Monachain v an Taoiseach

JurisdictionIreland
Judgment Date01 January 1998
CourtHigh Court
ó Monachain
and
An Taoiseach
(A.C., C.U.)

- Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 - Forléiriu - "Sa mhéid gur féidir é agus gach ní a bhaineann leis an scéal d'áireamh" - Pé acu an bhfuil dualgas ar bhreitheamh dúiche ata ceaptha do dhúthaigh ina bhfuil liomatáiste go bhfuil an Ghaeilge in úsáid ghenerálta ann cúis a éisteacht in éamais conganta ó fhear teangan - Pé acu dualgas iomlan ar an Rialtas breitheamh a ceapadh go mbeadh oiread eolais ar an nGaeilge aige agus a chuirfeadh ar a chumas cuis a stiuriu as Gaeilge i gceantar Gaeltachta - Pé acu dualgas ar bhreitheamh dúiche a ceapadh do dhúthaigh ina bhfui liomatáiste ina bhfuil an Ghaeilge in úsaid ghenerálta cuis ar bith a stiuriu i nGaeilge - Acht Cuirteanna Breithiunais, 1924, alt 71.

Forálann alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, mar seo leanas:- "Sa mhéid gur féidir é agus gach ní a bhaineann leis an scéal d'áireamh, beidh ag an mBreitheamh den Chúirt Dúithche, a ceapfar do Dhúthaigh ina bhfuil líomatáiste ina bhfuil an Ghaedhilg in úsáid ghenerálta, oiread eolais ar an nGaedhilg agus chuirfadh ar a chumas déanamh in éamais conganta ó fhear teangan agus fianaise á tabhairt sa teangain sin." Forálann alt 52 (1) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961, mar seo leanas:- "Déanfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche, arna iarraidh sin air d'aon duine a éisteadh in aon imeachtaí ar bith ós a chomhair(seachas imeachtaí maidir le cion indíotáilte nach bhfuil á thriail go hachomair ag an gcúirt), mura rud é gur dóigh leis gurb iarratas suaibhreosach é, agus féadfaidh sé (gan a iarraidh air), aon cheist dlí a eireóidh sna himeachtaí sin, a chur faoi bhráid na hArd-Chuirte, lena cinneadh." Cúisíodh an gearánaí sa Chúirt Dúiche sa Bhun Beag, ceantar Gaeltachta i gContae Dhún na nGall, ar an 2ú lá feabhra, 1976, ós comhair an Bhreithimh Dúiche Patrick Keenan Johnson faoi fhorálacha alt 24 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt) 1963, a shárú. Comhairle Chontae Dhún na nGall a chuir an t-ionchúiseamh ar bun. D'fhógair atúrnae an Chomhairle Chontae gur i mBéarla a bhí sé leis an ionchúiseamh a chur i láthair na cúirte. Dúirt an Gearánaí gur theastaigh uaidh gur as Gaeilge a dhéanfaí an chúis d'éisteacht agus go mbeadh breitheamh ina bhun a bheadh ar a chumas an fhianaise a thuiscint gan cabhair ó fear teangan de réir ailt 71 den Acht Cuirteanna Breithiunais, 1924. Shocraigh an Breitheamh úsáid a bhaint as ateangaire. D'iarr an Gearánaí ansan go gcuirfí an chúis ar athló go dtí...

To continue reading

Request your trial

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT