MacCárthaigh v Éire and Others

JurisdictionIreland
JudgeBhreithimh Charleton
Judgment Date30 May 2008
Neutral Citation[2008] IEHC 158
Docket Number[Uimh. 611 J.R./2007]
CourtHigh Court
Date30 May 2008

[2008] IEHC 158

AN ARD-CH ÚIRT

[Uimh. 611 J.R./2007]
MacCárthaigh v Éire & Ors
ATHBHREITHNI Ú BREITHI ÚNACH
IDIR
RUAIRÍ MAC CÁRTHAIGH
IARRATAS ÓIR
AGUS
ÉIRE AGUS AN tARD-AIGHNE, AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT, COMHIONANNAIS AGUS ATHCH ÓIRITHE DLÍ, AGUS AN STI ÚRTH ÓIR IONCH ÚISEAMH POIBLÍ
FREAGR ÓIRÍ

RSC O.84

G v DPP 1994 1 IR 374

KEANE v BORD PLEANALA 1997 1 IR 184

ACHT RIALTAIS AITIUIL (PLEANAIL & FORBAIRT) 1992

ACHT NA NDIDEANAITHE 1996

ACHT INIMIRCE 1999

ACHT UM INIMIRCIGH NEAMHDHLEATHACHA (GAINNEAIL) 2000 S5

O'REILLY v CASSIDY 1995 1 ILRM 306

RSC O.84 r20

COINBHINSIUN NA HEORPA UM CHEARTA AN DUINE ART 6

ACHT UM CHOINBHINSIUN NA HEORPA UM CHEARTA AN DUINE 2003 S3

RSC O.84 r21(1)

O'DONNELL v DUN LAOGHAIRE CORP 1991 ILRM 301

ACHT UM THRACHT AR BHOITHRE 1994 S13

ACHT UM THRACHT AR BHOITHRE 1961 S49(8)

O BEOLAIN v FAHY & ORS 2001 2 IR 279 2001/18/4947

ACHT NA DTEANGACHA OIFIGIULA 2003

Ó GRÍBÍN v AN CHOMHAIRLE MH ÚINTEOIREACHTA, AN ROINN OIDEACHAIS AGUS EOLAÍOCHTA, ÉIRE AGUS AN tARD-AIGNEFREAGR ÓIRÍ UNREP MURPHY 21.12.2007 2007 IEHC 454

JUDICIAL REVIEW

Delay

Extension of time - Leave granted 2 years after charge, 1 year after trial date - Explanation for delay - Strength of case - Whether extension of time should be granted where no explanation for delay in seeking relief - Whether strength of grounds should cause discretion to be exercised in favour of applicant - Time not adverted to when leave sought ex parte - Whether application to be treated de novo - Rules of the Superior Court 1986 (SI 15/1986), O 84, r. 21(1) - Extension of time refused, leave struck out (2007/611JR - Charleton J - 30/5/2008) [2008] IEHC 158

Mac Cárthaigh v Éire

BREITHI ÚNAS an
Bhreithimh Charleton
tugtha ar 30 Bealtaine, 2008
1

Thug Clarke J. ceadex parte don iarratasóir imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a eisiúint ar 27 Bealtaine 2007. Éilíonn an t-iarratasóir ordú a shrianann a ionchúiseamh ar chúiseamh a bhaineann leis an reachtaíocht um thiomáint ar meisce maidir le diúltú sampla anála a thabhairt i mBealtaine 2005. Tá foriarratas curtha os comhair na cúirte ag na freagróirí chun éileamh an iarratasóra a dhíbhe mar thoradh ar an moill a bhí air ag cur tús leis na himeachtaí seo. Maíonn an t-iarratasóir go bhfuil na cearta a dhearbhaíonn sé chomh tábhachtach sin gur chóir an mhoill ar an iarratas seo a mhaitheamh. Nuair a rinneadh an t-iarratas ex parte ar Clarke J., maidir leis na cearta a dhearbhaítear anseo, níor thagair an mionnscríbhinn d'iarracht an iarratasóra déileáil le ceist na moille. Dearbhaíonn an t-iarratasóir gur mór an t-ualach anois ar na freagróirí an cás a dhíbhe de bharr go bhfuil orthu a thaispeáint nár chóir don Ard-Chúirt a bheith tar éis cead a thabhairt dó na himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thosú. Ar an lámh eile de, dearbhaíonn na freagróirí gur chóir don Chúirt seo an t-ábhar a phlé anois, amhail is dá mbeadh an t-iarratas seo á dhéanamh don chéad uair, mar nach ndearnadh an mhoill a phlé ag an gcéim ex parte.

2

Chun iarratas athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thosú faoi O. 84 de Rialacha na nUaschúirteanna, ní gá don iarratasóir ach foras inargóinte a thaispeáint i dáil le leigheas a lorg;G v. D.P.P. [1994] 1 I.R. 374. Tagaíodh i gceart dó seo mar chaighdeán measartha; Denham Brmh. ar lch.31. Is mór an chontrárthacht idir seo agus forais shubstaintiúla a thaispeáint, rud a fheidhmíonn faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt; Keane v. An Bord Pleanála [1997] 1 I.R. 184. Thug an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt) 1992 isteach an caighdeán a chuireann iallach ar iarratasóir ar athbhreithniú breithiúnach forais shubstaintiúla a chruthú sula dtabharfaidh an chúirt cead iarratas ar athbhreithniú breithiúnach a thabhairt. Cuireann an tástáil seo ar fhorais shubstaintiúla iallach ar iarratasóir argóint, nach argóint fhánach ná chaol í ach argóint thromchúiseach, a chur in iúl don chúirt. Rinneadh an tástáil seo a atáirgeadh ó shin i reachtaíocht eile, ach go háirithe sna hagóidí in aghaidh chinntí i leith daoine a bhfuil teipthe orthu os comhair na gcomhlachtaí reachtúla faoi Acht na nDídeanaithe 1996 a chruthú gur dídeanaithe iad, agus i ndáil le hiarratais eile faoin Acht Inimirce 1999; féach an tAcht um Inimircigh Neamhdhleathacha (Gáinneáil) 2000, alt 5.

3

Sa chás seo is lú caighdeán na tástála ó thaobh cead a thabhairt imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thosú; cé acu ar féidir nó nach féidir leis an iarratasóir a léiriú, más cruinn iad na fíorais a dhearbhaítear, go bhféadfaí go bhfuil a aighneacht dlí ar son an leighis ceart. Ní cuí don Ard-Chúirt, ag céim an cheada, ach glacadh leis go bhfuil mionnscríbhinn an iarratasóra ceart agus ansin a mheas an bhféadfadh an argóint dlí a bheith ceart; O'Reilly v. Judge John Cassidy [1995] 1 I.L.R.M. 306 ar lch. 308. Dá bharr sin ní cuí don Ard-Chúirt ag céim an cheada aon tuairim a nochtadh ar neart nó laige na bhforas a chuirtear ar aghaidh, ag glacadh leis go bhfuil siad inargóinte.

4

Sular cuireadh tús le Rialacha nua na nUaschúirteanna, agus ach go háirithe, O.84, a phléann le hiarratais ar athbhreithniú breithiúnach, de réir cleachtais bhí ar iarratasóir a bhí ag lorg an leighiscertiorari, cosc nómandamus, cás a bhunú ar chaighdeán níos airde ná an ceann reatha. Bhí sé sin amhlaidh mar dhéanadh an Chúirt, faoin leagan níos luaithe de Rialacha na nUaschúirteanna, ordú coinníollach a thabhairt maidir leis na leighis seo, seachas gan ach cead a thabhairt tús a chur le hiarratas, mar a tharlaíonn anois faoi O. 84 r.20 de na rialacha reatha.

5

Féadann cead a thabhairt chun tús a chur le hiarratas ar athbhreithniú breithiúnach dul i gcion go mór ar riar ceartais. Mar shampla, más é atá i gceist ná bailíocht shocrú de chuid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí leanúint ar aghaidh le seanchás éignithe nó mí-úsáide gnéasaí a ionchúiseamh, d'fhéadfadh blianta dul thart sular féidir an cás a chríochnú. Dá bharr sin is féidir cur isteach go mór ar cheart an phobail go ndéanfaí ionchúiseamh coiriúil a dhiúscairt go réasúnta tapaidh. Ós rud é gurb í an cheist i gcásanna moille mar seo ná an mhoill féin, cuireann an imeacht seo leis an éagóir, cé gur féidir amanna an beart sin a chosaint. Sa chás gurb í an cheist ná ceann maidir le cás le déanaí, pé acu ceist faoi fhinné nó faoi...

To continue reading

Request your trial
2 cases
  • Peadar Ó Maicín v Éire
    • Ireland
    • Supreme Court
    • 27 February 2014
    ... ... Nevertheless, it was said that the case of MacCarthaigh v. Eire  [1999] I.R. 200 showed that there were limitations on the rights which those who may wish to use Irish can enjoy. As such, the right to ... In modern Ireland there are many "new Irish" or others who happen to be in the jurisdiction exercising rights such as the right to work under the European Treaties. Such persons may be able to speak ... ...
  • Ó Gríofáin v Éire and Others
    • Ireland
    • High Court
    • 23 April 2009
    ...FREAGR ÓIRÍ CCR 2001 ROAD TRAFFIC ACT 1994 S17 DCR 1997 ROAD TRAFFIC ACT 1994 S12 MAC CARTHAIGH v EIRE & ORS UNREP CHARLETON 30.5.2008 2008 IEHC 158 MAC FHEARRAIGH, STAT v MAC GAMHNIA 1980-1998 IR (SR) 29 R v BEAULAC 1999 1 SCR 768 CRIMINAL CODE OF CANADA S530 DPP v GEASLEY UNREP CCA 24.3.2......

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT