Brian Ó Dómhnaill v an Coimisiún Um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí and Others

JurisdictionIreland
JudgeBhreithimh Ónóraigh Gearóid Ó h Ógáin
Judgment Date13 January 2014
Neutral Citation[2014] IEHC 118
CourtHigh Court
Date13 January 2014

[2014] IEHC 118

AN ARD-CH ÚIRT

[Uimh. 418 JR/2013]
O Domhnaill v Coimisiun un Chaighdeain in Oifigi Poibli & Ors
IDIR
BRIAN Ó D ÓMHNAILL
IARRATAS ÓIR
AGUS
AN COIMISI ÚN UM CHAIGHDEÁIN IN OIFIGÍ POIBLÍ, AN tAIRE COMHSHAOIL POBAIL AGUS RIALTAS AITI ÚIL, ÉIRE AGUS AN tARD AIGHNE
FREAGROIRÍ
1

BREITHI ÚNAS an Bhreithimh Ónóraigh Gearóid Ó h Ógáin tugtha an 13ú Eanair, 2014

2

1. Is seanadóir agus ionadaí poiblíé an t-iarratasóir agus is iar-chomhalta de Chomhairle Chontae Dhún na nGall é freisin. Ar an 9 Lúnasa 2011 chuir gearanách anaithnid ina leith, i litir chuig cláraitheoir eitice Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus cláraitheoir eitice Údarás na Gaeltachta, gur tharraing an t-iarratsóir costais ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus ó Udarás na Gaeltachta go mí-ionraic. Is i mBéarla í an litir sin agus í sinithe "A concerned citizen" (nó "saoránach buartha"). In ainneoin gur ó ghearánach anaithnid a tháinig an gearán seo, chuir Comhairle Chontae Dhún na nGall agus Bainisteoir Chontae Dhún na nGall an gearán ar aghaidh chuig an bhfreagróir céad-ainmnithe. An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ("An Coimisiún") mar iatan le litir den 28 Bealtaine 2012.

3

2. Is léir ó alt 8 den Acht um um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 go bhfuil cosc ar an gCoimisiún gearán ó fhoinse anaithnid a fhiosrú:

"Ní dhéanfaidh an Coimisiún ná Coiste imscrúdú ar ghearán ama dhéanamh leis nó arna tharchar chuige mura ndéanfar céannacht an duine a bheidh ag déanamh an ghearáin a nochtadh dó."

4

3. Bhí an litir ghearáin den 9 Lúnasa, 2011 sna téarmaí seo leanas:

"Re Abuse of Taxpayers Money"

5

Please find enclosed details of a series of possible double claims by Brian O'Domhnaill while a member of Donegal County Council and Údarás na Gaeltachta.

6

We would ask that you investigate this matter and take whatever action is necessary.

7

Yours faithfully,

8

A concerned citizen."

9

4. Bhí thart ar 16 leathanach iniata leis an litir ghearáin thuasluaite inar leagadh amach sonraí maidir le tinreamh an iarratasóra ag cruinnithe agus comhdhálacha ar dhátaíéagsúla idir Márta agus Meitheamh 2006 agus i mí Iúil 2007. Go bunúsach, líomhnaíodh sa litir (agus san iatán in éineacht léi) go ndearna an t-iarratasóir éilimh dúbalta íocaiochtaí taistil agus chothabhála tríéileamh taistil agus cothabhála a dhéanamh i ndáil lena fhreastal ar chruinnithe an Údaráis, agus éilimh den chineál céanna le Comhairle Chontae Dhún na nGall i leith freastail ar chomhdhálacha agus seimineáir ag ionaid éagsúla a bhí ar siúl ar na laethanta céanna le cruinnithe an Údaráis.

10

5. Mar a bheifeá ag súil leis, scrúdaigh oifigigh ábhartha laistigh den Údarás agus den Chomhairle faoi seach na líomhaintí sa litir ghearáin. Chuir an dá eagras litir mhionsonrach chuig an iarratasóir ar an 5ú Nollaig 2011, mar fhreagra go díreach ar an litir ghearáin, inar lorgaíodh soiléiriúón iarratsóir maidir leis na héilimh taistil agus cothabhála faoi chaibidil a bhí déanta aige. Ar an 6ú Nollaig 2011 scríobh Runaí an Údaráis litir eile chuig an iarratsóir inar leagadh amach anailís an Údaráis maidir leis na héilimh taistil agus cothabhála faoi chaibidil, éilimh a raibh ceisteanna árduithe ghearáin.

11

6. Ar an 15ú Nollaig, 2011 d'fhreagair an t-iarratasóir an litir ón Chomhairle. Dearbhaigh sé gur ghníomhaigh sé go fírinneach macánta i gcónaí, cé gur admhaigh sé go ndeama sé go leor de na héilimh roinnt míonna tar éis na himeachtaí. Is mar sin - dár leis - gur tharla neamhréireachtaíéigin.

12

7. Chuir an Cláraitheoir um Eitic ag gníomhú di ansin freagra an iarrthóra faoi bhráid an Mhéara agus an Cláraitheoir Contae i gcomhréir le halt 174( 8) den Acht Rialtais Áitiúil 2001. Is ag an bpointe sin a scríobh an Méara agus an Cláraitheoir Contae litir mhionsonrach chuig an iarratasóir árna dhátú an 17ú Feabhra 2012. Léirigh an litir go ndearnadh sáraithe féideartha ar Chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 agus d'iarr tuilleadh eolais maidir le gnéithe a bhain le freastal an iaratasóra ar na cruinnithe agus comhdhálacha. D'fhreagair n t-iarratasóir le litir mhionsonrach den 21ú Márta 2012.

13

8. Tháining an comhfhreagras chun deiridh le tuarascáil an Mhéara agus an Bhainisteoir Contae araon de bhun alt 174(8)(b)(i) den Acht Rialtais Áitiúil 2001. Sa tuarascáil sin chinn an Bhainisteoir Contae agus an Méara gur chóir gearán a dhéanamh faoi alt 4( 1) den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 ar an mbonn go raibh sé de cheart ag an Seanadóir Ó Dómhnaill sonraí níos cuimisithí a chur ar fháil. Mar thoradh, chuir an Bhainisteoir Contae agus an Méara gearán foirmiúil faoi bhráid an Choimisiúin ar an 28 Bealtaine 2012. Ina litir chuig an gCoimisiún dheimhigh siad go rabhadar ar aon tuairim "gur chóir an t-ábhar a chur faoi bhráid an Choimisiúin."

14

9. Rinne an t-iarratasóir ansin teagmháil leis an gCoimisiún agus léirigh sé (le litir as Béarla) go mbéadh sé ag comhoibrú le haon fiosrúchán agus rinne an tOifigeach Fiosrúcháin tuairisc ar an ngearán a rinne an Bhainisteoir Contae agus an Méara. Bhí an t-ábhar á mheas ag an gCoimisiún ag cruinniú i mí na Samhna 2012. Socraíodh sa chruinniú sin imscrúdú faoi alt 7 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 a thionscan.

15

10. Ina dhiaidh sin lean comhfhreagras fairsing idir an Choimisiúin agus aturnaetha an iarratasóra. Cé go raibh éisteacht molta triaileach le bheith ann ar an 1 lú Márta, 2013, d'iarr aturnaetha an iarratasóra go gcuirfí an éisteacht sin siar de bharr nach raibh dóthain ama acu ullmhú don éisteacht ar an dáta sin. Aontaíodh dáta éisteachta don 8ú Aibreán, 2013 ansin.

16

11. Tháinig aturnae úr ar an dtaifead don iarratasóir coicís roimh an dáta eisteachta aontaithe. Scríobh atumae úr an iarratasóra, An tUas. Ó Canainn, le litir den 27ú Márta 2013, chuig aturnaetha an Choimisiúin, Messrs A. & L. Goodbody, agus thug le fios go raibh sé ag ullmhú le haghaidh éisteacht fhoirmiúil. Tugadh le fios don chéad uair sa chomhfhreagras seo gur theastaigh ón iarratasóir a ghnó a dhéanamh leis an gCoimisiún trí Ghaeilge:

"Fosta, mar is eol daoibh, beidh muid ag reáchtáil ár dtaobh den ghnó oifigiúil seo trí mheán na Ghaeilge. Glacaimid leis gur oifigeach le Gaeilge a bhéas i mbun na héisteachtacha imscrúdaithe Dé Luain an 8ú Aibreán 2013..... "

17

Rud eile de, scríobh chugainn feasta le Gaelige mar atá de dhualgas oraibh faoi alt 9 d'Acht na d'Teangacha Oifigiú la 2003."

18

12. D'fhreagair A & L Goodbody (i nGaeilge agus i mBéarla araon) ar an lá dár gcionn. Thug siad le fios i bhfianaise an seasamh a bhíá ghlacadh ag an iarratasóir gur dócha go mbeadh an éisteacht níos faide ná mar a bhí beartaithe i dtosach. Dúirt siad freisin, i bhfianaise na saincheisteanna a bhíárdaithe ansin maidir le nósanna imeachta an Choimisiúin don imscrúdú, gur chinn an Coimisiún an éisteacht imscrúdaithe a chur ar athló.

19

13. Is as a d'eascair an chéad litir eile ón Uasal Ó Canainn ar an 8 ú Aibrean 2013. Rinne sé gearán sa litir den dáta sin "gur chuir [An Coimisiúin] siar an dáta éisteachta mar nach raibh sibh eagraithe i gceart dón éisteacht binse a bhí socraithe agaibh roimh ré don lá inniu." D'áitigh sé go raibh nó go mba chóir go mbeadh na rialacha imeachta don éisteacht imscrúdaithe ar aon dul le rialacha Cúirte, agus go raibh, dá réir, de dhualgas ar an gCoimisiún tiontú ofigiúil a chur ar fáil.

20

14. Tar éis tuilleadh comhfhreagrais chuir A & L Goodbody in iúl dón Uasal Ó Canainn go raibh an dáta éisteachta curtha siar anois go dtí ar 10ú Meitheamh 2013. Chuir siad in iúl freisin go mbeadh de chead ag an iarratsoir a chuid fianaise a thabhairt tri Ghaelige.

21

15. Ar an 31ú Bealtaine, 2013 fuair A & L Goodbody faics marcáilte "práinneach" ón Uasal Ó Canainn inar ardaíodh don chéad uair an cheist maidir le himscrúdú de bhun gearáin gan ainm a bheith de réir dlí. Ardaíodh an pointe chomh maith nár leor ateangaire don éisteacht áirithe seo agus go mbéadh sé riachtanach dá réir sin go mbeadh comhaltaí an Choimisiúin inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon:

"I gcomtheacs na héisteachachta seo, ní foláir don bhinse a éistfldh an t-ábhar seo a bheith inniúil ar fhianaise agus aighneachtaí as Gaeilge agus as Béarla araon a thuiscint chun Cothrom na Féinne agus égalité des armes a chinntiú. Ní leor ateangaire mar a mhaíonn bhúr litir den 17 Aibreán 2013. Cuireann úsáid a bhaint as ateangaire bac idir cainteoir agus an binse."

22

16. Thug an litir bagairt ar athbhreitniú breithiúnach san Ard-Chúirt le fios ach freagra sásúil a bheith faighte ón gCoimisiún ar an dá cheist sin. Lean tuilleadh chomhfhreagrais idir na páirtithe agus cuireadh an t-ábhar chun deiridh le hiarratas ar chead iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach chun na Cúirte seo go gairid ina dhiaidh sin.

23

17. Tá, dá réir sin, trí cheist bhunúsacha ar gá don Chúirt aghaidh a thabhairt orthu anois:

24

i i. An bhfuil sé taobh amuigh de dhlínse an Choimisiún dul i ngleic leis an ngearán seo i bhfianaise go bhfuil toirmeasc ar an gCoimisiún gníomhú de réir ghearáin ó fhoinse anaithnid faoi alt 8 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001?

25

ii ii. An bhfuil dualgas ar chomhaltaí an Choimisiúin a bheith inniúil sa dá theanga oifigiúil d'fhonn déanamh de réir ceanglais Airteagal 8 den Bhunreacht agus an riachtanas ginearálta go mbeadh nósanna imeachta aon bhínse fiosraithe cothrom, trédhearcach?

26

iii iii. An bhfuil dualgas ar ghníomhairí de chuid an Choimisiúin (mar shampla a gcuid dlíodóirí) cloí le riachtanais alt 9 d'Acht na dTeanaghacha Oifigiú la 2003?

27

18. Tá sé i gceist agam anois breathnú ar na ceisteanna seo mar leanas.

Saincheist Uimh 1: An toirmeasc ar ghníomhú de réir ghearáin gan ainm.
28

19. Tá an toirmeasc ag an gCoimisiún gearán gan ainm i gcroílár na n-imeachtaí faoi cabadail. Tá sé soiléir nach bhfuil an Coimisiún in...

To continue reading

Request your trial

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT