Ni Cheallaigh v tAire Comhshaoil
Jurisdiction | Ireland |
Judge | Mbreitheamh R. Ó Hanluain |
Judgment Date | 01 January 1998 |
Court | High Court |
Docket Number | Uimhir 183/JR/1990 |
Date | 01 January 1998 |
Uimhir 183/JR/1990
AN ARD-CHÚIRT
Athbhreithniú
Breithiúnas arna tabhairt ag an Mbreitheamh R. Ó Hanluain an 4ú lá Meitheamh, 1992.
Sa chás so éilíonn an tlarratasóir go bhfuil Na Rialacháin um Fehithiclí Bóthair (Treoir-Mharcanna) (Leasu), 1986, (Ionstraim Reachtúil Uimhir 445 de 1986) neamh-bhailí de bhárr sárú a déantar ar fhorálacha Airteagail 8 de Bhunreacht na hÉireann.
Leagtar síos san Ionstraim Reachtúil na Treoir-Mharcanna is gá a úsáid do feithiclí bóthair. Tá treoir-mharc fé leith le húsáid ag an Údarás Ceadnúcháin i Contae. Socraíodh go mbainfí úsáid as litreacha go bhfuil baint acu le hainm an chontae, ach toghadh i ngach cás litreacha a bhaineann leis an leagan Béarla den ainm — mar shompla, toghadh na litreacha KY mar threoir-mharc do feithiclí abhí le clárú i gContae Chiarraí.
Chonnacthas don Iarratasóir go rabh dísbeagadh aindleathach dá dhéanamh ar an nGaeilge agus ar stádas na Gaeilge fén mBunreacht mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit do réir foralácha Airteagail 8 den mBunreacht, nuair nár tugadh rogha ar bith don phobal treoir-mharc a bhéadh bunaithe ar leagan Ghaeilge ainmneacha na gcontaethe do roghnú nuair a bhéadh feithicil le clárú don chéad uair.
Ar an ábhar sin do dhiúltaigh sí glacadh le treoirmharc dá gluaisteán abhí le clárú i mBaile Átha Cliath, muna gceadófaí di na litreacha "BAC" d'úsáid in áit na litre "D" fé mar bhí leagtha síos san Ionstraim Reachtúil agus bhain sí úsáid as plátaí cúil agus tosaigh ar an ngluaisteán leis na litreacha "BAC" curtha in áit "D" orthu. Cúisíodh í sa Chúirt Dúiche ar an 27ú lá Aibreán, 1990, agus ciontaíodh í as gan an treoir-mharc cuí a bheith ar thaispeánt aici, agus gearradh fíneáil £10 uirthi i ngach cás den dá chúisiú a bunaíodh ina coinne.
Ins na himeachta atá anois os comhair na Cúirte, iarrann sí faoiseamh i bhfoirm Ordú Certiorari leis an mbreith sin do chur ar neamhní. Thairis sin, iarrann sí go ndearbhódh an Chúirt go bhfuil sé de cheart ag an Iarratasóir scéim treoir-mharcanna bunaithe ar leagan Ghaeilge ainm an Chontae agus na cathrach ina bhfuil cónaí uirthi, a bheith ar fáil di, nuaír a bhíonn iachall uirthi de réir dlí gluaisteán dá chuid a chlrú sa chontae agus sa chathair sin.
Seo leanas téacs Airteagail 8 den mBunreacht —
-
1. Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta, is í an phríomhtheanga oifigiúil í.
-
2. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.
-
3. Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d'fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina...
To continue reading
Request your trial-
O Beol in v Fahy
... ... DSC 1997 SI 93/1997 DELAP V MIN FOR JUSTICE 1980–1998 IR (SR) 46 NI CHEALLAIGH V AN TAIRE COMHSHAOIL 1980–1998 IR (SR) 122 CONSTITUTION ART 25 CONSTITUTION ART 8 ... ...
-
Ó Conaire v Breitheamh Dúiche Mac Gruairc and Others
... ... v MIN FOR JUSTICE & AG 1980-1998 IR (SR) 46 1980-1998 IR (SR) 116 1990/6/1613 NI CHEALLAIGH v MIN FOR ENVIRONMENT & ORS 1980-1998 IR (SR) 52 1980-1998 IR (SR) 122 AG v COYNE & WALLACE ... Fahy [2001] 2 I.R. 279 ... Bhraith sé freisin ar Delap v. An tAire Dlí agus Cirt (1980-1998) T.É. 46, Ní Cheallaigh v. An tAire Comhshaoil (1980-1998) T.É. 52 ... ...