Taighde baoth

Published date15 April 2024
Publication titleIrish Times (Dublin, Ireland)
B’é taighde é sin ná an ceann a dhein John Fitzgerald agus Edgar Morganroth a léirigh, dar leo, go gcosnódh athaontú an oileáin (gan trácht ar Thoraigh, ar Reachlainn, ar na hÁrannachaí, ar Inis Bigil, ar na Blascaoid bheannaithe ná Béarra, ar Gharinis agus ar Gharmna, ar Sceilg Mhichíl agus ar Sceilg na Scannán, ar eagla go ndéanfaí leathcheal ar oileán ar bith) suas is anuas le fiche billiún d’airgead Ursula von der Leyen in aghaidh na bliana sa chás is go nascfaimis le chéile arís uair éigin amach anseo ar maidin

B’fhéidir go bhfuil an ceart acu, nó b’fhéidir go gcosnódh sé a dhá oiread, a thrí oiread sin.

Nach cuma, agus nach róchuma?

Chum James Carville, comhairleoir Bill Clinton, nath a leathnaigh ó shin agus ar geall le halt creidimh é ag a lán: ‘Is í an eacnamaíocht í, a éagain!’

Ní hí an eacnamaíocht í, a éagain, ar ais! Is cuimhin linn go léir, sinne atá níos críonna ná na trioblóidí, an mana simplí a bhíodh ann, ‘dá mbeimis (is é sin, an phoblacht, na sé chontae fichead, an saorstát) níos saibhre, níos rafaire, níos raimhre airgead ná iad siúd eile (an Tuaisceart, na sé chontaetha, Uladh thoir thuaidh) go mbeadh a mbundún Oráisteach á gcur amach acu gabháil isteach linne!’ Bhuel, tá an taobh ‘ó dheas’, níos fearr as go mór is go fada le glúin nó le dhá ghlúin anuas agus ní léir aon ghluaiseacht shimplí aontachtach anoir aduaidh i dtreo ceangail leis an deisceart in ainneoin go bhfuilimid níos fearr as feoirling ar fheoirling, euro ar euro, punt an rí ar phunt an rí. Dá ainneoin sin is uile, ní léir go bhfuil oiread sin...

To continue reading

Request your trial

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT