Teacht ar an Luathscríbhinn Chúirte-Dúnadh an Dorais Chúil

AuthorDáithí Mac Cárthaigh
PositionB.A., M.A., LL.B., B.L.
Pages128-136
TEACHT AR AN LUATHSCRÍBHINN
CHÚIRTE–DÚNADH AN DORAIS CHÚIL
DÁITHÍ MAC CÁRTHAIGH*
Faoi réir an Achta um Shaoráil Fáisnéise, 1997,
dlitear don phearsa teacht a bheith aici ar thaifead de chuid
comhlachtaí poiblí áirithe faoi réir na n-eisceachtaí agus na
ndíolúintí a leagtar amach san Acht féin.
Go hachomair dlitear don phearsa go gcuirfí ar fáil di
aon taifead ar bith a cruthaíodh ón 21ú Aibreán, 1998 i leith
agus taifead a bhfuil eolas pearsanta fuithi féin ann is cuma
cathain a cruthaíodh é. I gcás na fáisnéise pearsanta seo
dlitear don duine go ceartófaí í seo agus/nó go dtabharfaí suas
chun dáta í más gá.
Is léir gur áis nua thábhachtach is ea an tAcht seo, ní
hamháin don iriseoir, ach tá na cearta seo fíor áisiúil mar
fhollusú réamhchúise don té atá ag cuimhneamh ar an dlí a
chur ar bhall áirithe den Stát go measa sé an fiú leis dul ar
aghaidh. Tugtar an deis dó seilbh a fháil ar cháipéise inspéise
gan chaingean a bheith ar bun, gan chúiseanna a thabhairt
agus gan ábharthacht na gcáipéisí sin a léiriú. Is é sin muna
bhfuil díolúine ag baint leis an gcáipéisíocht áirithe sin.
Ó tháinig an tAcht i bhfeidhm tá an-tóir, ar na cáipéisí
a bhaineann le cúrsaí pearsanra agus fonn ar na céadta
státseirbhíseach agus seirbhíseach poiblí súil a chaitheamh ar
a gcomhad pearsanra féin, is cosúil.
I measc na dtaifead anach mbaineann an tAcht leo tá
taifid chúirte. Foráiltear le halt 46(1)(a) nach mbaineann an
tAcht le taifead atá i seilbh na gcúirteanna, i seilbh binse
fiosrúcháin nó i seilbh binse fiannais, faoi réir na nAchtanna
Cosanta, agus ar taifead iad a bhaineann le cúirt nó le binse
dá leithéid nó le himeachtaí os a gcomhair.
128 Judicial Studies Institute Journal [1:1
* B.A., M.A., LL.B., B.L.

To continue reading

Request your trial

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT