Mac Aodháin v Éire and Others
Jurisdiction | Ireland |
Court | High Court |
Judge | Bhreithimh Clarke |
Judgment Date | 19 February 2010 |
Neutral Citation | [2010] IEHC 40 |
Docket Number | [2008 No. 532 JR] |
Date | 19 February 2010 |
[2010] IEHC 40
AN ARDCH ÚIRT
COURTS OF JUSTICE ACT 1924 S71
O MONACHAIN v AN TAOISEACH & ORS 1980-1998 IR SR 1 1980-1998 IR SR 71
CARLOW KILKENNY RADIO LTD & ORS v BROADCASTING CMSN OF IRELAND 2003 3 IR 528 2004 1 ILRM 161 2003/8/1714
ROONEYS APPLICATION, IN RE 1995 NI 398
R v SECRETARY OF STATE FOR HEALTH, EX PARTE HACKNEY LONDON BOROUGH COUNCIL & ORS UNREP BINGHAM 24.7.1994 1994 CA TRANSCRIPT 1037
AQUATECHNOLOGIE LTD v NATIONAL STANDARDS AUTHORITY OF IRELAND & ORS UNREP SUPREME 10.7.2000 2000/1/209
WALSHE, STATE v MURPHY & AG 1981 IR 275 1982/9/1576
COURTS OF JUSTICE ACT 1936 S51
MURPHY v DUBLIN CORP & MIN FOR LOCAL GOVT 1972 IR 215 1973 107 ILTR 65
AMBIORIX LTD & ORS v MIN FOR ENVIRONMENT & ORS 1992 1 IR 277 1992 ILRM 209 1991/7/1580
LEECH v INDEPENDENT NEWSPAPERS (IRL) LTD UNREP O'NEILL 28.5.2009 2009 IEHC 259
CONSTITUTION ART 28.4.3
MIN FOR EDUCATION v INFORMATION CMSR 2009 1 IR 588 2008/40/8659 2008 IEHC 279
PRACTICE AND PROCEDURE
Discovery
Relevance - Statutory requirement of judicial knowledge of Irish - Whether discovery relevant in judicial review proceedings - Ó Monacháin v An Taoiseache [1980-1998] TÉ 1; Carlow Kilkenny Radio Ltd v Broadcasting Commission of Ireland [2003] 3 IR 528; Re Rooney's Application [1995] NI 398; R v Health Secretary ex p Hackney London Borough Council (Unrep, Eng CA, 24/7/1994); Aquatechnologie Ltd v National Standards Authority of Ireland (Unrep, SC, 10/7/2000); State (Walshe) v Murphy [1981] IR 275; Murphy v Dublin Corporation [1972] IR 215; Minister for Education and Science v Information Commissioner [2008] IEHC 279, [2009] 1 IR 588 consdiered - Ambiorix v Minister for the Environment (No 1) [1992] 1 IR 277 applied - Leech v Independent Newspapers (Ireland) Ltd [2009] IEHC 259, [2009] 3 IR 766 followed - Courts of Justice Act 1924 (No 10), s 71- Discovery ordered (2008/532 JR - Clarke J - 19/2/2010) [2010] IEHC 40
Mac Aodháin v Éire agus ar eile
2 1.1 Is é atá sa bhreithiúnas seo ná ceist a bhaineann le follasú doiciméad a éiríonn as imeachtaí a ardaíonn ceisteanna tábhachtacha maidir le Breithiúna Dúiche a leithdháileadh ar dhúichíáirithe ina labhraítear Gaeilge.
3 1.2 Sna himeachtaí substaintiúla éilíonn an t-iarratasóir ("An tUasal Mac Aodháin") go bhfuil teidlíocht aige ar roinnt faoiseamh maidir le ceapachán an Bhreithimh Dúiche Zaidan Chuig Dúiche Uimh. I, mar aon le faoisimh eile a éiríonn as an méid teidlíochta a deirtear a bheith ag an Uasal Mac Aodháin ar ghnóáirithe cúirte a stiúradh trí Ghaeilge. Is iad na t-aon cheisteanna a éiríonn sna himeachtaí substaintiúla atáábharthach don iarratas seo ná iad sin a bhaineann le ceapachán an Bhreithimh Dúiche Zaidan chuig Dúiche Uimh. 1.
4 1.3 Sa chomhthéacs sin lorgaíonn an tUasal Mac Aodháin go ndéanfaí catagóir aonair doiciméad a fhollasú. Tugann na freagróirí ("an Stát") conspóid in aghaidh theidlíocht an Uasail Mhic Aodháin ar an bhfollasú sin. Dírím, mar sin, ar na saincheisteanna sonracha atá i gceist.
2 2.1 Lorgaíonn an tUasal Mac Aodháin go ndéanfaí an chatagóir seo a leanas de dhoiciméid a fhollasú:-
"Cáipéis ar bith a thug na freagróirí Stáit san áireamh agus forálacha alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais á meas ag na freagróirí Stáit í gcomhthéacs an Breitheamh léannta Zaidan a cheapadh ina bhreitheamh Dúiche do Dhúiche 1."
3 2.2 Deirtear go bhfuil doiciméid laistigh den chatagóir sin ábharthach don tsaincheist maidir le cibé ar chomhlíon an Stát a chuid oibleagáidí reachtúla maidir le ceapachán breithimh dúiche chuig Dúiche Uimh. 1, nó nár chomhlion. Sa chomhthéacs sin, tá sé iomchuí tagairt a dhéanamh d'alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924 ("Acht 1924"), ina ndéantar foráil mar seo a leanas:-
"Sa mhéid gur féidir é agus gach ní a bhaineann leis an scéal d'áireamh, beidh ag an mBreitheamh den Chúirt Dúithche, a ceapfar do Dhúthaigh ina bhfuil líomatáiste ina bhfuil an Ghaedhilg in úsaid ghenerálta, oiread eolais ar an nGaedhilg agus chuirfadh ar a chumas déanamh in éamais conganta o fhear teangan agus fianaise á tabhairt sa teangain sin."
4 2.3 Deirtear thar ceann an Uasail Mhic Aodháin (ag cur iontaoibh ar bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí in Ó Monacháin v. An Taoiseach agus Daoine Eile [1980 - 1998] T.É.T.S. 1), go bhfuil sé de dhualgas ar an Stát (cé nach dualgas iomlán é) féachaint lena chinntiú go mbeidh an leibhéal Gaeilge a éilítear le halt 71 ag breitheamh a cheapfar i limistéar Cúirte Dúiche ábharthach ina n-úsáidtear an Ghaeilge ar an mbealach a bhfuil cur síos déanta air san alt sin. Is léir go moltar san alt, sa mhéid is go bhfuil sé indéanta é sin a dhéanamh, go mbeadh an oiread eolais ar an nGaeilge ag Breitheamh Dúiche a cheaptar chuig limistéar den sórt sin is a chuirfeadh ar a chumas aon imeachtaí a bheadh os a chomhair nó os a comhair a stiúradh i nGaeilge gan aistritheoir a bheith ag teastáil uaidh nó uaithi. Ar mhaithe le cúrsaí tagartha tagróidh mé don chaighdeán Gaeilge sin mar an leibhéal reachtúil Gaeilge.
5 2.4 Sa mhéid is a bhaineann sé leis na faoisimh ábharthacha a éilítear, is é an cás atáá dhéanamh ag an Uasal Mac Aodháin, mar sin, ná go bhfuil teipthe ar an Stát, sa mhéid is go bhfuil indéanta, breitheamh a cheapadh a bhfuil an leibhéal reachtúil Gaeilge sin aige nó aici.
6 2.5 Ba chóir a thabhairt ar aird gur cuireadh fianaise os comhair na Cúirte thar ceann an Uasail Mhic Aodháin, san iarratas ar chead, a thug le fios nach raibh an leibhéal reachtúil Gaeilge ag an mBreitheamh Dúiche léannta atá i gceist. Ni thuigim gur thug an Stát conspóid in aghaidh na saincheiste sin mar ábhar fíorais. Ar an gcaoi chéanna, ní dhealraíonn sé go bhfuiltear á chonspóidiú gur dúiche í Dúiche Uimh. 1 lena mbaineann foráil alt 71. Sna himthosca sin is cosúil go nglactar leis go bhfuil dualgas ar an Stát, sa mhéid is go bhfuil sé indéanta, breitheamh a cheapadh chuig an dúiche sin a bhfuil an leibhéal reachtúil Gaeilge aige nó aici. Is i gcomhthéacs an fhíorais gur ceapadh breitheamh nach raibh an leibhéal reachtúil Gaeilge aige a éiríonn na saincheisteanna sna himeachtaí substaintiúla. Sa mhéid is a bhaineann sé leis an iarratas seo baineann na saincheisteanna ábharthacha leis na bearta nó na céimeanna, más ann dóibh, a ghlac an Stát le féachaint lena chuid dualgas faoi alt 71 a chomhlíonadh agus is ar na saincheisteanna sin a dhírítear an follasú.
7 2.6 Cuireann an Stát i gcoinne an iarratais ar fhollasú ar dhá bhonn. Ar an gcéad dul síos, deirtear nach bhfuil na doiciméid a iarrtar ábharthach. Ar an dara dul síos, deirtear gur chóir, mar gheall ar bheartas poiblí, nach dtreoródh an chúirt follasú na ndoiciméad iarrtha, fiú amháin má tá siad ábharthach. Molaim go ndéileálfaí le gach ceann de na saincheisteanna astu féin. Dírím ar dtús, mar sin, ar cheist na hábharthachta.
2 3.1 Faoin gceannteideal seo déanann an Stát an argóint nach mbeidh follasúábharthach de ghnáth in imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh, rud a chuireann an iontaoibh ar, i measc údaráis eile, bhreithiúnas Geoghegan Bh. in Carlow Kilkenny Radio Ltd. v. Broadcasting Commission of Ireland [2003] 3 I.R. 528 ag lch 531, áit a dúradh an méid seo a leanas:-
"It is trite law that judicial review is not concerned with the correctness of a decision, but rather with the way the decision is reached. It follows that the categories of document which a court would consider were necessary to be discovered will be much more confined than if the litigation related to the merits of the case."
3 3.2 Ar an mbunús sin déantar an argóint gur annamh a bheidh follasúábharthach, mar gheall go mbaineann athbhreithniú breithiúnach leis an bpróiseas cinnteoireachta seachas le tuillteanas an chinnidh. Déantar tagairt do shliocht eile ó bhreithiúnas Geoghegan Bh. in Carlow Kilkenny Radio, ag lch 537, áit a ndeirtear an méid seo a leanas:-
"discovery will not normally be regarded as necessary if the judicial review application is based on procedural impropriety as ordinarily that can be established without the benefit of discovery."
4 3.3 Ina theannta sin, táúdarás soiléir ag an tuairim nach féidir le gearánaí, i ngach cás (agus go háirithe in imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh), dearbhú lom gan bhunús a dhéanamh agus ansin éileamh a dhéanamh ar fhollasú doiciméad agus é nóí ag súil go bhféadfadh fianaise a bheith sna doiciméid sin chun tacú lena éileamh. Féach, mar shampla, Re Rooney's Application [1995] N.I. 398 ag 414-415 de réir Carswell L.J. agus R.v. Health Secretary ex p. Hackney London Borough Council (Neamhthuairiscithe, 29 Júil 1994).
5 3.4 Thrácht Murray Bh., in Aquatechnologie Ltd. v. National Standards Authority of Ireland [2000] I.E.S.C. 64, don cheist freisin ar an mbealach seo a leanas:-
"...an applicant for discovery must show it is reasonable for the Court to suppose that the documents contain information which may enable the applicant to advance his own case or to damage the case of his adversary. An applicant is not entitled to discovery based on mere speculation or on the basis of what has been traditionally characterised as a fishing expedition."
6 3.5Ó na húdaráis sin is cosúil go bhfuil sé tábhachtach in imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh, nuair a bhítear ag smaoineamh ar ábharthacht, a aithint conas a d'fhéadfadh an doiciméad atá i gceist a bheith ábharthach do na cineálacha sonracha saincheisteanna a thiocfaidh i gceist san iarratas ábharthach ar athbhreithniú breithiúnach seachas é a bheith ábharthach do na ceisteanna...
To continue reading
Request your trial-
Chubb European Group SE [Formerly Ace European] v Perrigo Company Plc
...IEHC 41. See also Morrissey v The National Asset Management Agency Ltd [2017] IEHC 193 151 See also cases such as MacAodhain v Ireland [2012] 1 IR 430; Carlow/Kilkenny Radio Limited v Broadcasting Commission [2003] 3 IR 528; Framus Limited v CRH PLC [2004] 2 IR 20 152 Boehringer Ingelheim P......
-
Arthropharm (Europe) Ltd v The Health Products Regulatory Authority
...Cooperative UA v. NTMA [2015] IECA 246. Thus Clark J. (as he then was) noted in MacAodháin v. Ireland and the Attorney General [2012] 1 IR 430 at paragraph 14: ‘… It seems clear that in judicial review proceedings it is important, when considering relevance, to identify how the document c......
-
Michael Lowry v Mr. Justice Michael Moriarty
...Ltd v Broadcasting Commission [2003] 3 IR 528; Fitzwilton Ltd v Mahon [2006] IEHC 48, (Unrep, Laffoy J, 16/2/2006); Mac Aodháin v Éire [2010] IEHC 40, [2012] 1 IR 430 and O'Callaghan v Mahon [2007] IESC 17, [2008] 2 IR 514 considered - Rules of the Superior Courts 1986 (SI 15/1986), O 31, ......
-
White v Bar Council of Ireland
...on discovery in judicial review proceedings as to whether the documentation must be or may be relevant. Thus in MacAodháin v. Ireland [2012] 1 I.R. 430, discovery was ordered by the High Court (Clarke J.) where there was (see para.12) ‘ a credible basis for believing that there may be relev......