Comharchumann Ráth Cairn Teoranta v an Bord Pleanála

JurisdictionIreland
JudgeUí Anluain
Judgment Date10 November 2021
Neutral Citation[2021] IEHC 703
Docket Number[Uimh. Thaifid 2020/522JR]
Year2021
CourtHigh Court

Maidir Le Hailt 50 Agus 50A Den Acht Um Pleanáil Agus Forbairt 2000 (Mar Atá Leasaithe)

Idir
Comharchumann Ráth Cairn Teoranta
Iarratasóir
and
An Bord Pleanála
Freagróir

[2021] IEHC 703

[Uimh. Thaifid 2020/522JR]

AN ARD-CHÚIRT

ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH

BREITHIÚNAS de chuid an Bhreithimh Uí Anluain a thugadh ar an 10ú lá de mhí na Samhna 2021

Réamhrá
1

Thug an Chúirt seo an chéad-ordú sa chás ex-parte Dé Máirt, an 8 Iúil, 2020.

2

Cuireadh ráiteas freasúra isteach ar an 4 Nollaig, 2020. Séantar líomhaintí atá leagtha amach sa Ráiteas is gá le haghaidh Athbreithniú Breithiúnach agus na mionnscríbhinní á mionnú thar ceann an iarratasóra amhail is dá ndéanfaí gach líomhain atá iontu a leagan amach agus a shéanadh ceriatim. Tá mionnscríbhinn an uasail Éanna Ó Cróinín mionnaithe ar an 24 Iúil, 2020. Chuir an t-uasal Conchúr Ó Geallagáin mionnscríbhinn eile isteach an 22 Iúil 2020. Cuireadh mionnscríbhinn Pearse Dillon isteach ar shon an fhreagróra an 4 Nollaig 2020. Cuireadh mionnscríbhinn freagartha anuasail Uí Chróinín isteach an 22 Feabhra 2021. Cuireadh mionnscríbhinn freagartha Pearse Dillon isteach an 21 Bealtaine 2021.

Croineolaíocht Eachtraí
3

Dhiúltaigh Comhairle Contae na Mí cead tógála ar theach aíochta trí-stór a thógáil i Ráth Chairn. Dhiúltaigh siad forbairt chónaithe chomh maith, a chuimsíonn 28 teach aon-stór-go-leith, 5 teach scoite 5 seomra-leapa (cineál A), 4 teach scoite 4-seomra-leapa (cineál B), 3 teach scoite 4-seomra (cineál C), 9 teach scoite 3-sheomra (Cineál D) agus 7 teach scoite 3-sheomra le bóithre inmheánacha agus cosáin agus spás oscailte poiblí, bealach rochtana do choisithe/rothaithe chuig an mbunscoil agus rochtain ann ar bhóithre tosaigh. Cuireadh an diúltú seo in iúl d'Éanna Ó Chróinín, Cathaoirleach Chomharchumainn Ráth Chairn Teoranta, Ráth Chairn, Áth Buí, Co. na Mí, ar an 17 Nollaig 2019.

4

Cuireadh in iúl do Cholm Ó Gríofa, an t-iarratasóir gur dhiúltaíodh cead don fhorbairt an 17 Nollaig 2019, agus ba é an fáth a bhí leis ná:

“It is the policy of Meath County Development 2013 – 2019, as varied ‘to encourage and foster the creation of attractive mixed use sustainable communities which contain a variety of housing types and tenures with supporting community facilities, public realm and residential amenities’ and ‘to require a high standard of design in all new residential schemes that are built in a style and scale that is appropriate to the landscape setting’ (HS Pol 2). The applicant has not demonstrated that the proposed development provides public open space at the minimum rate of 15% of the total site area as set out in s. 11.2.2 of the plan.

Therefore the proposed development, if permitted, would materially contravene these policies, seriously injure the amenities and depreciate the value of properties in the vicinity, would establish an undesirable future precedent for developments of this kind and would be contrary to the proper planning and sustainable development of the area.

5

D'ullmhaigh Jim Brogan, BA, Dip.T.P., M.I.P.I., Dip. L.S, Dip. Arb., F.C.I., B.L, tuairisc don achomarc ar an 7 Feabhra 2020. An teideal a bhí ar an saothar a rinne sé ná “Language Impact Study” agus feictear na conclúidí ar a dtáinig sé ag alt 21, 22 agus 23 dá chuid.

6

Mhol an t-uasal Kevin Moore, Cigire Sinsearach Pleanála, go mba cheart an cead a dhiúltú agus cuireadh a mholtaí isteach an 3 Bealtaine 2020, faoin teideal “Reasons and Considerations”. Bheartaigh sé go ndéanfadh an fhorbairt dochar d'oidhreacht teanga agus chultúir na Gaeltachta i gContae na Mí agus go gcuirfeadh an fhorbairt a bhí beartaithe isteach ar charachtar an tsráidbhaile i Ráth Chairn. Mhothaigh sé dá bhrí sin go mbeadh an fhorbairt bheartaithe ar neamhréir na pleanála cuí agus forbairt inchothaithe an limistéir. Ar an dara dul síos, tá láithreán na forbartha beartaithe suite sa Ghaeltacht. Is í polasaí phlean forbartha Chontae na Mí ná an Ghaeilge a chothú agus cosc a chur ar fhorbairt a mbeadh tionchar diúltach suntasach aici ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, ag cur san áireamh scála na scéime tithíochta beartaithe í féin chomh maith leis an bhfasach a bhunófar d'fhorbairtí móra tithíochta, agus meastar, dá ndeonófaí cead leis, go dtarlódh soláthar iomarcach tithíochta a sháródh cosaint oidhreacht teanga agus cultúr na Gaeltachta. Dá bhrí sin, bheadh an fhorbairt bheartaithe ar neamhréir na pleanála cuí agus fhorbairt inchothaithe an limistéir araon.

7

Seo a leanas conclúidí an uasail Brogan:

“Conclusion

51. To conclude, the proposed guesthouse and ancillary facilities will create employment opportunities for Irish speakers within the Gaeltacht and will also create opportunities for enhancing the range of sporting, cultural, educational and social events that can be hosted within the area. (t will, accordingly, have a positive impact on Irish language and culture in Rathcairn.

52. The residential component of the development will cater for local housing requirements and is in accord with the Development Plan's Core Settlement Strategy policies and objectives for the Village. The reservation of 50% of the residential units for daily Irish speakers will strengthen the use of the language in the village. The remaining houses are likely to be occupied by persons who have an affinity with the language, given the location of the houses within the core of the Rathcairn Gaeltacht community and the primacy of Irish as the first language of that community.

53. It is envisaged, therefore, that the development of the proposed guesthouse and the residential component of the overall development scheme will promote the use, viability and status of the Irish language in Rathcairn. The subject project is in accordance with the policies and objectives of the 20-Year Strategy for the Irish Language 2010–2030; The Action Plan 2018–2022 — 20 Year Strategy for the Irish Language 2010–2030; Project

Ireland 2040 — Building Ireland's Future — National Planning Framework; the Meath Gaeltacht Language Plan and the Meath County Development Plan 2013–2019. It, as a development; is in accordance with the proper planning and sustainable development of the area.”

8

Dhiúltaigh an Bord cead ar an 15 Meitheamh 2020 agus rinne an bord ordú abp-306489-20. Cuireadh achomharc isteach go luath maidir le leathanach 5 den chinneadh:

“Agus cinneadh a dhéanamh chun cead a dheonú don fhorbairt bhearthaithe thug an bord suntas leis, d'aineoinn chinneadh an Údaráis Phleanála chun diúltú don fhorbairt bheartaithe ar an mbonn nár léir an méid spéis oscailte phoiblí go raibh an t-údarás pleanála sásta go raibh an fhorbairt beartaithe de réir na forálacha zónála don tsráidbhaile agus go bhféadfai díriú ar an tionchar a mbeadh ag an bhforbairt bheartaithe ar an oidhreacht teangeolaíochta agus cúltúrtha trí fhógra an iarratasóra go gcoimeádfaí 20% de na tithe do chainteoirí Gaeilge srl.”

Leanann siad ar aghaidh:

“Faoi réir choinníoll a chur san áireamh chun an cheist seo a réiteach go sásúil, mheas an Bord go mbeadh an fhorbairt bheartaithe de réir na gcuspóirí zónála agus ina croí-straitéis go gcuirfidh sé le beogacht agus le hinbhuaine an tsráidbhaile Gaeltachta trí thithíocht a chur ar fáil do chainteoirí dúcháis agus mar sin nach mbeadh aon tionchar suntasach diúltach ag an nGaeilge ná ar an nGaeltacht.”

9

Cuireadh litreacha chuig an Rannóg Phleanála ó Chomharchumann Ráth Cairn Teo ar na dátaí seo a leanas: 21 Samhain 2019 (2), 8 Bealtaine 2019 (agus leis an litir sin tá litir ó an t-Uasal Ó Cróinín den dáta céanna le cóip d'aighneachtaí Chomharchumann Ráth Cairn i gcoinne iarratas phleanála, agus aighneacht Chomharchumann Ráth Cairn i ndáil le hachomharc 306489-20). Ag seo a leanas, sliocht as an litir sin:

“Cú lra

Bunaíodh Comharchumann Ráth Chairn sa bhliain 1935 le cúram a dhéanamh de ghníomhaíochtaí éagsúla agus d'fhorbairt pobail sa gceantar. Bíonn an Comharchumann ag reáchtáil cúrsaí Gaeilge do dhaoine óga agus d'fhoghlaimeoirí fásta, féilte, comórtais, imeachtaí sóisialta agus eile, agus cuirtear seirbhísí éagsúla ar fáil ó ionad an Chomharchumainn, siopa, caifé agus teach ósta ina measc.

Sa mbliain 2007, foilsíodh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (SCT), a choimisiúnaigh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. léiríodh sa tuarascáil sin a leochailí is a bhí staid na Gaeilge an t-am sin (Ó Giollagáin et al., 2007a: 149–55), agus moladh na toghranna Gaeltachta a rangú i gcatagóirí éagsúla a mhínítear anseo thíos:

Catagóir

%

Cainteoirí

Laethúla Gaeilge

Míniú de réir an SCT:

A

67.0 +

‘Léirítear san anailís seo go dtagann laghdú tobann ar úsáid na Gaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail nuair a thiteann líon na gcainteoirí laethúla i gceantar faoi bhun na teorann seo.’ (2007a: 146–7)

B

44.0 – 66.9

‘Nuair a thiteann líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gceantar faoi bhun na teorann seo léiríonn an fhaisnéis gur gnás imeallach atá in úsáid na Gaeilge ó thaobh nósanna teaghlaigh agus pobail de’ (ibid., 147).

c

0.0 – 43.9

‘Cuimsíonn an chatagóir seo an líon is mó toghrann agus daonra de na trí chatagóir seo.’ (ibid.)

An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030

Rinneadh athdhearbhú ar dhearcadh agus ar aidhm an Rialtais i leith na Gaeilge sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030, a foilsíodh in 2010. Cuirtear béim mhór ar sheachadadh institiúideach na Gaeilge sa Straitéis (2010: 11–9), ach ó thaobh na Gaeltachta de, deirtear go bhfuil ‘aird á tabhairt’ ar mholtaí an SCT (ibid., 5) agus dearbhaítear go ‘[d]tosófar próiseas pleanála teanga agus [go n]déanfar plean teanga a ullmhú ag leibhéal pobail do gach ceantar Gaeltachta’ (ibid., 20).

Achtaíodh Acht na Gaeltachta, 2012 chun bonn reachtúil a chur faoin bpróiseas pleanála teanga sin i measc forálacha eile.

Acht na Gaeltachta, 2012 agus an Próiseas Pleanála Teanga

I measc forálacha eile, cuireann Acht na Gaeltachta 2012...

To continue reading

Request your trial

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT