Delap v Min Justice

JurisdictionIreland
JudgeRuairíÓ'hAnluain,
Judgment Date01 January 1998
Neutral Citation1990 WJSC-HC 1613
Docket NumberJR Uimh. 319/1989
CourtHigh Court
Date01 January 1998
DELAP v. MIN JUSTICE
IDIR:
ANTOIN DELAP
IARRATAS ÓIR
AGUS
AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT, ÉIRE AGUS AN tARD AIGHNE
FREAGR ÓIRÍ

1990 WJSC-HC 1613

JR Uimh. 319/1989

AN ÁRD-CH ÚIRT

Synopsis:

CONSTITUTION

Personal rights

Language - Irish - Use - Rules of court - Rules published in English - Solicitor entitled to translation in Irish - (1989/319 JR - O'Hanlon J. - 13/7/90)-[1980–1998] IR (SR) 116

|Delap v. Minister for Justice|

IRISH LANGUAGE

Use

Rules of Court - Publication - English used - Solicitor - Irish version unobtainable - State obliged to provide Irish version - (1989/319 JR - O'Hanlon J. - 13/7/90)-[1980–1998] IR (SR) 116

|Delap v. Minister for Justice|

PRACTICE

Rules of Court

Language - Litigant - Rights - Denial - Rules published in English - Applicant entitled to Irish version - Rules of the Superior Courts, 1986 - Rules of the Superior Courts (No.1), 1989 - Constitution of Ireland, 1937 Articles 8, 25, 40 - (1989/319 JR - O'Hanlon J. - 13/7/90)-[1980–1998] IR (SR) 116

|Delap v. Minister for Justice|

Citations:

RSC O.15

RSC (NO 1) 1989 O.14

COMPANIES (AMDT) ACT 1982 S3

COMPANIES ACT 1963 S5

MAC FHEARRAIGH, AN STAT V MAC GAMHNIA UNREP HIGH 1.6.83

O MURCHU V CLARAITHEOIR NA GCUIDEACHTAI UNREP HIGH 20.6.88

AG V COYNE & WALLACE 101 ILTR 17

CONSTITUTION ART 8.1

CONSTITUTION ART 8.2

CONSTITUTION ART 8

CONSTITUTION ART 8.3

ROAD TRAFFIC ACT 1933 S55

CONSTITUTION ART 25.4.4

RSC O.125 r3

O FOGHLUDHA V MCCLEAN 1934 IR 469

ROAD TRAFFIC ACT 1933

1

Breithiúnas a thug an Breitheamh RuairíÓ'hAnluain, an 13ú lá Iúil, 1990.

2

Sa chás so, éilíonn an tIarratasóir an faoiseamh seo leanas in aghaidh na bhFreagróirí:-

"(1) Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na Freagróirí a ainmnítear sa chéad agus sa dara áit ins na himeachta so, tiontú oifigiúil d'Ionstraim Reachtúil Uimhir 15 de 1986, (dá ngairmthear "The Rules of the Superior Courts" sa Sacs-Bhéarla orthu) a chur ar fáil sa phríomh-teanga oifigiúil don phobal fré chéile, ar a n-áirítear an tIarratasóir, gan a thuilleadh moille a dhéanamh ina leith san.

(2) Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na Freagróirí céanna Ionstraim Reachtúil Uimhir 14 de 1989 (dá ngairmthear "Rules of the Superior Courts (No. 1)" orthu sa Sacs-Bhéarla) a chur ar fáil sa phríomh-theanga oifigiúil don phobal fré chéile, ar a n-áirítear an tIarratasóir, gan a thuilleadh moille a dhéanamh ina leith san.

(3) Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na Freagróirí céanna tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil éile (pé ceann é) ag an am chéanna nó chomh luath agus is féidir san a dhéanamh taréis Riail ar bith de chuid na gCúirteanna Ard-Chéime a thabhairt i bhfeidhm de reir dlí d'fhonn é a bheith ar fáil don phobal fré chéile, ar a n-áirítear an tIarratasóir san ábhar seo.

(4) Ordú Mandamus le tabhairt ar na Freagróirí tiontú oifigiúil d'Ionstraim Reachtúil Uimhir 15, 1986, (dá ngairmthear "The Rules of the Superior Courts" sa Sacs-Bhéarla) agus a tháinig i bhfeidhm ar an gcéad lá de Dheireadh Fomhair 1986, a chur amach sa phríomh-theanga oifigiúil, le go mbéadh fáil ag an Iarratasóir air ar an ngnáth-bhealach gan a thuilleadh moille a dhéanamh.

(5) Ordú Mandamus le tabhairt ar na Freagróirí tiontú oifigiúil d'Ionstraim Reachtúil Uimhir 14, 1989, (dá ngairmthear "Rules of the Superior Courts (No. 1) 1989" orthu sa Sacs-Bhéarla) agus a tháinig i bhfeidhm ar an chéad lá de mhí Feabhra 1989, a chur amach sa phríomh-theanga oifigiúil, le go mbeidh fáil ag an Iarratasóir air ar an ngnáth-bhealach, gan a thuilleadh moille a dhéanamh."

3

"Sé tá i gceist ná an deacracht atá ag cur as don Iarratasóir, Aturnae go bhfuil oifig aige i mBaile Átha Cliath, agus do Aturnaethe eile agus a gcuid cliant, gur mian leo cúrsaí dlí ins na Cúirteanna Ard-Chéime do reachtúil as Gaeilge, toisc nach bhfuil aon leagan Gaeilge de Rialacha na gCúirteanna Ard-Chéime ar fáil acu. Dar leis an Iarratasóir, tá dualgas fén Bhunreacht ar an Stát an leagan Gaeilge san do chur ar fáil ionas go mbeidh an dream daoine gur mian leo a gcuid pléadála do dhéanamh as Gaeilge ar chomh-chéim leis an gcuid eile den phobal. Séanann na Freagróirí go bhfuil aon dualgas do réir dlí ar an Stát aistriúchán do chur ar fáil, agus deireann siad go bhfuiltear i mbun aistriúchán do sholáthar ainneoin gan dualgas ar bith do bheith orthu sin do dhéanamh.

4

Tá dhá bhreithiúnas tugtha cheana agam maidir le húsáid na Gaeilge i gcúrsai dlí, agus chítear dhom nach gá dhom a bhfuil ráite iontu i dtaobh na ceiste do rá aris sa bhreithiúnas so. Is iad sin - An Stát (ar ionchúiseamh Phádraig Mac Fhearraigh) v Muiris Mac Gamhnia, (1 Meitheamh, 1983) agus Helen Ó Murchú v Cláraitheoir na gCuideachtaí agus an tAire Tionscail agus Tráchtála, (20 Meitheamh, 1988). Ins an tarna cás, Helen Ó Murchú,"sé bhí i gceist náéileamh a rinne an tIarratasóir go gcuirfí ar fáil di leagan Gaeilge des na foirmeacha nach fuláir a úsáid nuair is éigean do dhuine forálacha Alt 3 de Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1982 nó Alt 5 de Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1963, do chomhlíonadh.

5

De bhun na bhforas a luaitear san mbreithiúnas san bhíos den bharúil go rabh dualgas ar an Stát an leagan Gaeilge abhí dá lorg ag an Iarratasóir sa chás san do chur ar fáil di.

6

Chítear dhom go bhfuil stáid an Iarratasóra sa chás so ar aon dul, ar alán bhealach, le stáid an Iarratasóra sa chás thuas-luaite, agus ar an gcéad radharc go mbéadh an faoiseamh céanna tuillte ag an Iarratasóir sa chás so is abhí le fáil ag an Iarratasoir, Helen Ó Murchú, sa chás a luadh.

7

Mar fhreagra ar an argóint sin, áfach, do dhírigh an tUasal Ó Caoimh, Abhcóide thar cheann an bhFreagróirí, aire na...

To continue reading

Request your trial
4 cases
  • Éamonn éamonnÓ Gríbín ó gríbín v an Chomhairle Mhúinteoireachta and Others
    • Ireland
    • High Court
    • 1 January 2008
    ... ... Ó BEOLÁIN v FAHY 2001 2 IR 279 KELLY IRISH CONSTITUTION 3ED 2003 383 CONSTITUTION ART 40 CONSTITUTION ART 8 DELAP IN AGHAIDH Ó MURCH Ú 1980-1998 TUAIRISCÍÉIREANN TUAIRISCÍ SPEISIALTA 46 OFFICIAL LANGUAGES ACT 2003 S7 O MURCHU v CLARAITHEOIR NA ... ...
  • Ó Conaire v Breitheamh Dúiche Mac Gruairc and Others
    • Ireland
    • High Court
    • 1 January 2010
    ... ... ART 8 MAC FHEARRAIGH, STATE v MAC GAMHNIA 1980-1998 IR (SR) 29 1980-1998 IR (SR) 99 O BEOLAIN v FAHY & ORS 2001 2 IR 279 DELAP v MIN FOR JUSTICE & AG 1980-1998 IR (SR) 46 1980-1998 IR (SR) 116 1990/6/1613 NI CHEALLAIGH v MIN FOR ENVIRONMENT & ORS 1980-1998 IR (SR) 52 ... ...
  • O Beol in v Fahy
    • Ireland
    • Supreme Court
    • 4 April 2001
    ... ... O BEOLÁIN APPLICANT/APPELLANT AND DISTRICT JUDGE MARY FAHY, THE DIRECTOR OF PUBLICPROSECUTIONS, THE MINISTER FOR JUSTICE EQUALITY AND LAW REFORM. IRELANDAND THE ATTORNEY GENERAL RESPONDENTS [2001] IESC 37 ... McGuinness, J ... 1961 S49(3) ROAD TRAFFIC ACT 1961 S49(6)(a) ROAD TRAFFIC ACT 1994 S10 ROAD TRAFFIC ACT 1995 DSC 1997 SI 93/1997 DELAP V MIN FOR JUSTICE 1980–1998 IR (SR) 46 NI CHEALLAIGH V AN TAIRE COMHSHAOIL 1980–1998 IR (SR) 122 CONSTITUTION ART 25 ... ...
  • O Murchu (respondent/ applicant) v an Taoiseach (appellant/ respondents)
    • Ireland
    • Supreme Court
    • 6 May 2010
    ... ... , THE MINISTER FOR SOCIAL, COMMUNITY AND FAMILY AFFAIRS, THE MINISTER FOR ARTS, HERITAGE, GAELTACHT AND THE ISLANDS, THE MINISTER FOR JUSTICE, EQUALITY AND LAW REFORM, THE MINISTER FOR TOURISM, SPORT AND RECREATION, THE MINISTER FOR EDUCATION AND SCIENCE, IRELAND AND THE ATTORNEY GENERAL ... in court in national language - Ó Beoláin v Fahy [2001] 2 IR 279 applied; Attorney General v Coyne and Wallace (1967) 101 ILTR 17 and Delap v Minister for Justice (1996) TÉ 116 considered - Constitution of Ireland 1937, Articles 8 and 25.4 - Defendants' appeal allowed (2005/92 - SC - ... ...

VLEX uses login cookies to provide you with a better browsing experience. If you click on 'Accept' or continue browsing this site we consider that you accept our cookie policy. ACCEPT