Teanga an Dlí in Éirinn 1166-2019: Athruithe agus Úsáid

AuthorCormac T. Hickey
PositionBCL (Law & French), University College Cork; LLM (R) Candidate, University of Edinburgh
Pages63-72
(2019) 18 COLR 63
63
TEANGA AN DLÍ IN ÉIRINN 1166-2019: ATHRUITHE AGUS ÚSÁID
Cormac T Hickey*
A RÉAMHRÁ
Le teacht na Normannaigh i 1166, tháinig athrú ollmhór ar chóras an dlí in Éirinn. Roimh 1166,
ba iad Dlí na mBreithiún agus Dlí na hEaglaise a raibh i bhfeidhm in Éirinn, ach leis an athrú
seo tháinig dhá chórais eile ar an bhfód: an dlí coiteann agus dlí na Marchers, grúpa clainne ón
Bhreatain Bheag lena dtugadh an chumhacht a gcuid dlí nósach féin a chur i bhfeidhm ina
gcuid den tír. I dteannta leis an réimse leathan chórais, d’fheidhmigh an dlí trí réimse teangacha.
Toisc gur córas Sasanach a bhí ann sa dhlí coiteann, ba iad na hathruithe sóisialta thall i Sasana,
agus ní in Éirinn, a thug chúis leis na hathruithe sa chóras sin. Ach cad faoi na córais eile?
Cé go bhfiosróidh na hathruithe teanga an dlí le fada, níor díríodh fós ar chúiseanna na
hathruithe seo. Ar aistríodh teanga an dlí ionas go dtuigfeadh na dlíodóirí í níos éasca, agus de
dheasca sin, go bhfheidhmeoidh an dlí níos fearr? Nó an raibh tuiscint na ngnáthdhaoine mar
chúis le teanga an dlí? Nó an raibh cumhacht níos spridiúla ag baint le teanga an dlí in Éirinn?
Cuireann na ceisteanna seo ceist i bhfad níos mó in áireamh, ceist faoi fhoinse an dlí: an dtagann
sé ón tsochaí, nó an gcuirfear é ar an tsochaí?
B NA hATHRUITHE ÓN gCONCAS AR AGHAIDH
I Teanga an Dlí Choitinn i Sasana
Cé gur tosaíodh an dlí coiteann mar dlí aonach, náisiúnta, le teacht na Normannaigh go Sasana
i 1066, níor tugadh stádas oifigiúil mar theanga an dlí don Fhraincis go dtí beagnach dhá chéad
bhliain níos déanaí. In áit na bhFraincise, d’oibrigh na cúirteanna trí mheán na Laidine.
1
mar choncaire ach mar chomharba dlíthiúil a mhaith le William I gur smaoineodh air i
Sasana, agus de bharr na polasaithe sin, chinn sé go mbeadh gá ann go toghadh an Witenagamot
é.
2
Sa chomhthéacs seo agus fonn William go gcoimeádfadh an dlí Sasanach faoin am sin, is
mór an tseans gur fheidhmigh na hundred courts trí Bhéarla, fiú nuair a bhaineadh úsáid as an
* BCL (Law & French), University College Cork; LLM (R) Candidate, University of Edinburgh. Ba mhaith leis
an t-údar a bhuíochas a ghabháil le Pro fessor John W Cairns, Chair of Civil Law ag University of Edinburgh, as
ucht a chomhairle ar dhréacht luath den alt.
1
George E Woodbine, ‘The Language o f English Law’ (1943) 18(4) Speculum: A Journal o f Medieval Studies,
395, 397-398.
2
ibid 405.

To continue reading

Request your trial

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT