Teoiric Na Gceart Neamhshonraithe

AuthorÉamon Mac Créabháin
PositionBCL (Dlí agus Gaeilge) III, UCC
Pages85-91
TEOIRIC NA GCEART NEAMHSHONRAITHE
Éamon Mac Créabháin*
De thoradh theoiric na gceart neamhshonraithe, bíonn na cúirteanna
ag tabhairt aitheantais do shraith de chearta tábhachtacha a bhíodh gan
aitheantas faoi Bhunreacht na hÉireann roimhe sin; ach mar sin féin,
baineann aistarraingtí móra léi freisin maidir leis an éiginnteacht a
chruthaíonn sí agus an méid roghanna a thugann sí don Breithiúntacht.
A RÉAMHRÁ
Réimse dlí amháin a spreagann suim an-mhór i ndlíodóirí agus i lucht
léinn an dlí ná Airteagal 40 agus teoiric na gceart neamhshonraithe. Tugadh
an teoiric isteach agus rinneadh forbairt uirthi sna 1960í. Ag an am sin bhíodh
breithimh an-chruthaitheacha agus an-dinimiciúla ar ról na cúirte uachtaraí.
Roimhe sin, bhíodh an dlí, agus go mór mhór an dlí bunreachtúil,
léirmhínitheach seachas cruthaitheach agus mar sin, thainig tréimhse de
ghníomhaíocht bhreithiúnach chun cinn i stair dhlí na hÉireann as an gcur
chuige cruthaitheach liobrálach, raidiciúil nua sin.
Ní bhíodh an cur chuige nua sin gan cháineadh áfach. Bhíodh dlíodóirí
agus lucht léinn coimeádach sceiptiúil i léith na teoirice. Cheap said go
mbeadh sí ro-sholúbtha, go gcumfaí cearta dá barr nár thuig scríbhneoirí
Bhunreacht na hÉireann agus nár shamhlaíodar a bheith san áireamh in
Airteagal 40.3.
Pléifidh mé na nithe seo a leanas san aiste seo: tús na teoirice, forbairt
na teoirice, na fadhbanna a bhaineann leis an teoiric agus an teoiric agus an
todhchaí.
B TÚS NA TEOIRICE
I gcás an speictream leathan ceart atá aitheanta faoin teoiric anois a
bheith faoi dhióspóireacht, is é cás Ryan1 an pointe tosaigh loighciúil. Chaill
an gearanaí an cás de réir na fianaise, ach mar sin féin tá an cás sin fíor-
thábhachtach fós mar ba é sin an chéad chás inar thug an chúirt uachtarach
aitheantas don teoiric agus inar ghlac sí leis go raibh cearta ag an ngearanaí
faoi 40.3.1º nach raibh luaite go sonrach san Airteagal; an ceart chun iomláine
choirp, an ceart chun saorghluaiseachta sa stát agus an ceart chun pósta.
Chuir Kenny B tús leis an teoiric san Ard-Chúirt: ‘[P]ersonal rights …
are not confined to those specified in Article 40, but include all those rights
which result from the Christian and democratic nature of the state.’2 Lean sé
air: ‘[T]he words ‘in particular’ … indicate that the guarantee is not confined to
the rights specified in Article 40 but extends to other personal rights of the
citizens.’3
85
* BCL (Dlí agus Gaeilge) III, UCC
1 Ryan v Attorney General [1965] IR 294.
2 [1965] IR 294, 313.
3 ibid 314.

To continue reading

Request your trial

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT