Official Languages Act 2003 (Public Bodies) Regulations 2019. [Official Translation]

JurisdictionIreland
CitationIR SI 230/2020
Year2020
IONSTRAIMÍ REACHTÚLA.
I.R. Uimh. 230 de 2020
________________
NA RIALACHÁIN UM ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA, 2003
(COMHLACHTAÍ POIBLÍ), 2019
2 [230]
I.R. Uimh. 230 de 2020
NA RIALACHÁIN UM ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA, 2003
(COMHLACHTAÍ POIBLÍ), 2019
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 4 d’Acht na dTeangacha
Oifigiúla, 2003 (Uimh. 32 de 2003) (arna oiriúnú leis an Ordú Ealaíon,
Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne
agus Teideal an Aire a Athrú), 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017)) agus le mír 3 den
Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus leis an Ordú Cultúir,
Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2018 (I.R.
Uimh. 449 de 2018), agus le toiliú an Aire Airgeadais agus, a mhéid a bhaineann
na Rialacháin le feidhmeanna an Aire Cosanta, an Aire Caiteachais Phoiblí agus
Athchóirithe, an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an Aire Oideachais agus
Scileanna, an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an Aire Gnó, Fiontar agus
Nuálaíochta, an Aire Sláinte, an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Aire
Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Aire
Forbartha Tuaithe agus Pobail, an Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce
Sóisialaí, an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus an Aire
Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, faoi seach, le
toiliú na nAirí sin, déanaimse, Seán Kyne, Aire Stáit ag an Roinn Cultúir,
Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo, na Rialacháin seo a leanas, ar ina leith, de
bhun fho-alt (3) den alt sin, a leagadh dréacht faoi bhráid gach Tí den Oireachtas
agus a rinne gach Teach acu sin rún a rith ag ceadú an dréachta:
1. Féadfar na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003
(Comhlachtaí Poiblí), 2019 a ghairm de na Rialacháin seo.
2. Leasaítear mír 1(2) den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht na
dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Uimh. 32 de 2003) -
(a) sa téacs Gaeilge
(i) trí na tagairtí do na comhlachtaí poiblí a shonraítear i
Sceideal 1 a scriosadh, agus
(ii) trí na tagairtí do na comhlachtaí poiblí a shonraítear i
Sceideal 2 a chur isteach,
agus
(b) sa téacs Béarla -
Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 30 Meitheamh, 2020,
á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.
[230] 3
(i) trí na tagairtí do na comhlachtaí poiblí a shonraítear i
Sceideal 3 a scriosadh, agus
(ii) trí na tagairtí do na comhlachtaí poiblí a shonraítear i
Sceideal 4 a chur isteach.

To continue reading

Request your trial

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT