Measúnú ar Thodhchaí an Dlí ar Ghinmhilleadh in Éirinn

AuthorCormac Hickey
PositionBCL (Law and French) II, University College Cork
Pages108-116
108"
"
MEASÚNÚ AR THODHCHAÍ AN DLÍ AR GHINMHILLEADH IN ÉIRINN
Cormac Hickey*
A RÉAMHRÁ
Faoi láthair, tá an dlí ar ghinmhilleadh in Éirinn faoi scrúdú. Bunaíodh an feachtas ‘Repeal
the Eighth’ chun Airteagail 40.3.3° (an fhoráil bhunreachtúil a bhaineann le ginmhilleadh) a
bhaint dár mBunreacht agus reachtaíocht a cheadódh ginmhilleadh a chur i bhfeidhm.
Achtaíodh an t-Ochtú Leasú de bharr buartha go leanfadh an Chúirt Uachtarach an cás
Meiriceánach Roe v Wade,1 chun an chirt chun ginmhillte a chruthú. Baineadh úsáid as
Griswold v Connecticut2 chun frithghiniúna a cheadú i McGee v Attorney General3 agus dá
bhrí sin, bunaíodh an Irish Family League i 1973 chun an choisc bunreachtúil ar
ghinmhilleadh a chruthú.4 pholaitiúil, chasta ab ea tús na n-ochtóidí agus mar gheall ar
sin, bhí sé cuíosach éasca brú a chur ar pholaiteoirí chun na forála bhunreachtúil a thabhairt
isteach.5 Bhí toradh ar obair an fheachtais agus d’éirigh leis an leasú ar vóta 66%-33%.6
Sula tháinig an t-Ochtú Leasú isteach i 1983, ba é an Offences Against the Person Act 1861 a
bhí i gceannas ar dhlí na hÉireann i leith ginmhillte.7 Níor cruthaíodh reachtaíocht nua chun
an leasaithe a chur i bhfeidhm go dtí 2013, nuair a tháinig an tAcht um Chosaint na Beatha le
linn Toirchis 2013 i bhfeidhm.8 Chruthaigh teip an Oireachtais aon reachtaíocht a chur i
bhfeidhm roinnt mhaith cásanna ina cuireadh dualgas ar na cúirteanna an dlí a chinntiú, an
cás tragóideach Attorney General v X san áireamh.9 Rud dodhéanta ab ea é cosaint chothrom
a thabhairt don dá cheart a chosnaítear in Airteagal 40.3.3° (ceart na mbeo gan breith chun a
mbeatha agus comhcheart na máthar chun a beatha)10 agus dá thoradh seo, cruthaíodh an
eisceacht sa chás i leith ginmhillite nuair atá idéú féinmháraithe ag an máthair.
"""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""""
* BCL (Law and French) II, University College Cork.
1 410 US 113 (1973).
2 381 US 479 (1965).
4 Sandra McAvoy, ‘From Anti-Amendment Campaigns to Demanding Reproductive Justice: The Changing
Landscape of Abortion Rig hts Activism in Ireland, 1983-2008’, in Jennifer Schweppe (ed), The Unborn Child,
Article 40.3.3 and Abortion in Ireland Twenty-Five Yea rs of Protection (The Liffey Press 2008) 15, 21.
5 ibid 23.
6 Jason Kelleher, ‘Referendum 1983: Restri ction of Abortion’ (Irish Political Maps, Lúnasa 20 12)
<http://irishpoliticalmaps.blogspot.ie/2012/08/referendum-1983-restriction-of-abortion.html> faighte ar 14
Eanáir 2016.
7 Offences Against the Person Act 1861, s 58.
8 An tAcht um Chosaint na Beatha le linn Toirchis 2013 [Acht 2013 amach anseo].
9 [1992] ILRM 411. Féach freisin ar SPUC v Grogan (No 1) [1989] IR 753; Case C-159/90 SPUC v Grogan
(No2) [1991] ECR I-4685; SPUC v Open Door Counse lling [1988] IR 593.
10 Gerard Hogan & Gerry Whyte, Kelly: The Irish Constitution (4th edn, Butterworths 2003) 1283-1288.

To continue reading

Request your trial

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT