MacAodháin v Coiste Rialacha Na nUaschúireanna and Others

JurisdictionIreland
JudgeBhreithimh Charleton tugtha ar
Judgment Date01 January 2010
Neutral Citation[2009] IEHC 541
CourtHigh Court
Docket Number[2008 No. 950
Date01 January 2010

[2009] IEHC 541

AN ARD-CH ÚIRT

[950 JR/2008]
MacAodháin v Coiste Rialacha Na nUaschúireanna & Ors
[2009] IEHC 541
ATHBHREITHNI Ú BREITHI ÚNACH
IDIR
COLM MacAODHÁIN
IARRATAS ÓIR
v.
COISTE RIALACHA NA nUASCH ÚIRTEANNA [MAR ATÁ LEAGTHA AMACH I SCEIDEAL 1], AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT, COMHIONANNAIS AGUS ATHCH ÓIRITHE DLÍ, ÉIRE AGUS AN tARD-AIGHNE
FREAGR ÓIRÍ

RSC O.120 r2

RSC O.120 r3

DCR O.3

CCR O.1 r6

RSC O.120

RSC O.120 r1

OFFICIAL LANGUAGES ACT 2003 S8(6)

RSC O.120 r5

O GRIOFAIN v EIRE & ORS UNREP CHARLETON 23.4.2009 2009 IEHC 188

LANGUAGE

Official language

Court proceedings - Pleadings - Requirement to provide translations - Additional expense - Discrimination - Whether requirement to provide translation into English of pleadings issued in Irish discriminatory - Ó Griofain v Éire [2009] IEHC 122 (Unrep, Charleton J, 23/4/2009) followed - Official Languages Act 2003 (No 32), s 8 - Rules of the Superior Courts 1986 (SI 15/1986), O 120 - Application for judicial review refused (2008/950JR - Charleton J - 18/12/2009) [2009] IEHC 541

MacAodháin v Coiste Rialacha na nUaschúirteanna

1

Bhreithimh Charleton tugtha ar an 18 Nollaig, 2009

2

1. Aturnae céimiúil is ea an gearánaí a dhéanann iarracht an oiread agus is féidir dá chuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Is iomaí cliant atá aige a bhfuil an Ghaeilge acu agus ar mian leo í a úsáid sa chúirt. Tugann sé an t-ábhar seo os comhair na cúirte chun faoiseamh dearbhaithe cuí a lorg ar an mbonn go gcuirtear bac ar dhoiciméid dlí i nGaeilge a sheirbheáil faoi O. 120, rialacha 2 agus 3 de Rialacha na nUaschúirteanna. Déanann sé argóint go bhfuil na rialacha claonta i dtreo úsáid an Bhéarla. Leithcheal is ea é seo, dar leis, nach bhfuil le feiceáil i Rialacha na Cúirte Dúiche nó Rialacha na Cúirte Cuarda mar shampla.

3

2. Sa Chúirt Dúiche, mar shampla, ní dhéantar iarracht ar bith teanga amháin a chur chun tosaigh ar theanga eile nó taobh thiar de theanga eile sna Rialacha Cúirte Dúiche 1977. Déantar foráil mar seo a leanas in Ordú 3:-

"Féadfar an teanga Náisiúnta nó an Béarla a úsáid in aon doiciméad cúirte nó le linn éisteacht aon chúise nóábhair."

4

3. Tá an éifeacht cheannann chéanna ag foráil i Rialacha na Cúirte Cuarda 2001 O. 1, r. 6. Agus é ag líomhain go bhfuil leithcheal neamhdhleathach ann, deir an t-iarratasóir go bhfuil difríocht mhór idir na forálacha seo agus foráil ábhartha Rialacha na nUaschúirteanna, agus dá réir sin go gcuirtear ualach neamhdhleathach air maidir lena cheart bunreachtúil an Ghaeilge a úsáid i ndoiciméad na cúirte agus os comhair na cúirte araon. Luaim anois an riail ábhartha ina hiomláine. O. 120 de Rialacha na nUaschúirteanna atá i gceist:-

5

2 "(1) Beidh cibé líon teangairí ar fáil a iarrfaidh an Príomh-Bhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte faoi seach ó am go ham, trí fhoréileamh i scríbhinn a dhíreofar chuig an Aire Dlí agus Cirt, agus freastalóidh na teangairí sin ar na Cúirteanna agus ar Oifigí na nUaschúirteanna agus beidh siad ar fáil chun freastal ar na Cúirteanna sin de réir mar is gá chun aon chúis nóábhar a éisteacht.

6

(2) Más i mBéarla a bheidh aon toghairm, achainí nó fógra a bheidh le seirbheáil go pearsanta sa Ghaeltacht féadfar aistriúchán Gaeilge uirthi/air a chur léi/leis, agus mura gcuirfear sin amhlaidh aistreoidh duine de na teangairí go Gaeilge í/é, agus beidh de cheangal ar an bpáirtí a bheidh ag seirbheáil na toghairme, na hachainí nó an fhógra sin aistriúchán Gaeilge a sheachadadh in éineacht leis an gcóip Bhéarla den doiciméad áirithe.

7

(3) Más i nGaeilge a bheidh aon toghairm, achainí nó fógra féadfar aistriúchán Béarla a chur ag gabháil leis an gcéanna, agus i gcás nach mbeidh an t-aistriúchán sin ag gabháil leis nó léi amhlaidh, aistreoidh duine de na teangairí go Béarla é, agus beidh de cheangal ar an bpáirtí a bheidh ag seirbheáil na toghairme, na hachainí nó an fhógra sin, aistriúchán Béarla a sheachadadh in éineacht leis an gcóip Ghaeilge den doiciméad áirithe.

8

(4) Déanfaidh duine de na teangairí mionnscríbhinn i mBéarla a chomhdóidh aon pháirtí sa Phríomh-Oifig, ar iarratas ó aon pháirtí eile san imeacht chéanna, a aistriú go Gaeilge, agus, mar a chéile, déanfar aon mhionnscríbhinn i nGaeilge a aistriú go Béarla, ar choinníoll go ndéanfaidh an páirtí a mbeidh an t-aistriúchán sin á iarraidh aige, nó a aturnae, dearbhú a chomhdú nach dtuigeann an páirtí sin an teanga ina bhfuil an mhionnscríbhinn sin comhdaithe. Beidh an páirtí a bheidh á iarraidh sin i dteideal cóip fhianaithe amháin a fháil den aistriúchán sin saor in aisce.

9

(5) San Ordú seo ciallóidh an abairt "an Ghaeltacht" an limistéar geografach ina mbeidh cibé ceantair d'Éirinn a dhearbhóidh an tOireachtas ó am go ham.

10

4. Cuireann Riail 1 de O. 120 dualgas dearfach ar an Stát aistritheoiríó Bhéarla go Gaeilge agus vice versa a chur ar fáil áit a bhfuil gá leo. I litir dar dáta an 10 Eanáir 2008, scríobh an t-iarratasóir chuig Príomhchláraitheoir na hArd-Chúirte, Príomhchláraitheoir na Cúirte Coiriúla Speisialta, agus Príomhchláraitheoir na Cúirte Achomhairc Choiriúil le hiarraidh orthu an mbíonn aistritheoirí mar sin ar fáil. Tugadh le fios san fhreagra dar dáta an 29 Eanáir 2008 go ndéantar aistritheoir a chur ar fáil nuair a chuirtear in iúl don Chúirt go bhfuil gá le haistriúchán. Ina mhionnscríbhinn forais, tá an méid seo a leanas le rá ag an iarratasóir maidir leis seo:-

"Is léir ón gcomhfhreagras a bhí agam le príomhchláraitheoirí Oifig na Cúirte Uachtaraí, na Príomhoifige, Oifig na Cúirte Achomhairc Choiriúil agus Oifig na Cúirte Coiriúla Speisialta nach bhfuil na teangairí sin ar fáil. Tagraím do chóip den chomhfhreagras seo atá bailithe le chéile agus a bhfuil CMacA1 breactha uirthi agus ar ar shínigh mé m'ainm sarar mhionnaigh méé seo.

Ó mo thaithí féin is ar an bpáirtí féin agus ar a fhoireann dlí a thiteann an t-uallach na haistriúcháin seo a chur ar fáil. Cuireann sé seo ceataí agus caiteachas breise orm agus ar mo chuid cliant Gaeilge thar mar a bheadh dá roghnóimis an Béarla a úsáid. Creidim gur sárúé seo ar alt 8(6) de Acht na dTeangacha Oifigiú la 2003.

Fiú dá mbeadh na teangairí réamhráite ar fáil chun na haistriúcháin seo a sholáthar is uallach breise oibre é nach bhfuil le comhlíonadh formhór mór na haimsire ach ag an té a théann chun dlí as Gaeilge seachas iadsan a bhíonn sásta i gcónaí dul chun dlí as Béarla. Ina theannta sin, cúisíonn an dualgas seo moill maidir le heisiúint agus le seirbheáil doiciméid dlíthíochta, rud a chuireann as do riaradh an Chirt go háirithe maidir le himeachtaí urghaire, m.sh."

11

5. Ina theannta sin, tá leithcheal ann de bhun alt 8 d'Acht na dTeangacha Oifigiú la 2003 dar leis. Déantar foráil mar seo a leanas in Alt 8 (6) go háirithe:-

"Nuair a bheidh teanga oifigiúil ar leith á roghnú ag duine lena húsáid in aon imeachtaí os comhair cúirte, ní chuirfidh an chúirt nó comhlacht poiblí aon cheataí nó caiteachas breise air nó uirthi thar mar a thabhófaí dá roghnódh sé nó sí an teanga oifigiúil eile a úsáid."

Forléiriú
12

6. Chun cuspóirí a argóinte, chuir an t-iarratasóir forléiriú ar O. 120, rr 2 agus 3 a bhí cheart, dar liom, ar an gcéad amharc. Maíonn sé go ndéantar foráil sna Rialacha go gcaithfear aistriúchán Béarla a chur le gach doiciméad Gaeilge de chuid na hArd-Chúirte agus de chuid na Cúirte Uachtaraí. De réir cosúlachta, déantar foráil in Ordú 120, r. 3 go bhfuil dualgas ar gach duine a bhaineann úsáid as an nGaeilge i ndoiciméad cúirte aistriúchán Béarla a chur ar fáil. Ar thaobh an fhreagróra, áfach, cuireadh síos ar an bhforáil seo den riail mar lex generalis, nár mhaolaigh ón riail speisialta in O. 120, r. 2. Agus an fhoráil sin de chuid na rialacha á forléiriú agam, tá sé de dhualgas orm forléiriú bunreachtúil a thabhairt uirthi, is é sin forléiriú nach ndéanann leithcheal orthu siúd a bhaineann úsáid as an nGaeilge. Bheadh sé contrártha don chiall choiteann, dar liom, go mbeadh dualgas ar dhuine a sheirbheálann doiciméad dlí a eisítear faoi údarás na hArd-Chúirte nó na Cúirte Uachtaraí sa Ghaeltacht, áit a labhraítear an Ghaeilge go forleathan, aistriúchán Béarla a chur ar fáil in éineacht le doiciméad Gaeilge.

13

7. Ina áit sin, bheadh sé ciallmhar, dar liom, O.120, r. 2 a fhorléiriú trí theorainn a bhunú timpeall na Gaeltachta, a dtugtar sainmhíniú uirthi in O. 120, r. 5, agus bheadh sé de dhualgas orthu siúd a sheirbheálann doiciméad laistigh den Ghaeltacht aistriúchán Gaeilge a chur ar fáil leis dá roghnóidís an doiciméad dlí sin a scríobh i mBéarla. Níl sé sonraithe in O. 120, r. 2, agus tá sé chomh hintuigthe sin sa téacs nach gáé a shonrú, nach gcaithfear aistriúchán Béarla a chur le doiciméad má roghnaítear an doiciméad sin a sheirbheáil i nGaeilge ar dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Ghaeltacht. Dá bhrí sin, is lex specialis é seo, mar atá ráite ag an bhfreagróir.

14

8. Dá bhrí sin déantar foráil sna rialacha go bhfuil sé de rogha ag duine a sheirbheálann pléadáil ar dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Ghaeltacht í a sheirbheáil i nGaeilge laistigh den Ghaeltacht. Ní gá aistriúchán Béarla a sholáthar má dhéantar amhlaidh. Má roghnaíonn duine doiciméad cúirte a sheirbheáil i mBéarla ar dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Ghaeltacht, is gá aistriúchán Gaeilge a chur ar fáil faoi réir na rialach speisialta a ndéantar foráil di in O....

To continue reading

Request your trial
1 cases

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT