Ó Murchú -v- An Taoiseach & eile, [2010] IESC 26 (2010)

Docket Number:91/05
Party Name:Ó Murchú, An Taoiseach & eile
Judge:Macken J.
 
FREE EXCERPT

AN CHÚIRT UACHTARACH

Murray, An Príomh-Bhreitheamh 91/2005

Kearns, Uachtarán

Hardiman, Brmh.

Fennelly, Brmh.

Macken, Brmh.

IDIR/

PÓL Ó MURCHÚ Freagróir/ Iarratasóir-agus-

AN TAOISEACH, AN TANÁISTE AGUS AN tAIRE FIONTAR, TRÁDÁLA AGUS FOSTAÍOCHTA, AIRE NA MARA AGUS ACMHAINNÍ NADÚRTHA, AN tAIRE FIONTAIR PHOIBLÍ, AN tAIRE COSANTA, AN tAIRE GNÓTHAÍ EACHTRACHA, AN tAIRE TALMHAÍOCHTA, BIA AGUS FORBARTHA TUAITHE, AN tAIRE AIRGEADAIS, AN tAIRE SLÁINTE AGUS LEANAÍ, AN tAIRE COMHSHAOIL AGUS RIALTAIS ÁITIÚIL, AN tAIRE GNÓTHAÍ SÓISIALTA, POBAIL AGUS TEAGHLAIGH, AN tAIRE EALAÍON, OIDHREACHTA, GAELTACHTA AGUS OILEÁN, AN tAIRE DLÍ, CIRT, COMHIONANNAIS AGUS ATHCHÓIRITHE DLÍ, AN tAIRE TURASÓIREACHTA, SPÓIRT AGUS ÁINEASA, AN tAIRE OIDEACHAIS AGUS EOLAÍOCHTA, ÉIRE AGUS AN tARD-AIGHNE Achomharcóirí/Freagróirí

Breithiúnas arna thabhairt an 6ú Bealtaine, 2010 ag Macken, Brmh

Leis an Ordú arna dhéanamh chomh fada siar le mí Dheireadh Fómhair 2000, dheonaigh an Ard-Chúirt (O'Neill, Brmh. ) cead don fhreagróir, mar iarratasóir, tús a chur le himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh maidir le roinnt faoiseamh, ar féidir achoimre a thabhairt orthu mar seo a leanas:

  1. Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na hachomharcóirí, le chéile, leagan oifigiúil nó tiontú oifigiúil sa phríomhtheanga oifigiúil a chur amach agus a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, ar a n-áirítear an t-iarratasóir, d'Achtanna an Oireachtaisuile, de na hIonstraimí Reachtúla uile agus de Rialacha na Cúirte uile, agus (i gcás Rialacha na Cúirte) gach leasú, aguisín agus innéacs a ghabhann leo;

  2. Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na hachomharcóirí leagan oifigiúil nó tiontú oifigiúil sa phríomhtheanga oifigiúil a chur amach agus a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, ar a n-áirítear an t-iarratasóir, d'iomlán Achtanna an Oireachtais, Ionstraimí Reachtúla agus de Rialacha na Cúirte thuas ar théarmaí nach lú a mbuntáiste ná na téarmaí faoina gcuirtear amach agus faoina gcuirtear ar fáil an leagan oifigiúil Béarla nó an tiontú oifigiúil Béarla, ar a n-áirítear go gcuirfear an dá leagan nó na haistriúcháin amach agus ar fáil go comhuaineach.

  3. Ordú Mandamus ag tabhairt ar na hachomharcóirí na hAchtanna réamhráite don tréimhse idir 1981 agus 2000 a chur amach agus a chur ar fáil sa chás nach bhfuil ceann ar bith ar fáil go fóill, gan a thuilleadh moille a dhéanamh.

  4. Ordú Mandamus ag tabhairt go gcuirfidh na hachomharcóirí ar fáil Rialacha na Cúirte nach bhfuil curtha amach go fóill sa phríomhtheanga oifigiúil nó in aistriúchán díobh, gan a thuilleadh moille a dhéanamh.

  5. Ordú Mandamus ag tabhairt ar na hachomharcóirí go ndéanfaidh siad, leagan oifigiúil sa phríomhtheanga oifigiúil nó tiontú oifigiúil díobh a chur amach agus a chur ar fáil feasta do gach uile Achtanna an Oireachtais agus na hIonstraimí Reachtúla, ar a n-áirítear Rialacha na Cúirte, faoi mar a dhéantar cur síos orthu thuas, ar théarmaí nach lú a mbuntáiste ná na téarmaí faoina gcuirtear amach agus faoina gcuirtear ar fáil an leagan oifigiúil Béarla nó an tiontú oifigiúil Béarla, nó go gcuirfear an dá leagan sin ar fáil go comhuaineach dá réir sin.

    Rinneadh an tOrdú thuas de bhun iarratais a rinneadh, bunaithe ar Ráiteas chun an Fógra Iarratais a fhorasú arna fhorasú, ar a uain, ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an iarratasóir an 31ú Iúil, 2000.

    Le Ráiteas Cur i gCoinne, dar dáta an 22ú Eanáir, 2001, phléadáil na hachomharcóirí gur chuid d'fhreagracht inmheánach an Oireachtais ab ea aon dualgas a cuireadh ar an gcéad fhreagróir mar a bhí ag an am, Cléireach na Dála, maidir leis an reachtaíocht a bhí i gceist a chur ar fáil i nGaeilge, agus nach raibh an páirtí sin freagrach don iarratasóir ar aon bhealach i dtaca leis seo. Scriostar é mar pháirtí sna himeachtaí ar an gcéad lá den éisteacht ó bhéal maidir leis an gcás a bhí os comhair na hArd-Chúirte in 2001, agus níl sé ina pháirtí san achomharc seo.

    Ina theannta sin phléadáil na hachomharcóirí, mar fhreagróirí ar an iarratasóir, é seo a leanas ag cur i gcoinne an iarratais:

  6. Is dualgas Stáit é an dualgas faoi Airteagal 25.4 den Bhunreacht, a thiteann ar an Rialtas a chomhlíonadh mar ghníomh de chumhacht chomhallach an Stáit;

  7. Níor theip ar aon duine de na freagróirí leagan oifigiúil nó tiontú oifigiúil de na hAchtanna uile lenár bhain a chur amach nó a chur ar fáil;

  8. Tá socruithe cuí curtha i bhfeidhm ag an Rialtas chun tiontú oifigiúil d'Achtanna uile an Oireachtais a chur ar fáil ó Bhéarla go Gaeilge. Socruithe cuimsitheacha iad seo a bhí ordaithe roimh an iarratas a bheith eisithe le haghaidh athbhreithnithe bhreithiúnaigh;

  9. Níl dualgas bunreachtúil ann tiontú oifigiúil a chur ar fáil d'Achtanna an Oireachtais go comhuaineach;

  10. Níl dualgas bunreachtúil ann gach uile Ionstraim Reachtúil a eisítear i dteanga oifigiúil amháin a thiontú sa teanga oifigiúil eile. Má tá dualgas den sórt sin ann, ní mór tréimhse réasúnta a thabhairt leis an dualgas a chomhlíonadh. Is ag an Rialtas amháin atá an discréid chun réasúntacht na tréimhse a thomhais, ach go gcomhlíonfar an dualgas;

  11. Glacann an Rialtas leis an riachtanas Rialacha na Cúirte uile a chur ar fáil i leagan Gaeilge chomh maith le leagan Béarla, agus chomh fada is nach bhfuil an dá leagan ar fáil fé láthair déanfar pé rud is gá, as seo amach, chun an easpa sin a réiteach chomh luath is féidir ar bhonn réasúnta.

    Seachas na bpléadálacha a shéanadh tuilleadh, níor ghlac na hachomharcóirí le beachtas ná le cruinneas na bhfíoras arna ndeimhneasc i mionnscríbhinn an fhreagróra agus cuireadh ar a chruthúnas de sin é.

    Cúlra an Éilimh

    D'fhonn comhthéacs a thabhairt don achomharc is gá rud éigin a rá faoi bhunús an éilimh. Is aturnae cleachtach é an freagróir, a bhfuil cleachtas aige i nGlas Naíon, i mBaile Átha Cliath. I measc a chuid cliant, tá cuid mhaith daoine ar mian leo idirbheartaíochtaí a bhfuil bunús dlí leo a dhéanamh i nGaeilge, nó cumas níos fearr a bheith acu sin a dhéanamh i nGaeilge. Tá Gaeilge líofa ag an bhfreagróir féin agus b'fhéidir gurb é sin an fáth go bhfuil go leor daoine den sórt sin mar chliaint aige. Go bunúsach deir sé, i ndáiríre, gur míbhuntáiste dó féin agus dá chliaint nach bhfuil reachtaíocht ar fáil i nGaeilge. Sin bun agus barr a dheacrachta, dar leis. Áirítear leis an reachtaíocht atá i gceist Achtanna an Oireachtais agus Ionstraimí Reachtúla, ar a n-áirítear Rialacha na Cúirte. Dheimhneasc sé ina mhionnscríbhinn thuas go raibh sé níos deacra aige le himeacht ama freastal a dhéanamh ar na cliaint thuas ar an mbealach céanna is a fhreastalaíonn sé ar chliaint atá toilteanach Béarla a úsáid i gcúrsaí dlí. Dúirt sé go háirithe gur constaic mhór ina chás féin nach bhfuil aon leagan/aistriúchán Gaeilge ar fáil go minic den rud sin ar a nglaonn sé "dlí substainteach agus/nó den dlí maidir le riaradh na n-imeachtaí". Dheimhneasc sé freisin i gcás Rialacha na Cúirte, toisc nach bhfuil fáil orthu i nGaeilge, ar a n-áirítear foirmeacha a ghabhann leis na Rialacha, go raibh air go minic, ag gníomhú thar ceann na gcliant sin ar mian leo a gcuid gnóthaí dlí a dhéanamh trí Ghaeilge, anró agus costas a chur air féin aistriúchán Gaeilge a chur ar fáil de na Foirmeacha, nó duine éigin eile a íoc chun an obair sin a dhéanamh. Bhí moill i gceist leis sin, agus ní raibh sé cinnte i ndeireadh na dála go nglacfaí sa chúirt leis an leagan a chuir sé ar fáil. Ina theannta sin, maidir le hAchtanna an Oireachtais, dúirt sé ina mhionnscríbhinn go raibh air iad seo a úsáid go rialta maidir lena chliaint agus luann sé, mar shampla, dhá reachtanna, an tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997 arna dheimhneasc sé nach raibh aon tiontú Gaeilge ar fáil dó ag an am, agus bhí an cás céanna amhlaidh i gcás an Achta um Bannaí, 1997.

    Cheangail sé lena mhionnscríbhinn an comhfhreagras téagartha go léir a malartaíodh leis na hachomharcóirí éagsúla sna himeachtaí, chomh maith le daoine eile, agus thug sé go leor sonraí maidir leis seo.

    Na Boinn Dlí arna Maíomh

    Rinne an freagróir, mar iarratasóir san Ard-Chúirt, an argóint go bhfuil an dualgas bunreachtúil aistriúchán comhuaineach a chur ar fáil de Reachtanna sa teanga oifigiúil seachas sa teanga ina ritheann an tOireachtas é, nó leagan ar théarmaí nach lú a mbuntáiste ná sin a rith agus a shínigh an tUachtarán ina dhlí i mBéarla, sa chás reatha, go Gaeilge, bunaithe air seo a leanas:

    (1) Cuireann Airteagal 25.4.4 den Bhunreacht, arna léamh as féin, ar léirmhíniú ceart a fháil dá fhoclaíocht, an dualgas sin ar na hachomharcóirí;

    (2) Atreisíonn Airteagal 25, arna léamh in éineacht le hAirteagal 8 den Bhunreacht, an dualgas, toisc gur gá Airteagal 25 a léamh mar Airteagal atá faoi réir fhorálacha Airteagal 8 maidir le Gaeilge a ainmniú mar an phríomhtheanga oifigiúil; agus

    (3) Gearrann Airteagal 40 dualgas intuigthe aistriúchán a dhéanamh, go comhuaineach nuair a shínítear Acht ina dhlí, ar leagan sa phríomhtheanga oifigiúil d'fhonn a chinntiú go ráthaítear cearta pearsanta an tsaoránaigh maidir le comhionannas a fháil, agus dá uireasa sin ní thugtar ómós, cosaint ná tacaíocht do chearta pearsanta den sórt sin.

    Gairtear na boinn atá éilithe thuas mutatis mutandis maidir le gach Ionstraim Reachtúil (ar a n-áirítear Rialacha na Cúirte, a gcuid Foirmeacha agus Aguisíní).

    Níor ghlac na hachomharcóirí leis na háitithe thuas. D'áitigh siad an méid seo a leanas:

    (a) Níor theip ar an rialtas gach Acht den Oireachtas a thiontú go Gaeilge, ach, i gcontrátha leis sin, go raibh faoin rialtas sin a dhéanamh sular eisíodh na himeachtaí seo;

    (b) Cé gur glacadh leis gur gá Rialacha na Cúirte a aistriú ó na leaganacha Béarla atá ann i láthair na huaire go Gaeilge, sa mhéid nach raibh leaganacha aistrithe den sórt sin ar fáil ag an am, bhí sé i gceist ag an rialtas an easpa sin a réiteach chomh luath agus ab fhéidir;

    (c) Níl aon dualgas bunreachtúil ann Ionstraimí Reachtúla a aistriú go Gaeilge; agus ní ghearrann an Bunreacht aon dualgas, cibé faoi Airteagal 25.4.4 arna léamh as féin, nó arna léamh le haon Airteagal eile, ar a n-áirítear...

To continue reading

REQUEST YOUR TRIAL