O'Monachain v an Taoiseach and Others
Jurisdiction | Ireland |
Court | Supreme Court |
Judge | mBreitheamh Ó hInnse,Walsh J. |
Judgment Date | 01 January 1998 |
Neutral Citation | 1982 WJSC-SC 3159 |
Date | 01 January 1998 |
AN CH ÚIRT UACHTARACH
Walsh J.
Henchy J.
Griffin J.
Breithiúnas ón mBreitheamh Ó hInnse a tugadh ar an 16 lul 1982 .
Ciontaíodh an gearánaí, Tomás Ó Monacháin, faoi dhó sa Chúirt Dúiche sa Bhun Beag, Co. Dhún na nGall. Sin áit atá suite i líomatáiste ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid ghinearálta. Cion den chineál céanna a cuireadh ina leith an dá uair. An chéad uair (2ú Feabhra 1976) triaileadh é os comhair an Bhreithimh Dúiche Johnson ar ghearán go ndearna sé forbairt (in aghaidh alt 24 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963, gan an cead riachtanach a bheith aige. hÉistíodh an cás le cabhair ateangaire a d'aistrigh go Béarla an fhianalise a tugadh 1 nGaeilge. Ar chiontú an ghearánaí don Bhreitheamh, ghearr sé fíneáil £5 air agus d'ordaigh sé dhó£23.75 a íoc mar chostais agus d'ordaigh sé freisin, mura mbeadh an t-iomlán sín íoctha laistigh de thrí mhí, go geaithfeadh an gearánaí dul go príosún go ceann míosa.
An dara huair (llú Bealtaine 1976) triaileadh an gearánaí os comhair an Bhreithimh Dúiche Larkin ar ghearán go ndearna sé an cion céanna ar óeáid eile. Arna chiontú sa chion sin, ghearr an Breitheamh Larkin fineáil £8.80 air maille le £23.80 1 leith costas agus hordaíodh mura mbeadh an t-iomlán sin íoetha laistigh de mhí go geaithfeadh an gearánaí trí mhí príosúnaehta a chur isteach. San éisteacht seo, freisin, baineadh úsáid as ateangaire leis an bhfianaise a tugadh i nGaeilge a aistriú go Béarla.
Rinneadh na himeachtaí atá os ár geomhair anois a thionsenamh san Ard-Chúirt i mí Meithimh 1976 le toghairm iomlánach. Is léir ón ráiteas éilimh gurb iad seo na rudaí atá a n-éileamh ag an ngearánaí: 1) ordúá dhearbhú gur theip ar an Rialtas agus ar an Aire Dilagus Cirt na dualgais a leagadh orthu faci alt 71 den Acht Cúirteanna Breighiúnais, 1924, a chomhlíonadh; 2) ordú i bhfoirm mandamus a chuirfeadh iachall ar an Rialtas agus or an Aire Dlí agus Cirt na dualgais sin a chomblíonadh; 3) ordú i bhfoirm certiorari chun an dá chiontú a chur ar noamhní agus 4) damáistí i leith na tréimhse a chaith sé i bprícsún toisc nar íoc sé na suimeanna atá luaite san ordú a rinne an Breitheamh Johnson.
Is é alt 71 d' Acht 1924, bun-údar na a-éileamh sin uiling. Toise gur hachtaíodh an tAcht sin i mBéarla cuirim sían ar t-alt sin sa teanga sin:
"So far as may be practicable having regard to all relevant circumstances the Justice of the District Court assigned to a District which includes an area where the Irish language is in general use shall possess such a knowledge of the Irish language as would enable him to dispense with the assistance of an interpreter when evidence is given in that language".
Cáilíocht an Bhreithimh sa Ghaeilge atá i geeist san alt sin. Má cheaptar an Breitheamh do Dhúiche ina bhfuil líomatáiste ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid ghinearálta, ní mór dó bheith cáilithe chun feidhmiú inéagmais ateangaire nuair a thugtar fianaise trí Ghaeilge. Ach, ar an alt iomlán a scrúdú, is léir nach dualgas neamh-choinníollach atá i gceist. Ní cead an t-alt sin a tharrainght anuas i ngach cás. Níl éifeacht leis an dualgas ach "sa mhéid gur féidir é agus gach ní a bhaineann leis an scéal d'áireamh". Sa achás seo ní gá breithiúnas a thabhairt ar an leithead iomlán be cheart a thabhairt do na focail "sa mhéid gur féidir é", mar de réir na fianaise a tugadh san Ard-Chúirt ní fhéadfaí a rá go raibh constaic ar bith ar Bhreitheamh Dúiche a shannadh don Dúiche ina bhfuil Ab Bun Beag suite a bheadh cumasach gnón na cúirte a dhéanamh gan cabhair a fháil ó ateangaire nuair a bheadh fianaise dá thabhairt as Gaeilge. Is amhlaidh atá an scéal faoi láthair go bhfuil an Breitheamh atá sannta don Dúiche atá i gceist cáilithe chún cás a éisteacht as Gaeilge gan cabhair a fháil ó ateangaire. Fágann sé sin nach bhfuil ceart ag an ngearánaí ordú a fháil i bhfoirm mandamus a chuirfeadh iachall or an Rialtas ná ar an Aire Dlí agus Cirt féachaint chuige go geomhlíonfar an dualgas atá leagtha síos faoi alt 71.
Ach is ceist faoi leith an réimse céille is gá a thabhairt do na focail "agus gach ní a bhaiheann leis an scéal d'áireamh". Mura dtugtar an chumhacht chuige sin go soiléir faoi Acht nó faoin mBunreacht, níl ceart ag duine ar cith iarratas a dhéanamh, díreach nó nezmh-dhíreach, chun cúirte ar bith foráil. Achta ar bith a chiallú mura bhfuil gá leis sin chun ceartas a chur ar fáil faoi chuimse fíoras an cháis. Ní thugtar éisteacht no cheisteamma ná do phointí acadúla ins na cúirteanna. Dá réir sin, má theastaíonn ó ghearánaí a thaispeáint go riarann alt Achta ar leith a chás, ní mór dó a thaispeáint go bhfuil dlúth-bhaint ag fíorais an cháis leis an alt sin.
Nuair a chasaim or bhrí a thabhairt do na focail "agus gach ní a bhaineann leis an scéal d'áireamh", ní mór priosabal tábhachtach eile a chur san áireamh.hAchtaíodh Acht 1924 roimh theacht i bhfeidhm do Bhunreacht 1937. Dá bhrí sin, de réir Airteagal 50.1 den Bhunreacht sin leanarm alt 71 d'Acht 1924 i bhfeidhm agus in éifeacht faoi chuimsiú Bhunreacht an lae inniu agus sa mhéeid nach bhfuil sé ina choinne. Leanann sé uaidh sin, má tá dhá bhrí leis an alt, ceann acu ar aimhréir leis an mBunreacht agus ceann eile nach bhfuil ar aimhréir leis, ba cheart éifeacht a thabhairt don bhrí nach bhfuil ar aimhréir.
Breathnaímis mar sin ar na fíorais ábharthacha. Tógaim i dtosach an t-ionchúiseamh a d'éist an Breitheamn Larkin. Do réir na fianaise a tugadh san Ard-Chúirt, ghlaoigh an Breitheamh Larkin ar ateangaire leis an bhfianaise a tugadh i nGaeilge a aistriú go Béarla. Ach níl focal sa bhfianaise a tugadh san Ard-Chúirt, ná níl leide le fáil in áit ar bith eile ins na páipéir atá os ar geomhair, a thabharfadh ke tuiseint gur d'uireasa cáilióchta in Gaeilge a bhain an Breitheamh feidhm as ateangaire. Gan trácht ar aon riachtanas cruthúnais eile, bhí sé de dhualgas ar an ngearánaí a thaispeáint gur cheal dóthain tuiscint ar Ghaeilge na háite a chas an Breitheamh Larkin ar ateangairc a úsáid. Theip ar an ngearánaí an dualgas cruthúnais sin a shásamh. Dá bharr sin, gan trácht ar ábhair eile, teipeann ar gach éilcamh a dhéanann sé de bhun a chiontaithe os comhair an Bhreithimh Larkin.
Maidir le ciontú an ghearánaí os comhair an Bhreithimh Johnson, ba í Comhairle Chontae Dhún na nGall a thug ar aghaidh an t-ionchúiseamh. D'fhógair aturnae na Comhairle gur i mBéarla a bhí sé leis an ichenhúiseamh a oscailo. Lig an Breitheamh dó sin a dhéanamh agus shocraigh an Breitheamh go mbainfeadh séúsáid as ateangaire. Ba léir don Bhreitheamh go mbeadh cuid den fbianaise as Gaeilge agus, mar a dúirt sé san Ard-Chúirt i geúrsa a chuid fianaise:
"Dúirt mé sa chúirt nach raibh mé sásta go mbeadh mo dhóthain Gaeilge agam agus dúirt mé sin i mBearla - nach raibh mé sásta go raibh mo dhóthain Gaeilge agamsa".
Ar an admháil sin a chloisteáil don ghearánaí, ní hionadh gur chuir sé go láidir i gcoinne an cás a bheith áéisteach ag an mBreitheamh Johnson le cabhair ateangaire. Dá mba amhlaidh nach raibh i gceist ach an méid sin, bheadh orm a rá go raibh alt 71 á shárú. Is é mo mheas gurb í an phríomh-chúis gur ritheadh alt 71 go dtabharfaí cothrom na féinne do chainteoiri Gaeilge ó dhúchas a bheadh ag tabhairt fianaise sa Chúirt Dúiche ina gcanúint Ghaeilge áitiúil ar bhealach nach gcaillfí fíor-bhrí a gcuid fianaise, rud a d'fhéadfadh tarlú dá mbeadh an cás áéisteacht ag Breitheamh nach mbeadh tuiscint chruinn aige ar Ghaeilge na háite agus a bheadh ag brath ar ateangaire. Ach, mar a dúirt mé cheana agus mar a léiríonn an cás seo, níl sé de dhualgas neamh-choinniollach faoi alt 71 go mbeidh éisteacht den chineál sin le fáil in ngach cás ina mbeidh fianaise dá thabhairt as Gaeilge sa Chúirt Dúiche i gceantar ina bhfuil an Ghaeilge dá húsáid go ginearálta.
Is bun-phrionsabal dlíé-cuid den cheartas aiceanta nach cead a chur ar leataobh-nach bhfuil sé cóir ná dlisteanach cás a éesteacht i dteanga ar bith (fiú amháin i nGaeilge, an teanga náisiúnta) gan seans a thabhairt do dhaoine nach bhfuil an teanga sin acu agus a bhfuil dlúth-bhaint acu-mar pháirtithe, mar fhinnéithe, mar dhlíodóirí-leis an gcás, iomlán an cháis a thuiscint. I gcás den tsórt sin, cé go bhfuil cead ag finné ar bith a chuid fianaise féin a thabhairt ina theanga dhúchais, ní féidir údarás a fháil ó alt 7l náó aon fhoráil dlí eile le iachall a chur ar an mBreitheamh an cás a éisteacht gan cabhair a fháil ó ateangaire chun tuiscint na fianaise sin a thabhairt do na daoine gur gá an tuiscint sin a bheith acu.
Féach céard a tharla sa chás seo. Tar éis don aturnae ar son na Comhairle Contae an cás a oscailt as Béarla, thug an chéad fhinné a chuid fianaise as Gaeilge agus d'aistrigh an t-ateangaire go Béarla í. Ach an dara finné, thug sé a chuid fianaise as Béarla toise nach raibh Gaeilge aige. Ón tpeinte sin amach, ainneoin alt 717 agus fiú amháin damba rud é go raibh oiread Gaeilge ag an mBreitheamh agus a chuirfeadh ar a chumas na finnéithe i nGaeilge a thuiseint go cruinn gen cabhair a fháil ó ateangaire, bheadh dualgas air an cás a chur ar siúl ó thosach athuaire le hateangaire. Mura ndéanfadh sé amhlaidh, d'fhéadfadh an Chomhairle Chontae ordú a fháil san Ard-Chúirt a chuirfeadh a bhreith ar neamhní, dá mba rud é nach raibh an bhreith sin i bhfabhar an ghearánaí. Dála an scéil, níor mhiste a thabhairt faol deara nár shéan an gearánaí, sa Chúirt Dúiche ná san Ard-Chúirt, nach raibh sé ciontach ins na cionta a cuireadh ina leith.
Ba mhaith liom a thabhairt le tuiscint naoh aon dlí nua atáá chur ar aghaidh agam sa bhreithiúnas seo. Sa chás Ó Foghludha v. McClean 1934 I.R. 469 bhain na gearánaithe feidhm as Riail Chúirte a thug cead dóibh toghairm i nGaeilge a sheireheáil maille le haistriúchán i mBéarla, ach mar a dúirt an Riail:
.... if not so accompanied [by a translation, the summons...
To continue reading
Request your trial-
Peadar Ó Maicín v Éire
...HARTLEY THE FOUNDATIONS OF EUROPEAN COMMUNITY LAW 6ED 2007 68 GAELTACHT AREAS ORDER 1956 SI 245/1956 S2 O MONACHAIN v AN TAOISEACH & ORS 1986 ILRM 660 1980-1998 IR SR 1 1980-1998 IR SR 71 AG, SOCIETY FOR THE PROTECTION OF UNBORN CHILDREN v OPEN DOOR COUNSELLING LTD & DUBLIN WELLWOMAN CENTR......
-
Mac Aodháin v Éire and Others
...... AN STI ÚRTH ÓIR IONCH ÚISEAMH POIBLÍ FREAGR ÓIRÍ COURTS OF JUSTICE ACT 1924 S71 O MONACHAIN v AN TAOISEACH & ORS 1980-1998 IR SR 1 1980-1998 IR SR 71 CARLOW KILKENNY RADIO LTD & ORS v BROADCASTING CMSN OF IRELAND 2003 3 IR 528 2004 1 ILRM 161 ......
-
O Beol in v Fahy
...IR (SR) 46 NI CHEALLAIGH V AN TAIRE COMHSHAOIL 1980–1998 IR (SR) 122 CONSTITUTION ART 25 CONSTITUTION ART 8 O MONACHAIN V AN TAOISEACH 1986 ILRM 660 CONSTITUTION ART 25.4.4 PEOPLE V O'SHEA 1982 IR 384 DCR 1948 EUROPEAN CONVENTION ON HUMAN RIGHTS & FUNDAMENTAL FREEDOMS ART 6 MACFHEARRAIGH,......
-
Ó Cadhla v The Minister for Justice and Equality
...body of authority, including pronouncements of the Supreme Court in cases such as Ó Monacháin v. An Taoiseach [1980-1998] TÉTS 1, [1986] ILRM 660; MacCárthaigh v. Éire [1999] 1 IR 186; Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 IR 279; and Ó Maicín v. Éire [2014] 4 IR 477, which jurisprudence emphatica......
-
Case Note: Gaeilge Bhriste? Irish Language Rights in Ó Maicín v Ireland
...36 O’Beoláin v Fahy [2014] IESC 12. 37 [2014] IESC 12, at para. 65. 38 [2014] IESC 12, at para. 141. 39 Ó Monacháin v An Taoiseach [1986] ILRM 660. 223 Trinity College Law Review [vol 18 and those with only an inexpert knowledge of the Irish language would be excused as of right from a bili......
-
Interpreting criminal justice: a preliminary look at language, law and crime in Ireland
...v . Joyce and Walsh [1929] I.R. 526, at 531 (S.C.). 80 State (Buchan) v . Coyne (1936) 70 I.L.T.R. 185, at 186 (S.C.). 81 [1986] I.L.R.M. 660, cited in Carey, “Criminal Trials and Language Rights”, (2003) 13(1) I.C.L.J. 15. 82 This case dealt with the use of the Irish language in the court,......