagraítear in alt 17 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994 a shíniú sa chás go lorgaíonn sé leagan oifigiúil Gaeilge/dátheangach (Gaeilge/Béarla) de agus go bhfuil an saoránach sin inniúil amhlaidh sa Ghaeilge.

6

Ordú Mandamus ag tabhairt ar an gcéad ar an dara agus/nó ar an triú freagróir tiontú oifigiúil sa Phríomhtheanga oifigiúil ar na hionstraimí reachtúla atá leagtha amach sa sceideal réamhráite leis seo arb iad Na Rialacha Cúirte Dúiche reatha iad a bhaineann le hábhar sa chás seo a chur amach agus a chur ar fáil don phobal trí chéile ar a n-áirítear an tIarratasóir ar théarmaí nach lú a mbuntáiste ná na téarmaí faoinar cuireadh amach agus faoina gcuirtear ar fáil an leagan oifigiúil Béarla.

7

Ordú Mandamus ag tabhairt ar an gcéad ar an dara agus ar an tríú freagróir tiontú oifigiúil sa Phríomhtheanga oifigiúil ar Na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 (I.R. 510/2001) maille lena leasuithe a chur amach agus a chur ar fáil don phobal trí chéile ar a n-áirítear an tIarratasóir ar théarmaí nach lú a mbuntaiste ná na téarmaí faoinar cuireadh amach agus faoina gcuirtear ar fáil an leagan oifigiúil Béarla.

8

Ordú Toirmisc ag cosc ar an gceathrú freagróir a chuid seirbhíseach agus gníomhairíó dhul ar aghaidh leis an ionchúiseamh sna cásanna uimhir R2134/580575 agus R3116G/580575 go dtí go mbeidh tiontu oifigiúil sa Phríomhtheanga oifigiúil ar na hionstraimí reachtúla uile atá leagtha amach sa sceideal réamhráite leis seo ar fáil don Iarratasóir.

9

Ordú Toirmisc ag cosc ar an gceathrú freagróir a chuid seirbhíseach agus gníomhairíó dhul ar aghaidh leis an ionchúiseamh sna cásanna uimhir R2134/580575 agus R3116G/580575 go dtí go mbeidh tiontú oifigiúil sa Phríomhtheanga oifigiúil ar Na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 (I.R. 510/2001) maille lena leasuithe ar fail don Iarratasóir.

10

Urghaire ag cosc ar an gceathrú freagróir a gcuid seirbhíseach agus gníomhairíó dhul ar aghaidh leis an ionchúiseamh sna cásanna uimhir R2134/580575 agus R3116G/580575 go dtí go n-éistear agus go dtugtar an bhreith dheiridh san Athnhreithniú Breithiúnach seo.

11

Aon ordú cuí eile

12

Costais na nImeachtaí seo."

FÍRICÍ
3

3. Ar an 4ú Márta, 2006 d'iarr an Garda James Downey ar an iarratasóir stopadh agus é ag tiomáint a ghluaisteáin, le cláruimhir 06 OY 1428, in aice le Whitehall, An Tulach Mhór, i gcontae Uíbh Fhailí. Bhí comhrá ann i mBéarla, mar gheall gur úsáid an t-iarratasóir an teanga sin. Bhain sé le ceanglais faoi alt 12 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994, chun tiománaithe a thástáil maidir leis an méid alcóil a bhíólta acu agus mar sin de. Agus an nós imeachta ábhartha á leanúint aige, bhí sé mar chonclúid ag an nGarda Dowling gur chóir dó an t-iarratasóir a ghabháil ar amhras go raibh sé ag tiomáint ar meisce. Tugadh chuig Stáisiún na nGardaí sa Tulach Mhór é, áit ar tugadh fógra um chearta dó i mBéarla. Ní dhearna sé agóid. Lean an comhrá ar aghaidh ar feadh tamaillín ina dhiaidh sin mar gheall go bhfuil am feithimh ag teastáil faoin nós imeachta sula mbaintear úsáid as meaisín anála chun tástáil a dhéanamh an bhfuil duine os cionn an teorainn ábhartha maidir le tiomáint ar meisce. Tugtar "intoxilyzer" ar an meaisín seo. Nuair a iarradh ar an iarratasóir dhá shampla anála a thabhairt, thosaigh sé ag labhairt i nGaeilge. Bhí an Garda Downing thar a bheith cúirtéiseach leis. Fuair sé scríbhinn chaighdeánach maidir le bheith ag plé leis an bpobal i gcásanna mar sin ó Stáisiún na nGardaí i Sráid an Mhuilinn i nGaillimh, stáisiún a dhéanann a chuid gnó oifigiúil ar fad, meabhráin inmheánacha san áireamh, i nGaeilge. D'úsáid séé seo chun beartaíochtaí breise a stiúradh trí Ghaeilge. D'iarr sé ar an iarratasóir samplaí dá anáil a thabhairt. Rinneadh é sin. Chuir an meaisín asphrionta ar fáil. Thaispeáin an ráiteas seo go raibh an iomarca alcóil ann. Cuireadh faoi bhráid an iarratasóra é agus iarradh admháil a shíníú faoi alt 17 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994. Dhiúltaigh sé ansin é a shíniú mar gheall gur chuir an meaisín an fhoirm ábhartha ar fáil i mBéarla.

4

4. Maíonn an meaisín go raibh an t-iarratasóir ag tiomáint agus an iomarca alcóil ina chorp, de réir mar a shocraítear sa reachtaíocht ábhartha. Deir an t-iarratasóir ina mhionnscríbhinn go bhfuil sé neamhchiontach as an gcúiseamh seo. Ní dhéanaim trácht ar bith maidir leis seo, mar gheall gur ábhar é sin don chúirt thrialach.

5

5. I ndiaidh na heachtra seo idir an Garda, an t-iarratasóir agus an meaisín, eisíodh toghairmeacha, scríofa i nGaeilge, ag leagan síos dáta i gcomhair trialach os comhair na Cúirte Dúiche ar dhá chúiseamh. B'iad sin, ar an gcéad dul síos, tiomáint ar meisce bunaithe ar a shampla anála agus, ar an dara dul síos, gan an ráiteas admhála den léamh alcóil a d'eisigh an meaisín a shíniú nuair ba gháé sin a dhéanamh. Ina theannta sin, thart ar bhliain i ndiaidh na n-imeachtaí seo, seoladh an ráiteas ón meaisín chuig an iarratasóir agus é aistrithe go Gaeilge.

6

6. Be é freagra an iarratasóra do na toghairmeacha seo ná dul i mbun comhfhreagrais ag iarraidh roinnt ionstraimí reachtúla ón Stát aistrithe go Gaeilge. Ina measc seo bhí Rialacha na Cúirte Dúiche agus Rialacha na Cúirte Cuarda agus líon mór ionstraimí reachtúla eile a bhain le táillí sa Chúirt Dúiche, dul i gcúirtbhanna agus fiú amháin rialacháin de chuid an Aontais Eorpaigh. Ní raibh aon ní sa litir óna aturnae a chuir in iúl conas a d'fhéadfadh sé go mbeadh siad ábhartha i ngnáthionchúiseamh, an rud atá i gceist anseo. Gan iad sin, tá locht bunúsach in argóint ar bith ina bhfuil éileamh á dhéanamh ar chearta teanga; MacCárthaigh v. Éire, [2008] I.E.H.C. 158. Bhí said seo ar fad ar fáil i nGaeilge, áfach, ach amháin Rialacha na Cúirte Cuarda. Níl an t-iarratasóir ar triail sa Chúirt Chuarda, áfach. Tá sé ar triail sa Chúirt Dúiche. Tá sé de cheart aige achomharac a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda, má chiontaítear é, ach tugann sé le fios go bhfuil sé neamhchiontach as an gcúiseamh. Táthar ag súil leis go mbainfear an ceartas amach agus tá an chúirt seo i dteideal a bheith dóchasach go ndéanfar sin. De réir mionnscríbhinn Mhichíl Uí Chearúil, scoláire léannta agus teisteoir iontaofa, tá Rialacha na Cúirte Cuarda gar do bheith aistrithe. Deirtear liom go ndéanfar leagan oifigiúil díobh a fhoilsiú an mhí seo chugainn. Ni bhaineann ach cuid de na rialacha seo le hachomhaire ón gCúirt Dúiche. Ar aon nós, beidh siad seo ar eolas ag dlíodóir inniúil ar bith.

Cearta Teanga
7

7. Táim sásta go bhfuil na freagróirí meáite ar theidlíocht iomlán an iarratasóra faoin mBunreacht a chur ar fáil...

To continue reading

Request your trial
8 cases
  • DPP v Avadenei
    • Ireland
    • Court of Appeal (Ireland)
    • 10 Mayo 2016
    ...IEHC 337; (Unreported High Court, Hedigan J., 7th July, 2009)). 37 Further, the Court's attention was also drawn to O Gríofáin v. Éire [2009] IEHC 188 (Unreported High Court, Charleton J., 23rd April, 2009) in which the applicant, a native Irish speaker, refused to sign a statement produce......
  • Ó Conaire v Breitheamh Dúiche Mac Gruairc and Others
    • Ireland
    • High Court
    • 1 Enero 2010
    ...v COYNE & WALLACE 1967 101 ILTR 17 R v BEAULAC 1999 1 SCR 768 CONSTITUTION ART 25.4.4 O GRIOFAIN v EIRE & ORS UNREP CHARLETON 23.4.2009 2009 IEHC 188 O GRIBIN v CHOMHAIRLE MHUINTEOIREACHTA & ORS 2008 3 IR 266 2008 3 IR 281 2007/49/10401 2007 IEHC 454 O FOGHLUDHA & ORS v MCCLEAN 1934 IR 4......
  • Re Petition for Adjudication of Bankruptcy by Governor and Company of Bank of Ireland Against Brian O'Donnell and Another
    • Ireland
    • High Court
    • 23 Agosto 2013
    ...MAOILEOIN v OFFICIAL ASSIGNEE 1989 IR 647 1989/3/644 COMPANIES ACT 1963 O GRIOFAIN v EIRE & ORS UNREP CHARLETON 23.4.2009 2009/45/11296 2009 IEHC 188 SOCIETY OF LLOYDS v LOUGHRAN UNREP FINLAY GEOGHEGAN 2.2.2004 2013/48/13618 RSC O.76 r19(1)(A) RSC O.76 r19(1)(G) RSC O.76 r19(4) BANKRUPTCY ......
  • Maher v DPP
    • Ireland
    • High Court
    • 22 Enero 2019
    ...to have been a very clear intention on the part of the legislature, following upon the decision of this court in Ó Gríofáin v Éire & Ors [2009] IEHC 188 (to which I refer in more detail below), to incorporate the Irish language into the procedure for the production of the Statements. Furth......
  • Request a trial to view additional results
1 books & journal articles
  • Truth To Be Told: Understanding Truth In The Age Of Post-Truth Politics
    • Ireland
    • Irish Judicial Studies Journal No. 1-19, January 2019
    • 1 Enero 2019
    ...Truth in Judicial Fact-Finding – Their Justified Divergence in Some Particular Cases’ (1999) 18(5) Law and Philosophy 497, 498. 17[2009] IEHC 188. But see also Beaulac v. The Queen and the Attorney General of Canada, [1999] 1 S.C.R. 768 (Can.), where the Supreme Court of Canada decided othe......

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT